Léiríonn nuacht áitiúil Raidió na Gaeltachta nach raibh an bua ar fad ag Caesar – go fóill beag ar scor ar bith

Ritheann Asterix agus é ag tabhairt doirn do Phax Romana lenár gcolúnaí aon uair a chluineann sé Nuacht an Tuaiscirt, Nuacht an Iarthair nó Nuacht an Deiscirt…

Léiríonn nuacht áitiúil Raidió na Gaeltachta nach raibh an bua ar fad ag Caesar – go fóill beag ar scor ar bith

Tá a fhios againn uilig go léir gur teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge, gur teanga Cheilteach í agus go maireann sí faoi scáil an Bhéarla, teanga dhomhanda impiriúil. Tuigeann muid fosta nach bhfuil impireacht ar bith ag na Ceiltigh ó chloígh Caesar Vercingetorix fadó fadó fadó. Bhuel, ní hann don impireacht fhisiciúil ach maireann iarsmaí theanga shliocht Vercingetorix sa Bhriotáin, sa Bhreatain Bheag, in Albain, in Éirinn.

Níl am ar bith a gcluinim Raidió na Gaeltacta ag fógairt na gceannlínte nuachta – idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla – nach smaoiním ar chol ceathair Vercingetorix, Asterix na nGallach. Níor chloígh Caesar Asterix ná Obelix agus an sráidbhaile beag bídeach sin a bhí faoina gcúram. Tá deoch dhraíochta ag pobal an tsráidbhaile a thugann cumhacht as an ghnáth dóibh, cumhacht a cheansaíonn na sluaite Rómhánacha. Tugann siad dúshlán na cumhachta impiriúla agus maireann siad saor, más ar éigean é.

Ritheann samhail sin Asterix liom, é ag tabhairt doirn do Phax Romana agus don tsaol chomhaimseartha, ritheann sé liom gach aon uair a chluinim láithreoirí RnaG ag fógairt Nuacht an Tuaiscirt, Nuacht an Iarthair, Nuacht an Deiscirt. Tá sráidbhailte beaga eile san Eoraip nach bhfuil cloíte go fóill, a dhiúltaíonn do léigiúin chultúrtha an lae inniu. Níl de dheoch dhraíochta acu ach go bhfuil siad dáigh ceanndána. (Is é an trua, mar sin féin, nach mbíonn nuacht áitiúil ar bith as Gaeltacht na Mí, Nuacht an Oirthir, rud a thabharfadh an compás slán.)

Is é an t-iontas é i ndiaidh a raibh de chogaí, de choilíneacht, de ghorta, d’imirce, de dhífhostaíocht, de neamhiontas rialtais, idir rialtas gallda agus dúchasach, go bhfuil duine ná deoraí fágtha sna ceantair chéanna. Is é an t-iontas é go bhfuil go leor daoine ann le ‘pobal’ a thabhairt orthu féin, go bhfuil go leor ar siúl acu le go bhféadfá ‘nuacht’ a thabhairt air agus go bhfuil siad in ann cumarsáid a dhéanamh leis an chruinne ina dteanga dhúchais féin.

Ach seo chugat iad – tuairiscí ar chúrsaí polaitíochta i gcéin agus i gcóngar mar aon le tuairiscí faoi na nithe beaga sin sa chomharsanacht a imríonn tionchar mór ar shaol an phobail: na drochbhóithre; an bhó bhradach; an t-ionad sláinte atá i mbaol a dhúnta. Agus é sin ar fad á léamh ag daoine áitiúla agus daoine áitiúla ag cur cluas le héisteacht orthu féin le fáil amach cad é mar atá cúrsaí.

Thairis sin ar fad, na scéalta báis a chorraíonn an croí. Mothaím gur ag cúléisteacht atá mé le comhrá nach bhfuil daite dom; mothaím mar strainséir i measc an teaghlaigh agus an stáisiún ag craoladh na bhfógraí báis. Agus na hainmneacha! Ainmneacha an phobail, ainmneacha na haithne, ainmneacha dílse a chuireann an marbh i measc na gcomharsan den uair dheiridh, a luann sliocht a shleachta, ainmneacha Gaeltachta, beannacht deiridh an phobail.

Sea, níl impireacht ag na Ceiltigh ach maireann Asterix go fóill. Ní raibh an bua ar fad ag Caesar – go fóill beag ar scor ar bith.

Fág freagra ar 'Léiríonn nuacht áitiúil Raidió na Gaeltachta nach raibh an bua ar fad ag Caesar – go fóill beag ar scor ar bith'

  • Gaeltacht gan Ghaeilge

    Go fóill beag.
    Sách ráite.