LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Iarracht déanta ag ‘The Informer’ an t-aicsean a shníomh leis an drámaíocht

Cé nach bhfuil sé gan a mhaitheasaí níl aon bhaol ann go maífeadh éinne gur mórshaothar é a mbeidh lucht na ngradam ag sodar ina dhiaidh

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Iarracht déanta ag ‘The Informer’ an t-aicsean a shníomh leis an drámaíocht

The Informer
Stiúrthóir: Drea Di Stefano
Cliar: Joel Kinnaman, Rosamund Pike, Common, Clive Owen, Ruth Bradley, Anna de Armas

Aithneoidh siad siúd a bhfuil dúil sna scannán aicsin acu Joel Kinnaman óna ról sa leagan nua de RoboCop (2014). Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis mar aisteoir agus gur tharraing sé aird ar féin le taispeántais ábalta sna sraitheanna Altered Carbon, House of Cards agus an leagan Meiriceánach de The Killing. Déanann an táirge seo iarracht a theacht i láthair fisiciúil agus a mhianach aisteoireachta a chniotáil le chéile.

Scéinséir, drámaíocht agus saothar aicsin in éineacht é an saothar seo, agus cé nach bhfuil sé gan a mhaitheasaí níl aon bhaol ann go maífeadh éinne gur mórshaothar é a mbeidh lucht na ngradam ag sodar ina dhiaidh.

Tá an scannán bunaithe ar úrscéal coireachta ó údair Shualannacha agus sé an t-ábhar díomá is mó a bhí agam ná nach bhfuil aon rud úrnua ag baint le struchtúr an scéil ná na carachtair éagsúla a chuirtear os ár gcomhair. Tá’s againn cá bhfuil ár dtriall ón tús.

Fear é Pete Koslow (Kinnaman) a dhein gaiscí in arm Mheiriceá mar shnípéir ach a ciontaíodh as dúnorgain i dteach tábhairne agus é ag cosaint a mhná céile. Is leor sin le cur in luí orainn gur duine calma tiufáilte é ar imir an saol cos ar bolg air. Roimh eachtraí an scannáin seo bhí gníomhairí uaillmhianacha, slítheánta, cruachroíocha le Pike agus Owen imithe an príosún chuige len é a chur ag obair fé rún dóibh le buíon coirpeach Pholannach. Bithiúnaigh aontoiseacha fhiáine iad seo a bhíonn ag gnúsachtach agus ag rámhaillí i ngach radharc dá gcuid. 


 

Tá go maith agus níl go holc go dtí go maraítear, in ainneoin iarrachtaí Koslow, póilín de chuid an NYPD atá ag obair fé rún é féin. Tá an súiche sa phota agus an brachán millte anois. Ordaíonn piarda na bPolannach do Koslow a pharúl a shárú le go gcuirfí ar ais i bpríosún é agus go mbeadh sé ann an margadh drugaí a stiúradh. Bagraíonn sé foréigean ar a bhean agus a iníon. Carachtar aontoiseach, seanchaite eile is ea an bhean, Sofia (de Armas).

Is breá leis an FBI an smaoineamh céanna mar go mbeidh Kaslow in ann fianaise a bhailiú. Tá sé idir dhá thine acu agus filleann sé ar an bpríosún. Ní nach ionadh is léim ón tine chun na gríosaí atá anseo dár laoch beagfhoclach misniúil seiftiúil. Ní fada nó go bhfuil sé i ngalar na gcás agus go gcaitheann sé rudaí a ghlacadh as láimh.

I rith an ama tá Grens (Common) póilín diongbháilte ait de chuid an NYPD ag iarraidh fáil amach cad a tharla dá chomhghleacaí.

Ábhar iontais dom gur éirigh leis an lucht déanta cliar chomh haitheanta sin a earcú, agus cuid acu i róil atá neafaiseach go maith. Éiríonn le Kinnaman carachtar téagartha go maith a chur os ár gcomhair. Déanann Owen, Common agus Pike a gcúraimí go slachtmhar ach ní thugann an scríbhinn a ndúshlán riamh.

Saothar é seo a dhéanann iarracht stuama an t-aicsean a shníomh leis an drámaíocht.  Is mór an trua go bhfuil an scéal agus na carachtair chomh seanchaite sin.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Iarracht déanta ag ‘The Informer’ an t-aicsean a shníomh leis an drámaíocht'