Deir Sinn Féin go léiríonn an cinneadh gan ainm Gaeilge a thabhairt ar an ospidéal úr do leanaí nach bhfuil “meas madra” ag an Roinn Sláinte ar an nGaeilge ná “stádas bunreachtúil ár bpríomhtheanga”.
Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go bhfuil an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, ag diúltú ainm Gaeilge a thabhairt ar an ospidéal nua toisc “lúb ar lár atá bunaithe ar mhionsonraí teicniúla”.
D’impigh Ó Snodaigh ar an aire “a hintinn a athrú”.
I bhfreagra ar cheist Dála deimhníodh nach mbeadh ainm oifigiúil an ospidéil nua i nGaeilge amháin.
An mhí seo a chuaigh thart, d’fhógair an tAire Carroll MacNeill gur ‘The National Children’s Hospital Ireland’, an t-ainm oifigiúil a thabharfar ar ospidéal úr do leanaí, nach bhfuil críochnaithe go fóill agus a chosain €2.24 billiún.
Ag tús na míosa seo, cheistigh Ó Snodaigh an tAire sa Dáil, faoi alt 9D de Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, agus cé acu an bhfuil an t-ainm a bhí beartaithe don ospidéal úr ag cloí leis an reachtaíocht sin. Faoin alt sin reachtaíocht is gá ainm oifigiúil i nGaeilge a thabhairt ar aon chomhlacht poiblí a bunaíodh i ndiaidh 2021.
Dúirt an tAire Sláinte, gur Sláinte Leanaí Éireann a bheas ag cur “seirbhísí sláinte ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga ag Ospidéal Náisiúnta Leanaí Éireann,” agus gur “bunaíodh Sláinte Leanaí Éireann mar chomhlacht reachtúil roimh leasú Alt 9D ar Acht na dTeangacha Oifigiúla”. In 2019 a bunaíodh an comhlacht.
Cháin Ó Snodaigh an freagra sin go láidir agus dúirt sé gur léir nach raibh “meas madra” ag an Roinn ar an nGaeilge agus a stádas bunreachtúil
más é seo an “bealach slíbhín” a bhí ag an Aire Sláinte chun teacht timpeall ar an méid a bhí i gceist ag na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a thug isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.
Thar na blianta, bhí go leor feachtas ann chun an t-ospidéal a ainmniú i ndiaidh daoine mór le rá ón stair, agus in 2023 thacaigh an rialtas le rún sa Seanad faoin ospidéal úr a ainmniú i ndiaidh an Dochtúir Kathleen Lynn. Ba í an Dochtúir Lynn agus mná eile a bhunaigh ospidéal leanaí Naomh Ultan i mBaile Átha Cliath i 1919.
Thug Ó Snodaigh le fios, go raibh sé “thar a bheith díomách” nach raibh ainm Gaeilge ar bith “san áireamh” sa phróiseas roghnúcháin agus gur cheart ainm ar nós ‘Ospidéal Náisiúnta Kathleen Lynn do Leanaí’ a bhaisteadh ar an ospidéal úr, ainm a léireodh tús áite don Ghaeilge agus ómós do laoch 1916, dar leis.
Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill, gur roghnaíodh an t-ainm “i gcomhairle le tuismitheoirí, teaghlaigh, baill foirne agus an Chomhairle Chomhairleach Óige agus go raibh sí “buíoch as a gcuid ionchuir agus as simplíocht an ainm a roghnaíodh.”
In 2017, agus Bliain na Gaeilge ar na bacáin, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh sé oiriúnach ainm Gaeilge a thabhairt ar an ospidéal náisiúnta úr.
Táthar ag súil go mbeidh an t-ospidéal úr do leanaí réidh agus cóir leighis a cur ar othair ann faoi mhí an Mheithimh 2026.
Fág freagra ar 'Léiríonn ainm Béarla ospidéal nua na leanaí nach bhfuil meas madra ag an Roinn Sláinte ar an nGaeilge – Sinn Féin'