Léargas ar thionscal sclábhaíochta na Lochlannach i ndráma faisnéise ar TG4

Tá beathaisnéis Findan mar bhunchloch leis an dráma faisnéise seo ar comhghuaillíocht idir dhá chomhlacht léiriúcháin agus cúig chraoltóir idirnáisiúnta é, TG4 ina measc

Léargas ar thionscal sclábhaíochta na Lochlannach i ndráma faisnéise ar TG4

Tá Vitae Findani ar cheann de na lámhscríbhinní is sainiúla agus is tábhachtaí a tháinig anuas chugainn ón naoú haois déag. Tugann an saothar seanda seo cuntas ar shaol eachtrúil Findan. Ba de phór uasal é an fear ar leith seo agus ghabh na Lochlannaigh é ar an bhfód dúchais i gCúige Laighean. Chrochadar leo é chuig na Críocha Lochlannacha, Inse Orc agus áiteanna nach eile ná é. D’éirigh leis na cosa a thabhairt leis sa deireadh agus chaith sé deireadh a shaoil i mainistir Rheinau na hEilvéise. Is ann a scríobh sé an bheathaisnéis atá luaite thuas agus tá an saothar ar coimeád i músaem san Eilvéis ó shin.

Sé an saothar sin a bhí mar bhunchloch leis an dráma faisnéise Íospartaigh na Lochlannach (TG4, Déardaoin) ar comhghuaillíocht idir dhá chomhlacht léiriúcháin agus cúig chraoltóir idirnáisiúnta é, TG4 ina measc. Príomhthéama an chláir ná tionscal sclábhaíochta na Lochlannach a shín ós na Críocha Lochlannacha síos chomh fada le Constantinople agus Baghdad. Ba bhrúidiúil agus ba bhrabúsach an tionscal é. Ba iad na sclábhaithe an chreach ba luachmhaire ag Lochlannaigh agus iad ag déanamh ruathair suas aibhneacha Mhór-Roinn na hEorpa agus na hÉireann. Dúradh linn go raibh ceann de na margaí sclábhaithe is mó san Eoraip i rith na tréimhse sin i mBaile Átha Cliath.

Is iad na mainistreacha, a bhí lán le maoin agus iad gan chosaint, a mheall na Lochlannaigh go hÉirinn. Ar cheann de na ruathair tógadh Findan agus a dheirfiúr. Tugann na míreanna athchruthaithe agus cloigne cainte léargas dúinn ar shaol na beirte ina dhiaidh sin. Tá beathaisnéis againn do Fhindan ach ní fios go díreach cad a tharla don deirfiúr. Bhí an clár seo ag tuairimíocht go mb’fhéidir gurb í sin Melkorka, pearsa i miotaseolaíocht na hÍoslainne. Bhí saol cráite ar leith ag an mbeirt acu.

Fan na slí tugadh éachtaint ar shaol na tréimhse. Cumas farraige, brúidiúlacht agus seiftiúlacht na Lochlannach. Tugadh cuntas chomh maith ar iarrachtaí seandálaithe is staire saol na tréimhse a nochtadh. Teicneolaíocht agus eolaíocht an lae inniu ag tabhairt léargais ar stair atá ceilte san ithir.

Mar is dual de shaothar idirnáisiúnta mar seo bhí go leor ionchuir as Béarla. Níl aon fhadhb agam leis fad is go bhfaigheann an Ghaeilge cothrom na Féinne sa sceideal in iomláine; port atá seinnte agam minic go maith le blianta anuas. Is í an tráchtaireacht ó Mharcus Lamb agus dreasanna cainte eolgaiseacha ós na scoláirí Dáibhí Ó Cróinín, Máire Ní Mhaonaigh agus Colmán Etchingham a thug an toise Ghaeilge dúinn. Is breá liom a bheith ag éisteacht le Dáibhí i gcónaí, sheasfá cosa nocht sa tsneachta ag éisteacht leis. Maidir leis na míreanna athchruthaithe bhí cuid acu níos slachtmhaire ná a chéile ach ní rabhas in ann teanga na nGael a dhéanamh amach. Glacaim leis go rabhthas ag caint i nGaeilge na tréimhse?

Clár suimiúil a thugann éachtaint ar bhrúidiúlacht is sclábhaíocht na Lochlannach.

Fág freagra ar 'Léargas ar thionscal sclábhaíochta na Lochlannach i ndráma faisnéise ar TG4'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Glacaim leis gur clár fíorspéisiúil a bhí ann ag éirí as dian taighde staire agus seandálaíochta. Aontaím go hiomlán nár tugadh aird a dhóthain ar an nGaeilge mar ghnáth theanga na nGael agus gibris de shórt éigin á labhairt eadarthu sna na míreanna athchruthaithe. Agus níor tugadh le fios cén teanga a bhí in úsáid ag Findan ina bheathaisnéis.

  • Cara

    Ní “ gibris” a bhí á rá acu ach sean Gaeilge ársa!!!

  • Liam

    Bhíodar ag labhairt as Ioruais ag pointe amháin, nach raibh? Is dócha gur i Laidin a scríobh Findan, óir bhí teideal an saothair sin i Laidin ceapaim. Bheadh sé suimiúl fáil amach arbh é an tsean-ghaedhilge nó iarracht éigin ar an nua-ghaeilge a bhí i gceist sa chlár.