Leathar álainn do thionscal an fhaisin… as craiceann na mbradán!

Deis mhaith d’fhiontraithe a bheadh ann foghlaim ó mhuintir na hÍoslainne agus foinse nua leathair a fhorbairt ar chósta an Iarthair

Leathar álainn do thionscal an fhaisin… as craiceann na mbradán!

D’fhéadfadh fiontraí cróga a saibhreas a dhéanamh as ábhar tionsclaíoch atá ar fáil go flúirseach ar chósta an iarthar – an farasbarr ó thionscal na hiascaireachta agus na feirmeoireachta éisc.

Tá sé faighte amach anois gur féidir leathar ardchaighdeáin a tháirgeadh as craiceann bradáin agus tá obair cheannródaíoch á déanamh sa réimse seo san Íoslainn faoi láthair.  Tá cáil ar leith ar chósta Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe as tionscal na mbradán agus tá infheistíocht mhór déanta ag Údarás na Gaeltachta ann in imeacht na mblianta.

Cé go gceapfá go mbeadh craiceann an bhradáin an-tanaí agus nach mórán tairbhe a bheadh ann mar bhunábhar le leathar a tháirgeadh is cosúil gurbh é a mhalairt atá fíor. Nuair a dhéantar próiseáil mar is ceart ar an gcraiceann sin, is féidir leis a bheith an-láidir go deo agus é éasca le húsáid mar mhalairt ar leathar ó chraiceann na mbeithíoch.

Is cosúil go bhfuil ganntanas an-mhór leathair ann faoi láthair, go háirithe ábhar ar ardchaighdeán. Meastar go bhfuil méadú an-mhór ar fad ar an éileamh ar leathar go háirithe i measc phobal na Síne de réir mar atá an saibhreas ag méadú leis an fhorbairt eacnamaíochta sa tír sin. Áirítear gur fiú gar do €50 billiún tionscal na n-earraí faisin leathair go domhanda faoi láthair.

Is dá bharr sin atá foinsí nua á lorg le leathar maith a dhéanamh agus mar thoradh air sin tá comhlachtaí ar nós Atlantic Leather ón Íoslainn ag géarú ar a gcuid iarrachtaí.

Le tamall anuas tá an comhlacht seo tar éis leathar atá déanta as craiceann bradán a sholáthar do bhrandaí mór le rá faisin, ina measc Dior, Louis Vuitton, Royal Blush, Prada, Viona Blu agus Salvatore Ferragamo. Tá málaí, beilteanna agus bróga i measc na n-earraí is coitianta atá á dtáirgeadh as leathar na mbradán faoi láthair ach is féidir aon bhall éadaigh a dhearadh as an bhfabraic nua seo.

Cúis amháin go bhfuil tóir mhór ar an gcineál seo leathair – seachas é a bheith álainn agus ar ardchaighdeán – ná gur táirge inbhuanaithe é agus tá stádas agus gradam ar leith anois ag earraí faisin ó fhoinsí den chineál sin.

Is dócha nach iontas ar bith é gur san Íoslainn atá an fhorbairt is mó sa tionscal nua seo.

Níl aon ghanntanas éisc orthu agus tá traidisiún an-fhada acu ag triomú craiceann éisc le húsáid i ndéantús éadaigh ar nós cótaí, caipíní agus bróga. Ba chuid de chultúr na ndaoine a mhair sa réigiún Artach é riamh anall leas a bhaint as an mbunábhar seo mar chosaint ar fhuacht na haimsire ansin.

Thuairisc Atlantic Leather le gairid go raibh méadú 20% ar dhíolaíocht a gcuid leathair le bliain anuas.

Ach ní san Íoslainn amháin atá an tionscal seo; tá leathar á tháirgeadh freisin as craiceann éisc sa Bhrasaíl agus i gCéinia. An bhfuil deis forbartha anseo dóibh siúd atá gafa le tionscal na gcliabhán bradán ar chósta Chonamara nó i gcalafoirt an iarthar i gcoitinne?

Má tá ceacht le foghlaim againn ó na tíortha eile sin, d’fhéadfadh deis luachmhar a bheith anseo do lucht na fiontraíochta.

Fág freagra ar 'Leathar álainn do thionscal an fhaisin… as craiceann na mbradán!'