LÉIRMHEAS: Bleachtairí turasóireachta TG4 ar thóir na n-iontas ceilte

Sraith bheag dheas í ‘Beidh Mé ar Ais’ a bhaineann macallaí as an gcuid is fearr de Nationwide

LÉIRMHEAS: Bleachtairí turasóireachta TG4 ar thóir na n-iontas ceilte

Ar na saolta deireanacha tá roinnt sraitheanna nua tagtha agus ag teacht ós na ceártaí a bhíonn ag sluaisteáil ábhar chuig TG4. An tseachtain seo a d’imigh tharainn cuireadh an chéad chlár de Beidh Mé ar Ais os ár gcomhair agus bhí an dara gála chugainn aréir.

Ag tús na sraithe cuireadh in iúl go húdarásach gurbh í 2017 an bhliain ab fhearr riamh ó thaobh na turasóireachta mar gur thug breis agus 10 milliún cuairt orainn, agus gur ghin an earnáil €5 billiún don gheilleagar. Ina ainneoin sin ’sí tuairim mheitheal na sraithe seo go bhfuil go leor láithreacha iontacha turasóireachta ag imeacht i ngan fhios ar fud an oileáin seo. Dá bharr sin is é a chuireann an tsraith seo roimpi ná camchuairt Éireann a thabhairt le teacht ar na ‘seoda rúnda’ seo. Mar chuid den gcúram táthar le treoir ar líne a chur ar fáil maidir leis na hiontais neamhchoitianta a thabharfar chun solais.

Tá Osgar Ó Ciardha agus Sinéad Ní Uallacháin earcaithe le bheith ina mbleachtairí turasóireachta agus sinn a thionlacan ar fud Éireann. Is láithreoirí caithiseacha, deisbhéalacha iad beirt agus tá splanc dheas eatarthu is iad ag caitheamh tharstu fad is a bhíonn siad ag tiomáint ar fud na tíre. Tá blianta fada caite ag Osgar in earnáil an fháilteachais, rud a fhágann go bhfuil tuiscint mhaith aige ag an gcúram agus tá Sinéad, duine de ghlúin óg fhuinniúil RnaG, ann le tuairim an ghnáthdhuine a thabhairt.

Mar chuid den chúram beidh moltaí chun feabhais á dtabhairt ag ár mbeirt turasóirí neamheaglacha do dhaoine a bhfuil gnóthaí turasóireachta acu, rud a mheabhródh dríodar cainte Francis Brennan duit. Mar gheall ar dhéanamh an chláir beidh formhór na rannpháirtithe ag labhairt i mBéarla agus iontas ann féin a bheadh ann a mhalairt a fheiscint ar TG4 faoin tráth seo.

Mar gheall go bhfuiltear ag tóraíocht láithreacha atá i bhfolach caithfear na hiontais mhóra a sheachaint agus taibhsíodh dom go raibh an tsraith ag iarraidh

an dá thrá a thabhairt léi ar uairibh agus leas a bhaint as seatanna leanúnacha (agus tagairtí uaireanta) do láithreacha mór-ráchairte cosúil le Sceilg Mhichíl, Sí an Bhrú, srl.

An tseachtain seo tugadh turas ar phríosúin Inis Píce, teach taibhsí in Inis Córthaidh, feirm mhadraí caorach agus ar an gcaisleán atá mar chaisleán Winterfell in Game of Thrones. An tseachtain seo caite deineadh camchuairt Father Ted i gContae an Chláir, tugadh cuairt ar mhúsaem míleata beag sa Chollann agus chuathas go Paróiste Eadargúil i gContae Mhaigh Eo mar a bhfuil páirc chuimhneacháin in ómós dóibh siúd a cailleadh ar an Titanic. Go deimhin deineadh dreas cainte leis an iarThaoiseach Enda Kenny agus gan amhras, ní fhéadfaí gan slais faoi chúrsaí caide a chaitheamh.

Meascán mearaí má bhí a leithéid riamh ann, cé nach bhféadfá a mhaíomh go bhfuil na láithreacha seo ar fad i bhfolach.  Sraith bheag dheas a bhaineann macallaí as an gcuid is fearr de Nationwide, agus ní haon cháineadh sin.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Bleachtairí turasóireachta TG4 ar thóir na n-iontas ceilte'