Léiríonn teip Rialtas na Breataine eolas faoin nGaeilge a chur ar fáil do Chomhairle na hEorpa ‘an géarghá’ atá le hacht teanga

Tá dualgas ar Rialtas na Breataine faoi Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh eolas a chur ar fáil don Chomhairle gach ceithre bliana faoi chosaint mionteangacha ach ní luaitear sa tuarascáil is déanaí ach Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, an Mhanainnis agus an Choirnis

Léiríonn teip Rialtas na Breataine eolas faoin nGaeilge a chur ar fáil do Chomhairle na hEorpa ‘an géarghá’ atá le hacht teanga

Níl tagairt ar bith déanta ag Rialtas na Breataine don Ghaeilge i dtuarascáil faoi mhionteangacha atá curtha faoi bhráid Chomhairle na hEorpa ag Rialtas na Breataine.

Tá dualgas ar Rialtas na Breataine faoi Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh eolas a chur ar fáil don Chomhairle gach ceithre bliana faoi chosaint mionteangacha ach ní luaitear sa tuarascáil is déanaí ach Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, an Mhanainnis agus an Choirnis.

Dúirt Stiúrthóir an bhrúghrúpa teanga POBAL Janet Muller gur léirigh teip Rialtas na Breataine eolas faoin nGaeilge a chur ar fáil don Chomhairle “an géarghá” atá le hacht teanga.

‘I dtrí bhabhta monatóireachta a rinneadh ar an Chairt le dhá bhliain déag anuas, mhol na saineolaithe gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach abhus leis an teanga a chosaint agus a chaomhnú. Tá Stormont agus Rialtas na Breataine faoi cheangal dlí tuairisc chuimsitheach a chur ar fáil do Chomhairle na hEorpa gach ceithre bliana.

“Le deich mbliana anuas, bhí easaontas taobh istigh de na hinstitiúidí ag Stormont faoin mhéid a bhí le rá sna tuairiscí seo agus mar sin, níor cuireadh aon eolas ar fáil faoin Ghaeilge ná faoi Albainis Uladh.”

Dúirt Muller gur léiriú ab ea an scéal ar chomh “soghonta” is atá an Ghaeilge laistigh d’institiúidí Stormont.

“Sa deireadh thiar, is fianaise í an teip eile seo de chuid rialtas na Breataine, go bhfuil géarghá le hAcht Gaeilge bunaithe ar mholtaí POBAL,” a dúirt Janet Muller.

Thug urlabhraí de chuid Chomhairle na hEorpa le fios nár thug Rialtas na Breataine aon mhíniú dóibh ar cén fáth gur fágadh an Ghaeilge ar lár.

Tugtar eolas sa tuarascáil 90 leathanach faoi na beartais éagsúla atá ar siúl ag na rialtais déabhlóidithe chun na mionteangacha eile a chosaint agus a chur chun cinn.

An Roinn Pobal ó thuaidh atá freagrach as an eolas faoin nGaeilge a chur ar fáil d’Oifig Gnóthaí Eachtracha a bhfuil dualgas ansin orthu an t-eolas a chur ar aghaidh go dtí Comhairle na hEorpa. Dúirt urlabhraí ón Roinn Pobal nach bhféadfaí aon eolas faoin nGaeilge a chur ar fáil toisc nach ann don fheidhmeannas ó thuaidh faoi láthair.

Dúirt Janet Muller ó POBAL nár chóir glacadh leis an míniú sin ar an scéal.

“Tá rialtas na Breataine ag cur milleáin ar bhriseadh síos Stormont le bliain anuas, ach i bhfírinne má theipeann ar Stormont a thuairisciú a dhéanamh, titeann an fhreagracht ar rialtas na Breataine,” a dúirt Janet Muller. Dúirt Stiúrthóir POBAL gur leag Comhairle na hEorpa béim ar an dualgas atá ar Rialtas na Breataine féin nuair nár cuireadh eolas faoin nGaeilge ar fáil sa tuarascáil a réitíodh don Chomhairle in 2014.

Dúradh an uair sin gur easaontas polaitiúil ba chúis le gan aon tagairt a bheith déanta don Ghaeilge ná don Ultais.

Fág freagra ar 'Léiríonn teip Rialtas na Breataine eolas faoin nGaeilge a chur ar fáil do Chomhairle na hEorpa ‘an géarghá’ atá le hacht teanga'