Leideanna faoi oidis bhaile áilleachta mar mhalairt ar tháirgí scéimhe na siopaí

Tá moltaí ag ár gcomhfhreagraí faoi tháirgí áilleachta baile don aghaidh, na súile, na liopaí, na fiacla, an ghruaig agus an cholainn

Leideanna faoi oidis bhaile áilleachta mar mhalairt ar tháirgí scéimhe na siopaí

Cara liom a chuir ceist orm le gairid; an gá oiread táirgí costasacha a cheannach nó an bhfuil bealaí níos saoire agus níos simplí ann le haire a thabhairt don chraiceann agus don cholainn?

Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil costas mór ag baint le cuid de na táirgí áilleachta is fearr ar an margadh. Tá tuilleadh ann a bhfuil ceimiceáin iontu nach réiteodh le gach duine.

Chuaigh mé i mbun taighde go bhfeicfinn an raibh mórán táirgí nádúrtha ann a bheadh sa mbaile againn ar fad a d’fhéadfaí a úsáid in áit na gcinn atá sna siopaí áilleachta.  

Aghaidh

Tá neart earraí sa gcófra i gcuid mhaith tithe arbh fhiú do dhuine triail a bhaint astu le cuma álainn, lonrach agus mín a chur ar d’aghaidh. Tá min choirce ar cheann de na cinn is fearr acu ach í a mheascadh le beagán meala agus banana. Déanann an meascán sin masc aghaidhe den chéad scoth. Níl le déanamh ach lán cupáin a mheascadh le chéile agus a úsáid ar an aghaidh ar feadh 10-15 nóiméad le faoiseamh iontach a thabhairt do chraiceann tirim, athlasta.

Rogha mhaith eile leis an gcraiceann a choinneáil maoth ná abhacád a mheascadh le iógart agus beagáinín meala agus an taos sin a chur ar d’aghaidh ar feadh ceathrú uaire. Cabhraíonn na comhábhair seo leis na póireanna a choinneáil glan agus an craiceann a choinneáil sláintiúil. Is féidir braon beag ola, ola olóige, b’fhéidir, a mheascadh isteach leo má theastaíonn do chraiceann a mhaothú tuilleadh.

Súile

Má bhíonn do shúile tuirseach, tinn nó ata ar maidin, is fiú an cleas beag seo a thriail. Is minic daoine ag ól tae fíogadáin na laethanta seo agus níl le déanamh agat ach cupán den tae fíogadáin sin a chur sa reoiteoir chun ciúbanna oighir a dhéanamh. Nuair a bheidh an tae reoite ina chiúbanna beaga is féidir píosa éadaigh a fháisceadh thart ar chiúb agus é a chuimilt faoi do shúile. Ní gá ach cúpla soicind de seo le faoiseamh iontach a fháil.

D’fhéadfá chomh maith slisní cúcamair a chur ar do shúile in áit táirgí áilleachta. Shíl mé riamh gur sna scannáin amháin a dhéantaí seo ach is é fírinne an scéil é go bhfuil cúis mhaith leis. Tá cúcamair iontach leis an at agus an t-athlasadh a laghdú agus ní cleasaíocht físe atá ann ar chor ar bith.

Liopaí

Má bhíonn do chuid liopaí tirim agus briosc, tá leigheas simplí amháin air – beagán ola cnó cócó a chur ar do liopaí le seanscuab fiacla nach bhfuil róchrua. Ní chreidfeá chomh héasca agus a bheidh sé iad a mhaothú ina dhiaidh sin.

Fiacla

Seanchleas é a bhí ag na glúnta romhainn úsáid a bhaint as sóid aráin le fiacla a ghealadh. Ní theastaíonn ach an tsóid a chuimilt ar na fiacla agus é a fhágáil mar sin ar feadh 10-15 nóiméad. Tá tuarthóir nádúrtha sa tsóid aráin agus ba cheart go mbeadh do chuid fiacla i bhfad níos gile nuair a nífidh tú iad. Ní mholfainn é seo a dhéanamh rómhinic, áfach, ar eagla go ndéanfadh sé damáiste den chruan ar na fiacla. 

Colainn

Chun scamhadh a dhéanamh ar do cholainn, rud atá an-tábhachtach, go háirithe roimh dhonnú bréige, is féidir an t-oideas seo a úsáid le taos a dhéanamh atá chomh maith céanna le haon earra scafa a cheannófá sna siopaí: salann sáile nó siúcra a mheascadh le hola agus a chuimilt ar do cholainn chun fáil réidh leis an gcraiceann tirim marbh. Is féidir do rogha féin ola a úsáid, ola naíonán, ola cnó coco, ola olóige nó aon cheann eile a bheadh faoi do láimh.

Gruaig

Is féidir na comhábhair chéanna a cuireadh sa mhasc aghaidhe cúcamar atá luaite thuas a úsáid mar mhasc gruaige freisin. Fág i do chuid gruaige é ar feadh 10-15 nóiméad agus beidh a thoradh le feiceáil: beidh do chuid gruaige glan agus folláin.

Cleas an-mhaith é uisce na báistí a úsáid chun an seampú a shruthlú as do chuid gruaige. Bíonn an t-uisce seo an-bhog agus cabhraíonn sin le boige na gruaige. Tá uisce na báistí an-mhaith ar fad freisin dóibh siúd a bhfuil gruaig fhionn orthu mar go gcabhraíonn sé leis an dath nádúrtha a choinneáil sa ghruaig seachas imir sort glas a fhágáil uirthi mar a tharlaíonn in amanna le huisce próiseáilte ó chithfholcadh.

Fág freagra ar 'Leideanna faoi oidis bhaile áilleachta mar mhalairt ar tháirgí scéimhe na siopaí'