LÉIRMHEAS: Léirigh ‘El Cois Fharraigó’ nach aon díobháil don ‘Súil Eile’ a bheith an-logánta…

Bhí comhrac an bhradáin ag TG4 i staid an Phiarsaigh ach faraor is beag iomaíocht a bhí sa chomórtas a bhí faoi chaibidil ar Vóta 2018

Comhrac an bhradáin i measc na gcomharsan a bhí againn i staid an Phiarsaigh ar an Domhnach (cainéal YouTube TG4). Athimirt idir peileadóirí Mhícheál Breathnach agus an Spidéil tar éis dóibh críochnú ar chomhtharrac seachtain roimhe sin. El Cois Fharraigó baiste ag Mártan Ó Ciardha an tsuímh seo ar an gcúram agus an oiread spéise sa chluiche gur bheartaigh TG4 an athimirt a chraoladh ar líne. Cinneadh stuama.

Is mó de shuim a bhí agam féin sa chluiche seo ná i gcluiche ceannais iomána Chill Chainnigh a bhí á chraoladh ar an gcainéal féin. Agus mé ag imeacht ar líne bhíos ag cnáimhseán liom féin mar cheapas go mbeinn i dtaobh le fís amháin; nach orm a bhí an dul amú.

Duine ón dá thaobh den droichead a bhí againn sa bhosca tráchtaireachta; Aonghus Ó hEochaidh ó bhaile mór an Spidéil mar thráchtaire agus Mánas Ó Conghaile ón bparóiste níos faide siar mar leathbhádóir aige. Sceitimíní orthu beirt ach iad stuama, oibiachtúil ag an am céanna. Gaolta á gcur isteach agus nótaí beathaisnéisí suaithinseacha fite fuaite leis an tráchtaireacht agus anailís chaide. Níorbh é sin amháin é óir go raibh Seán Feeney, iar-imreoir de chuid na mBreathnach, earcaithe le hanailís ón taobh líne a sholáthar mar aon le scata daoine a chur fé agallamh. Ní cuileachta go dtí é.

Chríochnaigh an cluiche ar comhtharrac arís ach níor bhain sin aon bharrthuisle as an triúr. Seo le Seán isteach san ardán le muintir Chonamara a chur fé agallamh. Ar uairibh ba gheall le clár é a bhí dírithe go hiomlán ar phobal an dá pharóiste agus ní haon cháineadh é sin. Ba thrua, mar sin, go raibh cluiche ceannais chontae Chiarraí, ina raibh an baile mór Gaeltachta páirteach ann, fágtha go hiomlán in áit na leathphingine, gan trácht ar an cluiche ceannais idirmheánach a bhuaigh Cill na Martra i gCorcaigh. Dar liom nach dtagann an dá chinneadh sin le chéile, go háirithe agus tuairisc nuachta bhreá ag Nuacht TG4 dúinn i rith na seachtaine faoi chluiche mór an Daingin. Ní fhaca aon tuairisc nuachta ó Chill Chainnigh roimhré!

Bhaineas an-súp as El Cois Fharraigó, áfach. Léiríonn sé dúinn nach aon díobháil don ‘Súil Eile’ a bheith an-logánta, go mórmhór nuair a thagann deis mar seo chun cinn. 

Tá radharc ciúin, corraitheach amháin in Doing Money (RTÉ, Dé Domhnaigh) a fhanfaidh liom ar feadh i bhfad. Fad is atá ionsaí gnéis á dhéanamh ar sclábhaí gnéis i dtigh anaithnid i gceantar uirbeach tá áitritheoirí na sráide céanna ag tabhairt faoi ghnáthchúraimí an lae. Buachaill ag imirt lena chlár scátála, fear ag glanadh a chairte agus bean ag obair sa ghairdín. Sin ceann de theachtaireachtaí móra an scannáin teilifíse seo; ’sé sin go bhfuil an striapachas éigeantais timpeall orainn ach folaithe uainn.

Comhpháirtíocht idir an BBC agus RTÉ a dhein an táirge seo a sholáthar. Sa chéad radharc címid Ana (Anca Dumitra) á fuadach ó shráid i Londain agus á tabhairt go hÉirinn áit go gcaitheann sí oibriú mar striapach i gcoinne a tola. Is de bhunadh na Rómáine í féin agus a fuadaitheoirí agus tá bagairtí faoina máthair ar an bhfód dúchais á n-úsáid le hí a choinneáil i ngéibheann. I gcaitheamh an scannáin léirítear dúinn an bhrúidiúlacht agus foréigean a bhaineann leis an ‘tionscal’ seo. Cuirtear abhaile orainn nach bhfuil in iarrachtaí na bpóilíní dul i ngleic leis ach taoscadh farraige. Ábhar gránna atá idir chamáin anseo ach is saothar tábhachtach é a thugann éachtaint ar choiriúlacht fhoréigneach fholaithe na trádála gnéis.

Bíonn trua agam i gcónaí do thráchtairí spóirt, i gCumann Lúthchleas Gael go háirithe, nuair a bhíonn siad i mbun tráchtaireachta ar chluichí aontaobhacha. Rith an rása le foireann amháin agus gan ach nóimintí fánacha caite. Iad ar a gcroí díchill ag iarraidh anam éigin a choimeád sa chúram go séidtear an fheadóg dheiridh. Cur i gcéill agus snámh in aghaidh easa.

Samhlaíodh dom gurbh amhlaidh a bhí leis an gclúdach a deineadh ar lá comhairimh thoghchán na huachtaránachta. Cíoradh á dhéanamh ar chomórtas aontaobhach. Go deimhin bhí an toradh ar eolas againn sular thosaigh cadráil an tSathairn, fiú. Léirigh na pobalbhreitheanna le seachtainí anuas go dtabharfadh fear na Gaillimhe an svae leis agus go mbeadh tuairim is a dhá oiread vótaí aige is a bheadh ag na hiarrthóirí eile ar fad le chéile. Dhein pobalbhreitheanna tar éis vótála le RTÉ/Red C agus Irish Times/Ipsos MRBI an toradh céanna a thuar. Ba gheall le fíric é ag an bpointe sin. Bhí na meáin i ngalar na gcás agus an ola dhéanach á cur ar cheann de na feachtais is patuaire le cuimhne na ndaoine.

Dá bhrí sin fágadh meitheal an chláir Vóta 2018 (TG4, Dé Sathairn) san fhaopach. Ar lá mar seo tánn tú ag brath ar chomhrac an bhradáin a bheith idir iomaitheoirí leis an lucht féachana a choimeád ar tinneall. Bhí tuairisceoirí seolta ar fud na tíre: Ailbhe Ó Monacháin ó thuaidh, an Sítheach ó dheas, Sorcha Ní Mhonacháin sa Ghaillimh agus Ruairí Mac Con Iomaire i mBaile Átha Cliath. Lena chois sin ar fad bhí tuairisc ag Séamas Ó Scanláin a chaith súil siar ar an bhfeachtas. Bhí trua agam dóibh siúd a bhí sna hionaid chomhairimh mar bhíodar ag iarraidh síoda a bhaint de ghabhar. A chomharthaí sin ná nár deineadh ach aon dreas cainte amháin leo agus ní raibh ansin ach píosa beag ag tosach an chláir. Bhí an chuma ar an scéal go raibh a gcaipín caite ag lucht teailí, fiú, leis an gcúram. An t-aon rud suimiúil a bhí le sonrú sna figiúirí ná an líon mór vótaí a fuair Peter Casey.

Bhí meitheal bhreá bailithe isteach le dul i mbun cainte le Máire T. Ní Mhaidín sa stiúideo i mBaile na hAbhann; iar-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Eamon Gilmore, an tráchtaire Mairéad Ní Nuadháin, iarcheannaire Fhine Gael Alan Dukes, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus Toiréasa Ferris ó Shinn Féin. Tar éis an bhrisidh deineadh paistí cainte leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh agus an fear caidreamh poiblí Eoghan Ó Neachtain. Dhein an mheitheal ar fad a ndícheall an chaint a choimeád sa tsiúl le plé faoin líon mór vótaí (gan choinne) a fuair Casey, feachtas glic Uí Uigínn, cinneadh stuama/náireach Fhine Gael agus Fhianna Fáil gan éinne a chur san iomaíocht mar aon leis an tsuim a bhí (atá?) ag Ó Céidigh agus Ó Cuív sa phost.

Dhein TG4 a dhícheall ach ní féidir fuil a bhaint as práta. Ag súil lena thuilleadh ó TG4 ó thaobh cúrsaí a bhímse anseo de ghnáth, ach uaireanta bíonn blas ar an mbeagán.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Léirigh ‘El Cois Fharraigó’ nach aon díobháil don ‘Súil Eile’ a bheith an-logánta…'