LÉAMHTHUISCINT: Uachtarán de bhunadh na nGael

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Uachtarán de bhunadh na nGael

Tá uachtarán nua tofa ag muintir na Stát Aontaithe, fear de bhunadh na tíre seo. Ach ná déantar dearmad gur de bhunadh na nGael é an tUachtarán Trump chomh maith, cé go gcuirtear in leith gur beag a spéis i ndúchas Gaeltachta a mháthar, Mary Anne Nic Leòid.

Ba chainteoir dúchais Gaeilge máthair Donald John Trump a rugadh i dTunga in Eilean Leòdhas in Inse Ghall ar an 10 Bealtaine 1912. Tá Tunga trí mhíle go leith amach as Steòrnabhaigh, príomhbhaile an oileáin, mar a raibh an lámh in uachtar ag an mBéarla riamh.

Ba iad Calum Mac Leòid, iascaire agus croitéir, agus a bhean Màiri (neé Nic a’ Ghobhainn) tuismitheoirí Mary Anne, agus ba ise an duine ab óige de dheichniúr clainne.

De réir dhaonáireamh na bliana 1901, bhí Gaeilge (Gàidhlig) ag 91.2% den phobal ar Eilean Leòdhas agus ní raibh Béarla ach ag 17.2% díobh. D’imigh Mary Anne go Meiriceá i 1929, an bhliain ar theip ar Wall Street, cliseadh a chuir tús leis an Spealadh Mór a d’fhág go leor daoine beo bocht. De réir dhaonáireamh 1931, dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí Gaeilge na hAlban ag 85.5% de na daoine sa pharóiste.

I Nua-Eabhrac a rugadh athair an Uachtaráin, Fred, ach ina imirceach as an mBaváir a tháinig a sheanathair go Meiriceá.

Is iomaí cuairt a thug a mháthair agus a dheirfiúr, Maryann Trump Barry ar a baile dúchais agus thug an bheirt acu síntiúis ghnaíúla ar mhaithe le pobal an oileáin Ghaeltachta, mar a bhfuil go leor daoine muinteartha le Trump fós ina gcónaí.

Murab ionann agus an tUachtarán Trump chuir siad beirt cuidiú airgid ar fáil don phobal. Sna 1970idí chuir máthair Trump airgead ar fáil don halla pobail ina baile dúchais.

“Chuir Maryann agus a mháthair go leor airgid ar fáil do Tunga ar Leòdhas le cuidiú le costas an halla pobail ansin agus don ionad cúraim, Bethesda. Ach ní bhfuarthas pingin rua ó Donald John,” a dúirt Alice Mackay, duine muinteartha de chuid an Uachtaráin, ar chlár faisnéise a craoladh ar BBC Alba, The President’s Mother, The Mary Anne MacLeod Story.

Thug Donald Trump cuairt amháin ar Leòdhas, in Inse Ghall, i dteannta a mháthar agus é ina pháiste agus thug sé cuairt an-ghearr eile ar an oileán in 2008. Dúradh sa chlár faisnéise gur níos lú ná dhá nóiméad a chaith Donald John, mar a thugann na hoileánaigh ar an Uachtarán, istigh sa teach feirme inar rugadh a mháthair.

Meastar nár chaith sé ach trí uair an chloig ar fad ar an oileán an turas sin in 2008. Tá dhá ionad gailf agus aíochta ag Uachtarán Mheiriceá in Albain.

Rinneadh cur síos sa gclár faisnéise, ar chuir TG4 cuid den mhaoiniú ar fáil dó, ar an aistear fada a rinne Mary Anne MacLeod Trump ó Inse Ghall go Nua-Eabhrac, áit ar chas sí leis an bhfear a phós sí, Fred, athair an Uachtaráin.

Bhásaigh máthair Trump sa bhliain 2000. Thug deirfiúr an Uachtaráin, Maryann, breitheamh achomharc atá anois ar scor, go leor cuairteanna ar an oileán. In 2015 thug sí £158,000 don ionad cúraim agus ospís Bethesda atá in Steòrnabhagh ar Leòdhas.

Tá Gàidhlig beo i Tunga i gcónaí. De réir dhaonáireamh 2011, bhí Gaeilge ag 51% den phobal in Aird Thunga agus is í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ag 36% den phobal. Bunaíodh Aonad Gàidhlig sa bhunscoil anuraidh agus tá Còisir Ghàidhlig Thunga lárnach i saol an phobail.

Cá bhfios nach mbeadh deis ag Donald John breis ama a chaitheamh i measc a dhaoine muinteartha Gaelacha nuair a bheidh mí Eanáir 2021 thart.

Ceisteanna Léamhthuisceana:

  1. Cárbh as máthair an uachtaráin Trump?
  2. Céard a deirtear san alt seo faoi  Steòrnabhaigh?
  3. Tharla tubaiste sna Sáit Aontaithe i 1929 a d’fhág lorg trom ar an tír? Mínigh.
  4. Tugtar le tuiscint san alt gur beag dáimh atá ag an Uachtarán le hoileán dúchais a mháthar? Conas a chuirtear sin in iúl?
  5. Cén post a bhí ag deirfiúr an Uachtaráin? Cén fáth go bhfuil an-ghean ag muintir Tunga uirthi?
  6. Meas tú conas a bhraithfeadh Gaeilgeoir 17 bliain d’aois ag dul ó oileán beag ar chósta na hAlban go Nua-Eabhrac i 1929? An ndéanfá féin é?
  7. Oileán Gaeltachta é Leòdhas. Mínigh aon chosúlacht a fheiceann tú idir é agus Gaeltacht na tíre seo ó 1929?
  8. An bhfuil aon fhianaise san alt go bhfuil suim ag daoine fós sa Ghaeilge ar an oileán?
  9. Fear gnó is fiontraíochta é an tUachtarán Trump. Cén gnó atá aige in Albain? An bhfuil a leithéid de ghnó aige aon áit eile?
  10. Cuir in abairtí a léireoidh a gciall: de bhunadh, cuir i leith, an lámh in uachtar, gnaíúil, clár faisnéise, achomharc.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Uachtarán de bhunadh na nGael'