LÉAMHTHUISCINT:An scannán Foscadh

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT:An scannán Foscadh

Bronnadh ceann de na príomhghradaim ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar an fhadscannán Gaeilge Foscadh.

Is iad Dónal Ó Héalaí, Fionnuala Ní Fhlatharta agus Cillian Ó Gairbhí agus atá sna príomhpháirteanna sa scannán Foscadh, leagan d’úrscéal le Donal Ryan, The Thing About December. An comhlacht Tua Films a léirigh Foscadh faoin scéim Cine4.

Dúirt Paddy Hayes, léiritheoir Foscadh go raibh “an-lúcháir” air faoin ghradam agus faoin tslí a ndeachaigh an chéad léiriú den scannán i bhfeidhm ar dhaoine ag an Fhleadh. “Tá áthas an domhain orm faoin ngradam cé nach raibh mé ag súil ar chor ar bith leis. An rud is mó faoin première a bhí neirbhíseach agus sceitimíneach go raibh an scríbhneoir Dónal Ryan i láthair agus an scannán á fheiceáil den chéad uair. Bhí chuile dhuine ina seasamh ag deireadh an scannáin agus ba léir gur thaitin sé thar barr le Donal Ryan agus leis an lucht féachana ar fad.  B’iontach an rud é sin.”

Dúirt Hayes go raibh an-áthas air chomh maith go bhfuair Foscadh, a taifeadadh i gCorr na Móna i nGaeltacht Conamara, a chéad taispeántas “go háitiúil” ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Sa scannán seo, saol scoite neamhurchóideach atá caite ag John Cunliffe (Dónall Ó Héalaí) faoi chúram a thuismitheoirí róchosantacha ar fheirm iargúlta i dtuaisceart Chonamara. Cuirtear abhaile orainn sa chéad radharc nach bhfuil gach rud mar is ceart leis an bhfear seo. Nuair a fheiceann sé a mháthair sínte marbh ar an talamh ní deir sé faic agus ní dhéanann sé faic. De réir mar a théann an radharc ar aghaidh címid é suite ar an gcúits ag féachaint ar an teilifís agus an corp fós sínte ar an talamh in aice leis.

Tá an t-athair imithe ar shlí na fírinne roimhe sin agus tá John anois fágtha leis féin. Beidh air a shlí féin a dhéanamh sa saol. Is ar éigean go bhfuil sé ann a shíniú a chur ar phár nó greim bia a chur ina bhéal. É ciotach i gcomhluadar agus é ag imeacht timpeall ina sheangheansaí. Cuirtear in luí orainn go bhfuil gabháltas breá talún, agus airgead leis, b’fhéidir, fágtha le huacht aige. I gcaitheamh an scannáin, bímid in amhras go bhfuil na daoine atá cineálta leis ag iarraidh teacht i dtír air.

Nílimid cinnte riamh an bhfuil sé simplí ann féin nó éirithe ait i gcaitheamh na mblianta ceal teagmhála le daoine eile. Tá cuma shoineanta, shaonta air ach ag an am céanna bíonn amhras ort go bhféadfadh sé pléascadh le drochmhianach. Mar is dual dó téann Ó Héalaí go feirc sa charachtar seo agus mar a tharla in Arracht (2019) bíonn air radharcanna iomlána a iompar aige leis féin agus sinn i dtaobh le ciúnas agus seatanna teanna dá chuntanós chun sin a threorú. I radharc léanmhar amháin bíonn logainmneacha na dúiche á gcantaireacht aige leis féin.

Lá de na laethanta déantar ionsaí fíochmhar gan choinne gan chúis air agus bíonn air tréimhse fhada chaitheamh san ospidéal. Is ansin a chuireann sé aithne ar an altra Siobhán (Flaherty) agus Dave (Ó Gairbhí) othar atá sa leaba in aice leis. Cuireann na cairdis seo cor nua ina shaol. Tá Dave cairidiúil agus lán de bhuaileam sciath ach is léir go bhfuil a dheacrachtaí féin aige. Tá Siobhán lách is cainteach agus éiríonn sí féin agus John ceanúil ar a chéile. Tugann Ó Gairbhí agus Flaherty taispeántais iontacha uathu.

Tá forbróir (de Faoite) ag iarraidh an talamh a cheannach ó John le muilte gaoithe a thógáil air. An saol ag athrú tuilleadh ar John. Tá an fheirm, mar a bhí a mhuintir roimhe, mar fhoscadh agus mar phríosún aige. Ba cheart dó éalú ach an bhfuil sé in ann éalú?

Is léir go bhfuil súil ghrinn ag an scriptscríbhneoir Seán Breathnach agus bíodh is go bhfuil scéal gruama le hinsint aige, tá Foscadh go hálainn ar fad le féachaint air agus ceantar sceirdiúil Chorr na Móna mar a bheadh carachtar breise ann.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Foscadh bunaithe ar leabhar. Cén leabhar?
  2. Cén rud ab fhearr le léiritheoir an scannáin faoin gcéad léiriú de Foscadh?
  3. Cá ndearnadh an scannánú don scannán?
  4. Conas a thosaíonn an scannán?
  5. Cén sórt duine é John Cunniffe?
  6. Tagann cor i saol John agus é san ospidéal. Conas?
  7. Cén fáth go raibh John san ospidéal?
  8. Luaigh rud amháin faoin scannán seo a thaitin le húdar an ailt.
  9. Cé a rinne páirt John Cunniffe sa scannán?
  10. An mbeadh fonn ortsa an scannán seo a fheiceáil? Cén fáth?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

ar éigean, den chéad uair riamh, sínte fuar marbh, buaileam sciath, ag iarraidh teacht i dtír ar.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh briathar saor sa sliocht
  • Bean [suáilceach cainteach]
  • Tairiscint [an forbróir]
  • Áit atá níos [sceirdiúil]
  • Is é an t-athair is [cainteach]
  • Ag scannánú ar fud [an ceantar]

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT:An scannán Foscadh'

  • Neil S Browne

    Is iomaí scannán Gaeilge a thagann amach faoi láthair, nach iontach an rud é