Leanfar leis an mífheidhmiúlacht mura vótálfaidh muid ina coinne

Tá plean nua fógartha ag an rialtas le dul i ngleic le fadhb na tithíochta, ach níl difear ar bith idir an plean nua sin agus na pleananna ar theip orthu roimhe seo

Leanfar leis an mífheidhmiúlacht mura vótálfaidh muid ina coinne

An bhfuil aon stop le mífheidhmiúlacht an stáit seo, nó an é gur daortha chun drochshaoil atá muid de bharr peaca éigin nach cuimhin linn a dhéanamh?

Tá cáineadh go leor á dhéanamh le tamall ar an rialtas agus ar chóras an stáit faoi mhórfhadhb na tithíochta ach tá an éigeandáil sin i gcomórtas anois leis na fadhbanna i gcúrsaí sláinte agus leis na fadhbanna a bhaineann le cás na dteifeach agus an ciníochas a d’eascair astu.

Tá plean nua fógartha ag an rialtas le dul i ngleic le fadhb na tithíochta, ach níl difear ar bith idir an plean nua sin agus na pleananna ar theip orthu roimhe seo.

Tá faoiseamh cánach le tabhairt don lucht tógála, ar mhaithe le brabús a chinntiú dóibh as infheistíocht a dhéanamh i dtógáil tithe. Sin tuilleadh airgid á chur i bpócaí lucht na hearnála príobháidí sa tsúil is go dtiocfaidh tairbhe éigin as dúinne.

Agus an réiteach stairiúil a fuarthas ar an bhfadhb seo – réiteach a thug Fianna Fáil isteach más buan mo chuimhne – níl caint ar bith air. Is é sin, tá curtha as an áireamh ag an rialtas go gcuirfí airgead stáit ar fáil go díreach do na Comhairlí áitiúla ar mhaithe le tithe sóisialta a thógáil go fairsing mar a rinneadh ó na 1940idí ar aghaidh.

Ní cheadaíonn idé-eolaíocht an nua-liobrálachais a leithéid.

Agus céard faoi chúrsaí sláinte, agus na scuainí daoine atá ag fanacht ar leaba san ospidéal?

I mí an Mheithimh seo caite, dúradh go mbeadh fadhb ann faoin ngeimhreadh agus saineolaithe ag tuar go bhfágfadh rabharta fliú agus bagairt an Covid go mbeadh brú do-réitithe ar na seirbhísí sláinte.

Ní léir go ndearnadh tada le muid féin a ullmhú don ghéarchéim atá ann faoi láthair. Sea, bhí a fhios againn go raibh éigeandáil mhór ar an mbealach is d’fhan muid díomhaoin ag fanacht uirthi.

Anois tá an Taoiseach Leo Varadkar ag maíomh go gcuirfidh an rialtas pé acmhainn a bhfuil gá léi ar fáil le teacht ar réiteach. Ach cén fáth nár cuireadh na hacmhainní ar fáil roimhe seo? Cén fáth nach ndearnadh pleanáil chuí don líon leapacha a bheadh ag teastáil?

Tá géarchéim eile ag borradh anois, an ciníochas. An bhfuil aon rud níos gránna in Éirinn na linne seo ná slua daoine a fheiceáil ag béiceadh maslaí is bagairtí taobh amuigh d’ionad dídine do theifigh?

Ach cé atá freagrach as sin? Cinnte tá fórsaí an chiníochais ag iarraidh daoine a ghríosú le glacadh lena soiscéal gránna– ach is fórsaí imeallacha iad i bpolaitíocht na hÉireann, cé go bhfuil baol mór ann gur i méid a rachaidh siad.

Easpa eolais, easpa caidrimh le pobail áitiúla, easpa réitigh ar fhadhbanna áitiúla. Sin na cúiseanna is mó leis an bhfadhb. Sea, agus cé go bhfuil na milliún euro le caitheamh ar theifigh ón Úcráin níl an freastal céanna á dhéanamh ar dhaoine eile atá gan dídean.

Thuigfeadh aon duine go gcothódh a leithéid fearg. Agus cé go bhfuil sé ceart go mbeadh daoine feargach, ní ar na teifigh atá an milleán. Níl aon ghuth acu siúd ach oiread ag an mbord ag a ndéantar na cinntí móra. Is é an rialtas agus an córas stáit atá freagrach as an bhfaillí agus as an easpa measa.

Nuair a cuireadh tús le cogadh na hÚcráine (a bhféadfaí cogadh idir an Rúis agus NATO a thabhairt air) mhaígh an rialtas go bródúil nach gcuirfí aon teorainn ar an líon teifeach ón Úcráin a nglacfadh muid leo in Éirinn. Ach ní dhearna siad aon phleanáil don líon daoine a tháinig, cé go rabhthas ag súil go dtiocfadh an líon sin daoine.

Agus anois féach na sluaite i mbun agóide ina gcoinne, agus i gcoinne na dteifeach ó chogaí eile is ó thíortha eile.

Deir an rialtas anois gur chóir dul i dteagmháil leis na pobail áitiúla le stop a chur le fás na heite deise i bhfad amach. Ach nach cóir dul i dteagmháil leo toisc go bhfuil sé ceart socruithe áitiúla a phlé le pobail áitiúla?

Agus tabhair faoi deara gur ar an bPort Thoir, i mBaile Munna, i gCromghlinn, i gceantracha lucht oibre atá na hagóidí. Is sna háiteanna seo atá na fadhbanna, mar níl aon ionaid dídine do theifigh lonnaithe i gCarraig an tSionnaigh. Ná i gCaisleán Cnucha.

Agus féach Eochaill, baile é a bhíonn ag brath ar thurasóireacht, ach má tá na hóstáin lán le teifigh níl aon áit le fanacht ag an turasóir.

Easpa pleanála arís, agus an rialtas ar nós cuma liom arís faoi shaol an ghnáthdhuine.

Stát mífheidhmiúil gan dabht.

Ach sé an rud is measa ná go bhfuil páirtithe an rialtais, na páirtithe atá freagrach as an bpraiseach seo, fós in ann 45% den vóta a fháil, de réir na bpobalbhreitheanna.

Go deimhin, mura vótálfaidh muid ar son athraithe, ní bheidh aon athrú ann agus leanfaidh muid leis an mífheidmiúlacht.

An é sin atá uainn?

Fág freagra ar 'Leanfar leis an mífheidhmiúlacht mura vótálfaidh muid ina coinne'

  • Tomás O Dúlaing

    An fhírinne á n-insint ag an iriseoir seo – comhghairdeachas leis. Cén fáth nach féidir linn pleanáil a dhéanamh? Agus cén fáth an leanann muid ar aghaidh le socraithe nach bhfuil ag obair? Is féidir linn i bhfad níos fearr a dhéanamh. Dár liom, tá sé léirithe arís is arís eile nach féidir le Fianna Fáil ná Fine Gael fadhbanna na tíre a réiteach – tá sé in am seans a thabhairt do dhreamanna eile.

  • Antóin

    Cáineann tú an rialtas agus nach bhfuil déanta acu agus an praiseach atá déanta acu ach ar láimh eile úsáideann tú seanchleasaíocht an rialtais chun díspeagadh a dhéanamh ar cheantair luct oibre atá in éadan pholasaí an rialtais. Nuair a chaitear suas ‘Géarchéim an chiníochais’ agus ‘fórsaí an chiníochais’ i gcomhthéacs na n-agóidí seo tá deireadh le plé. Agus, tuigeann an rialtas é sin.

  • Seosamh

    “Ach sé an rud is measa ná go bhfuil páirtithe an rialtais, na páirtithe atá freagrach as an bpraiseach seo, fós in ann 45% den vóta a fháil, de réir na bpobalbhreitheanna.”, de réir EÓM

    Tá baint mhór ag nádúr an fhreasúra leis an bhfíric chorr sin.