Leathshúil ar na babhtaí leathcheannais agus leathshúil ar an gcraobh

Tá cluichí móra romhainn deireadh seachtaine na Féile Pádraig i gcomórtais na scoileanna agus sa tsraith náisiúnta iománaíochta

Leathshúil ar na babhtaí leathcheannais agus leathshúil ar an gcraobh

Tá an t-uafás cluichí ar siúl arís an deireadh seachtaine seo idir pheil agus iomáint. San iomáint tá na cluichí deireanacha sraithe sna réamhbhabhtaí á n-imirt.

Inniu tá cluichí ceannais peile agus iomána na scoileanna dara leibhéal ar siúl i gceanncheathrú CLG agus, san iomáint, tá Coláiste Naomh Ciarán Chill Chainnigh, seaimpíní 2023, ag imirt i gcoinne Choláiste Naomh Raphael Bhaile Locha Riach na Gaillimhe do Chorn an Chrócaigh .

Seo an naoú craobh i ndiaidh a chéile do chleas Chill Chainnigh agus iad ar thóir a seachtú bua san achar ama céanna. Bhuadar trí chraobh i ndiaidh a chéile idir 2014-16. Ansin chailleadar cluiche ceannais 2017 in aghaidh Mheánscoil Mhuire an Teampaill Mhóir i Tiobraid Árann. Bhuadar an chéad dá chraobh eile agus ansin bhí briseadh dhá bhliain againn de dheasca na paindéime.

Chaill siad i gcoinne Ardscoil Rís Luimnigh in 2022 agus ansin bhuadar arís anuraidh i gcoinne Choláiste na Toirbhearta Bhaile Átha an Rí. Sin scoil iomána bhuanseasmhach duit. Sa cluiche leathcheannais i mbliana bhí an-bhua acu ar Ardscoil Rís agus ocht gcúilín le spáráil acu. Tá imreoirí láidre acu i ngach líne agus is iad Rory Glynn, Seán Hunt agus Aaron McEvoy ar na pocanna saora na príomhthosaithe.

Níl ach craobh amháin buaite ag Coláiste Raphael, thiar i 1995. Tá fiche bliain ann ó d’imir an dá scoil a chéile sa chluiche ceannais, cluiche dar ndóigh, a thug leaideanna Chill Chainnigh leo.

Bhí cluiche leathcheannais dian go leor acu i gcoinne scoil na mBráthar Aonach Urmhumhan agus iad dhá chúl chun deiridh ag leath ama. Ach le cóir na gaoithe sa dara leath scóráladar seacht gcúilín sa tríú ceathrú in aghaidh ceann amháin ag leads Thiobraid Árann. Bhíodar ocht nóiméad isteach in am cúitimh gortuithe nuair a scóráil Cullen Killeen cúilín iontach an bhua do leads na Gaillimhe.

Beidh an cluiche á thaispeáint ag TG4 ag tosnú ar 1pm tráthnóna.

Ag filleadh ar na cluichí sraithe sinsearacha, beidh iománaithe Phort Láirge i measc an ghrúpa de seacht bhfoireann a bheidh i roinn 1b do 2025. Bhí slua beag go leor i bPáirc an Bhreathnaigh an Domhnach seo caite don chluiche thar a bheith tábhachtach i gcoinne Loch Garman. An bhliain seo chugainn ní bheidh formhór dá gcluichí sraithe ar an teilifís (má bhíonn aon cheann in aon chor) agus ní bheidh aon cheann de na contaetha is láidre sa tír ag teacht go dtí na Déise don fheachtas sraithe.

I ndiaidh tosnú lag, tá Corcaigh ag feabhsú agus mura mbíonn torthaí gan choinne ar fad an deireadh seachtaine seo againn beidh siad ag imirt i roinn 1a an bhliain seo chugainn. Go deimhin, má bhuann siad ar Loch Garman agus má bhuann na Déise ar Chill Chainnigh tá seans ag Corcaigh go fóill a bheith i measc na gceithre fhoireann a bheidh sna cluichí leathcheannais sraithe. Má bhuann Loch Garman ar Chorcaigh agus na Déise ar na Cait is iad na Carmannaigh a bheidh ag imirt sna cluichí leathcheannais.

Beidh an Clár ag imirt sna babhtaí leathcheannais agus Luimneach, Tiobraid Árann nó an Ghaillimh ina gcoinne. Má chríochnaíonn na trí fhoireann sin ar ocht bpointe is é an difríocht scór a shocróidh cé a thógfaidh an dá áit eile sna cluichí leathcheannais. Níl difríocht scórála Thiobraid Árann chomh maith le Luimneach nó an Ghaillimh ach má éiríonn leis an nGaillimh bua nó comhscór a fháil in aghaidh Luimnigh agus má bhuann Tiobraid Árann ar Aontroim is iad na Tiobraid Árannaigh a bheidh ag dul ar aghaidh.

Mar sin tá fiúntas ag baint fós le cluichí na sraithe agus súil ag gach contae ar an gcomórtas craoibhe nach bhfuil ach cúig seachtaine uainn.

Fág freagra ar 'Leathshúil ar na babhtaí leathcheannais agus leathshúil ar an gcraobh'