LÉIRMHEAS: Saothar machnamhach faoi éan corr i measc na bPoncánach

Insíonn I’m No Longer Here scéal cadhan aonair nach dtéann a chroí leis an gcathair, na daoine ná an cultúr atá ina thimpeall.

LÉIRMHEAS: Saothar machnamhach faoi éan corr i measc na bPoncánach

I’m No Longer Here

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Fernando Frias

Cliar: Juan Daniel Garcia Treviño, Xueming Angelina Chen, Coral Puente, Leo Zapata

Deir scríbhneoireacht ar scáileán linn ag tús an scannáin seo gur eascair an ghluaiseacht frithchultúir ‘Kolombia’ as an dúil mhíchuibheasach a bhí ag dream áirithe daoine in oirthuaisceart Mheicsiceo, cathair Monterrey ach go háirithe, i gceol agus i ndamhsa Cumbia.

Tá an déagóir seacht mbliana déag Ulises (Treviño) ina cheann feadhna ar Los Terkos (stubarnáltacht sa Spáinnis); drong sráide do dhéagóirí óga. Lena n-éadaí móra scaoilte agus a stíleanna sainiúla gruaige caitheann siad a saol le ceol agus damhsa Cumbia. Tá an foréigean, an chorraíl agus an bochtanas ina dtimpeall ach ar shlí tá siad beag beann ar an ngruaim sin. Cé nach leasc leo pinginí a bhaint dá gcomhghleacaithe scoile le bagairt na láimhe láidre is buíon neamhurchóideach go maith iad.

Lá de na laethanta, áfach, tagann cor cinniúnach i saol Ulises nuair a tharlaíonn míthuiscint faoi eachtra lámhaigh agus go mbíonn an bhuíon dhainséarach áitiúil sa tóir air dá bharr. Bíonn air dul ar a theitheadh go Meiriceá gan pingin rua ina phóca.

Jackson, Queens i Nua-Eabhrac a cheann scríbe agus is fada ón aisling Mheiriceánach a shaol ansiúd. Tá sé i gcathair choimhthíoch i bhfad óna chairde is a mhuintir, níl focal Béarla aige agus é scoite ón gceol is an damhsa is ansa leis.

Bíonn a leathbhádóirí Latino atá in aon tíos agus post leis ag magadh faoi fiú. Slaiseanna á gcaitheamh leis de shíor agus iad ag rá go tarcaisneach nach bhfuil aon oidhre air féin agus a stíl ghruaige ach duine a mbeadh sicín ar a cheann aige. Is préachán i measc na bpéacóg é gan aon agó.

Imíonn sé uathu agus éalaíonn sé isteach i scioból i mbarr foirgnimh mar a bhfuair a bhas tairiscint le tabhairt faoi obair chothabhála.

Déanann sé cairdeas, de shaghas, le Lin (Chen), gariníon úinéir an fhoirgnimh. Níl aon Spáinnis ag an gcailín geanúil seo agus is beag cumarsáid le dealramh a dhéanann siad. Déantar scéal mhadra na n-ocht gcos de na comhráite ciotacha seo idir an bheirt, duine acu ag labhairt i mBéarla, an duine eile i Spáinnis agus gan aon tuiscint acu ar a chéile. An é nár chuala ceachtar don bheirt acu faoi Google Translate?

Cé go raibh cuid de na taispeántais lag mínádúrtha éiríonn le Treviño taispeántas inchreidte go maith a thabhairt uaidh mar Ulises.

Is duine beagfhoclach, dúnéaltach, machnamhach é agus cuirtear abhaile orainn arís is arís eile go bhfuil an ceol agus rince Cumbia de dhlúth agus d’inneach ann.

Ní leasc le meitheal an scannáin radharcanna fada ceoil is damhsa, gan chomhrá, a sholáthar dúinn agus is álainn an feic é Ulises agus é faoi lán seoil.

Cadhan aonair é ar an bhfód aduain agus ní théann a chroí leis an gcathair, na daoine ná an cultúr atá ina thimpeall.

Tá an nasc leis an bhfód dúchais róláidir.

Más bocht, más foréigneach, más gruama an áit é, is é an fód dúchais i gcónaí é, beidh air filleadh ar a dhúchas.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Saothar machnamhach faoi éan corr i measc na bPoncánach'