LÉAMHTHUISCINT: Sceitimíní faoi chuairt Foo Fighters ar an Daingean

Gníomhaíochtaí bunaithe ar alt ó Tuairisc

LÉAMHTHUISCINT: Sceitimíní faoi chuairt Foo Fighters ar an Daingean

Gníomhaíocht 1: Tobsmaointeoireacht

  • An raibh tú riamh ag ceolchoirm?
  • Tabhair cur síos ar an ócáid.
    • Ábhar machnaimh: Cé a bhí leat? Cá raibh sé? Abair rud éigin faoin mbanna/ceoltóir, Cé mhéad a bhí ar na ticéid?
    • Úsáid an pictiúr thíos mar spreagadh.

  • B’fhéidir go mbeadh na focail/nathanna seo cabhrach:
    • thaitin/taitníonn
    • dubh le daoine
    • ag tnúth go mór
    • in éineacht liom
    • atmaisféar
    • ag canadh in éineacht
    • Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo
    • sceitimíní

Gníomhaíocht 2 – Léitheoireacht

1. “Glórmhar” agus glórach a bhí Foo Fighters in Eaglais Naomh Séamus sa Daingean oíche Dé Domhnaigh agus ceolchoirm speisialta tugtha ag ceann de na bannaí rac is mó ar domhan i gCorca Dhuibhne. Ceithre scór duine ar a mhéad a d’fhreastail ar an ócáid, a eagraíodh faoi rún mar chuid den fhéile cheoil aitheanta Other Voices, atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód. “Oíche iontach a bhí ann,” a dúirt Philip King, a bhunaigh Other Voices agus a bhí lárnach in eagrú na hócáide ag an deireadh seachtaine. “Bhí lucht féachana iontach ann agus bhaineadar an-sult go deo as…bhí sceitimíní ar dhaoine.”

2. Is ar an Satharn a thosaigh ráflaí á scaipeadh ar na meáin shóisialta go raibh rud éigin ar bun agus leoraithe a bhíonn ag iompar trealamh Foo Fighters feicthe ar an tSráid Mhór i lár an bhaile ach is i bhfad roimhe sin a fuair King scéala go raibh suim ag Dave Grohl agus a chomrádaithe teacht go Corca Dhuibhne. “Fuarthas ríomhphost réasúnta luath roimh an Nollaig ó Denis Desmond ó MCD, an promotermór,” a dúirt King agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheasar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireadh King i dteagmháil le gníomhairí Foo Fighters thall i Meiriceá agus dúradh go rabhadar ag iarraidh ceolchoirm a thabhairt in Eaglais Naomh Séamus sa Daingean. “Dúirt mise leo, ‘An bhfuil a fhios agaibh anois nach féidir ach ceithre scór duine a chur isteach sa séipéilín beag seo’?”

3. “Tháinig fear sall agus measuring tape aige agus chuaigh muid ag spaisteoireacht timpeall an tsuímh ar fad. Diaidh ar ndiaidh, dúirt siad ‘Táimid ag teacht’.” Dúirt King go raibh sé fós “ábhairín beag amhrasach” go mbeadh ceann de na bannaí is mó ar domhan sásta teacht chuig an Daingean chun seinm os comhair ceithre scór duine ach tháinig dreamanna eile anall chun na socruithe a chinntiú agus tháinig an lá mór faoi dheireadh. “Déardaoin seo caite, rinne siad taifeadadh ar [an Graham Norton Showar an BBC] agus ar an Aoine, do tháinig road crew, 30 acu, go dtí an Daingean. Ansin tháinig an banna ceoil ar an Satharn, isteach ar an jetgo dtí an Fearann Fuar.”

4. “Shiúil siad isteach sa séipéilín beag ar a cúig a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus bhí a fhios agam ansin cinnte, tá na leaids anseo agus beidh muid in ann an rud léiriú agus a chur le chéile.” Dúirt King gur “daoine áille, séimhe, cneasta” iad Grohl agus an chuid eile den bhanna. Tá cúpla cuairt ar a laghad tugtha ag Grohl ar Chiarraí. Dúirt Grohl le linn na ceolchoirme Dé Domhnaigh go raibh sé i gCiarraí den chéad uair ag tús na nóchaidí lena mháthair agus a dheirfiúr agus ba ar thuras eile chun an Ríochta, mar atá inste cheana aige, a spreagadh é chun banna nua a bhunú i ndiaidh bhás Kurt Cobain. Tá na milliúin ceirnín díolta ó bunaíodh Foo Fighters breis is 30 bliain ó shin agus ceolchoirmeacha tugtha acu ar fud an domhain ach dúirt Grohl gurb é ceann an Domhnaigh an chéad cheann acu i séipéal.

5. “Bhí timeiontach acu,” a dúirt King dúirt agus go raibh “an séipéilín beag fós ina sheasamh”, tar éis do Foo Fighters taispeántas lán fuinnimh a thabhairt. “Tá an-taithí againn rudaí a bheith glórmhar istigh sa séipéal beag. Bhí an t-atmaisféar dochreidte. Bhí an glór ard ach ní raibh sé ró-ard. D’éirigh go han-mhaith leo.” Don chuid eile againn nach raibh i láthair, rinneadh taifeadadh ar an gceolchoirm ach dúirt King go bhfuil sé le socrú go fóill cén uair agus cén chaoi a gcuirfear os comhair an phobail é. “Beidh rud ar fáil, cinnte, cinnte.”

Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  • Cé hé Philip King? (féach an fo-cheannteideal)
  • Cén cur síos a thugtar ar an gceolchoirm? (alt 1)
  • Cé mhéad duine a d’fhreastail ar an ócáid? (alt 1)
  • Cad a tharla ar an Satharn? (alt 2)
  • Cén fáth a luaitear clár le Graham Norton (alt 3)
  • Cad dúirt King faoi bhaill an ghrúpa (alt 4)
  • Cad atá i gceist ag King nuair a deir sé “Bhí time iontach acu.”
  • Téigh chuig focloir.ie nó d’fhoclóir póca agus faigh an Ghaeilge ar ‘measuring tape’.
  • Cad atá i gceist le ‘road crew’ meas tú?
  • An bhféadfá ceannlíne agus fo-cheannteideal eile a chumadh?

Gníomhaíocht 4 – Deis Taifeadta

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
  • Déan iarracht an fhoghraíocht a rá
  • Is féidir úsáid a bhaint as abair.ie le cabhrú leat. Úsáid pé canúint atá cuí duit.

Gníomhaíocht 5 – Nathanna Cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • sceitimíní
    • glórach
    • is mó ar domhan
    • dream
    • a chinntiú
    • seo caite
    • dochreidte
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa. Cabhróidh an pictiúr leat leis an gcéad cheann.

  • ráfla/ráflaí
  • …na hócáide (bí cúramach leis an gceann seo tá sé sa tuiseal ginideach).
  • na meáin shóisialta (bí cúramach faoin séimhiú)
  • ag iompar (tagann an tuiseal ginideach ina dhiaidh seo go minic)
  • comrádaithe
  • fuarthas (briathar saor san aimsir chaite)
  • atmaisféar/an t-atmaisféar

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Dhá ainmfhocal
    • Briathar sa mhodh coinníollach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Aidiacht bhriathartha.

Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Gníomhaíocht 7

  • Lig ort go bhfuil tú i láthair ag an gceolchoirm. Cuir sraith teachtaireachtaí chuig do chara ag insint dóibh cad atá ag tarlú.
  • Tá nathanna le fáil thíos má tá siad uait. Cabhróidh siad leat le smaointe agus le teanga.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Sceitimíní faoi chuairt Foo Fighters ar an Daingean'