‘Buachaillí a bhí ionainn – ach buachaillí deasa.’
Is mar sin a thosaíonn Titaantjes, gearrscéal de chuid Nescio, údar ón Ísiltír. Gearrscéal é sin atá léite ag gach duine a d’fhreastail ar an meánscoil sa tír sin. Tá an chéad líne sin aisteach agus lón machnaimh inti.
Cén fáth ar gá a lua go sonrach gur buachaillí deasa a bhí i gceist? An é gur thuig Nescio nuair a scríobh sé an scéal sin sa bhliain 1911 – breis agus céad bliain sula raibh caint ar #MeToo agus ar an bhfearúlacht nimhneach agus a leithéid – nach bhfuil mórchuid buachaillí go deas?
‘Buachaillí a bhí ionainn – an inscne achrannach sa litríocht’. Sin é an teideal atá ar chnuasach aistí a foilsíodh san Ísiltír anuraidh agus ina ndéanann scór údar ón tír sin, idir mhná agus fhir, iarracht an cheist sin agus ceisteanna eile a bhaineann leis an bhfearúlacht sa litríocht a fhreagairt.
Ach an phostúlacht intleachtúil a bhí le brath ar chuid den scríbhneoireacht a fhágáil as an áireamh, bhain mé sult as na haistí ann. Caitear súil ar charachtair fhir chlúiteacha agus mhíchlúiteacha i litríocht an domhain: ó bhuachaillí deasa Nescio go David Lurie in Disgrace le J.M. Coetzee, ó fhir Fight Club Chuck Palahniuk go Herzog Saul Bellow, ó David agus Giovanni in Giovanni’s Room le James Baldwin go scríbhneoireacht dhírbheathaisnéiseach Karl Ove Knausgård.
Cuirtear ceist fhíorshuimiúil leis: agus an fhearúlacht (nó an phatrarcacht, más fearr leat) go mór faoi ionsaí na laethanta seo, nach gníomh réabhlóideach – cróga, fiú amháin – é athléamh, athmhachnamh agus, cinnte, comóradh a dhéanamh ar na carachtair fhicseanúla fhireanna sin ar fad ar fhás muid aníos leo? Is ea – ná carachtair fhireanna chéanna sin nár fhág a ndóthain spáis, dar le scríbhneoirí ban áirithe, do charachtair fhicseanúla ban?
Gníomh réabhlóideach agus cróga go deimhin – óir ní mór don fhear pinn a bhreathnódh siar ar stair liteartha na fearúlachta agus a déarfadh ‘buachaillí a bhí ionainn’ an cheist seo a chur air féin: ‘céard a bheidh ionainn feasta?’
‘Fir!’ an freagra a rithfeadh liomsa. Má bhíonn cuma na leisce ar an bhfreagra sin, a mhalairt atá fíor, óir tá ceist eile i bhfolach ann: ‘céard is fear ann inniu?’
Sin í an cheist a bhímse ag iarraidh a fhreagairt i mo chuid scríbhneoireachta féin cuid mhór den am, agus cá bhfios nach mbíonn cuid mhór comhghleacaithe fear agus go deimhin ban ar an ealaín chéanna. Tá an fhearúlacht i dtrioblóid, agus bhí sé thar am. Ach ná cuirimis amú géarchéim mhaith.
Gníomhaíocht 1: Triail Léamhthuisceana:
- Cárbh as Nescio?
- Cathain a scríobh sé an gearrscéal sin?
- An dóigh leat gur chóir scríbhneoirí nár thug insint na mban ar an saol a chealú?
- An bhfuil ‘lón machnaimh’ duitse sa gcéad líne sin?
- Céard a chiallaíonn ‘buachaillí deasa’ duitse?
- Cén fáth go ndéantar athléamh ar shaothar na n-údar a mhair roimh fheachtas #MeToo?
- Deir an t-údar go bhfuil ‘an fhearúlacht i dtrioblóid’. Céard atá i gceist aige, meas tú?
- Cén bhrí a bhainfeadh tusa as an bhfrása ‘fearúlacht nimhneach’?
- An dóigh leat gur chóir an scríbhneoir agus an saothar a cheangal go dlúth lena chéile?
- An dóigh leat go bhfuil sé deacair a bheith fireann in 2021?
Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:
lón machnaimh, go sonrach, idir mhná agus fhir, Cuma na leisce, an phatrarcacht, comhghleacaí, fearúlacht
Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí
- Aimsigh comhfhocal sa gcéad alt.
- Faigh sampla den Tuiseal Ginideach uatha sa sliocht
- Faigh sampla d’fhorainm réamhfhoclach sa sliocht
- Aimsigh briathar san Aimsir Láithreach sa sliocht
- Aimsigh aidiacht bhriathartha sa sliocht.
Therese
Iontach
Therese
Go Maith