Is é ‘The Caretaker’, (1960) an dráma is mó cáil le Harold Pinter. Ait le rá, seo a chéad léiriú sa Gate, amharclann a bhfuil traidisiún léirithe Pinter acu. B’fhiú go mór fanacht.
Ach in ainneoin gach bua, súáilceacht agus áilleacht, gach bagairt, truamhéil agus áiféis a mheallann an léiritheoir Toby Frow as barrshaothar luath Pinter, agus táid ann tríd síos go tiubh, nochtar ceann de laigí an léirithe sa chéad dhá nóimead tosaigh.
Muna n-iompraíonn ‘Mick’ tuar tréan an fhoréigin ina ghluaiseacht amháin, agus ina thost amháin, agus níl ach an ghluaiseacht agus an tost tugtha ag Pinter mar uirlisí dó sa chéad dá nóimead sin, tá cos amháin fá stól tríchosach an dráma iarrachtín eagothrom. Tagann taibhiú Garrett Lombard chuige féin ar ball i ngéarleanúint na liostaí bagarthacha lena gciapann sé an stróinséar Davies. Ach tá an bhagairt shiceolaíoch atá ar chúl na ritheanna cainte ‘cairdiúla’ le tabhairt slán fós freisin.
Aonarán cuthalach fir, duine le Dia, is ea ‘Aston’. Tugann sé fear siúil gan dídean, ‘Davies’, abhaile don árasán gioblach ar leis an dearthair thuasluaite ‘Mick’ é. Tá bheith istigh ag Aston féin ann, é in ainm is a bheith á mhaisiú.
Níl teora le cumas ionramhála Davies, ná le leochailleacht Aston. Ní fada go socraíonn an chuach isteach. Caitheann sé go hainnis le Aston bocht. Súanna Davies cumhacht bhinnbeach, dhuáilceach, mhioscaiseach chuige féin.
Gan dabht ar domhan, is í an seit an ceathrú carachtar sa dráma. Dramhaoil agus deannach i ngach áit. Seansorn gháis le dealbh mór Bhudda air. Buicéad stáin ar chrochadh i gcomhair an bhraoin anuas.
Is seod í an seit, ina coincheap, a peirspictíocht agus a dearadh. Ní nach ionadh an méid sin, agus CV Francis O’Connor curtha san áireamh. Agus fad atáim i ngort na bhfoirne físithe, caitheann soilsiú tomhaiste Mark Jonathan fíneáltacht, idir sholas agus scáth, nuair is gá, agus mar is gá, air. Agus cé eile ach Denis Clohesy, an dearthóir fuaime, a chuirfeadh ceol i bhfuaim ceann d’fhocharachtair an phíosa – buicéad stáin na mbraonta anuas!
Fear ar dúil dó focail a úsáid mar ghléas imeartha imeagla is ea Mick. Cocnaí – ‘wide-boy’ ceart. Fear substaintiúil, áfach, ina bhreithiúnas féin. Fear nach fada uaidh babhtaí brúidiúla foréigin, castaí gan choinne plámáis agus baothfhantasaíochtaí gan dealramh. Bheadh tábla ‘in afromosia teak veneer’ aige san árasán athmhaisithe! Bullaí gan dílseacht, lán den bhféin-dallamullóg. Síceapatach, cruálaí míthrócaireach.
In ainneoin a chumais cainte, is aonarán Mick freisin. As an triúr seo gan ribe de bhua na cumarsáide eadarphearsanta eatartha, tógann Pinter ceann de mhórdhrámaí Sasanacha na fichiú haoise.
Téatar an Réalachais Shóisialta a chum Pinter. Tá macallaí de Théatar na hÉigéille, an Bhagartha, na hImeagla agus an Bhraith tríd síos. Ach níl oiread agus focal sa téacs nach ritheann caint dhaoscarslua Londain tríd. Níor chlis an chluas ar Pinter riamh.
Michael Feast atá i mbun ‘Davies’. Is deacair d’aon aisteoir fanacht iomlán glan ar scáil scanrúil Fagin, cliché atá le ceannsú i Gníomh a Trí go háirithe. Ina dhiaidh sin féin, in ainneoin gach feall gáirsúil ciníoch a imríonn an seanlad, tugann Feast comhbhá an lucht féachana slán leis go deireadh. Agus ní beag sin mar theist ar a thaibhsiú.
Agus cad faoi ‘Aston’ Marty Rea? Éacht na hoíche, gan dabht, agus farrasbarr fós sa tainc aige. Tá lá fada ann ó chonac taispeántas chomh foirfe leis ar aon stáitse domhanda. Níl nóta as tiún ann. Lán stad.
Muna bhfeicim aon rud ionchurtha leis i mbliana, chonac ‘Aston’ Marty Rea sa Gate ar an Déardaoin an 12 Feabhra, 2015. Is leor sin dom.
Fágtar ár gcairde sa deireadh is a mbrionglóidí neamh-chomhlíonta; seid Aston sa ghairdín, árasán athmhaisithe Mick. Ní ghlacfaidh Davies an turas damanta sin go Sidcup ach an oiread.
Bhí mná stróinséartha ó Thrá Mhór Phort Láirge, agus ó Dhún Dealgan Lú i m’aice san amharclann a dúirt go mb’fhiú go mór an turas dóibh an súp a bhaineadar as an dráma.
Chuirfinn luach ar leith i mbreithiúnas na beirte sin.
Sa Gate go dtí an 21 Márta.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS AR THE CARETAKER: Taispeántas Rea mar Aston chomh foirfe is a gheofá ar aon stáitse ar domhan'