LÉAMHTHUISCINT: Obair Dheonach le Teifigh na Fraince

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Obair Dheonach le Teifigh na Fraince

Obair charthanachta le teifigh a thug cara liom agus triúr comhghleacaithe as an tír seo go Calais na Fraince agus cúpla lá saoire acu ó FSS. Bhí cineál faitíos uirthi i dtosach mar go raibh a fhios aici gur fir óga a bhformhór nach raibh teaghlach ná páistí acu.

‘Ar dtús, níor labhair mé le duine ar bith acu. Rinne mé mo chuid oibre agus d’imigh mé as an áit,’ a dúirt sí liom.

Ní fada a bhí sí ann nuair a tháinig athrú intinne iomlán uirthi faoi na fir óga seo a bhí ag teitheadh agus ag súil le dul ‘anonn’ go Sasana ó Calais.

‘De réir a chéile a thug mé faoi deara nár ól siad, nár thógadar drugaí ná nach raibh scian ar iompar ag éinne acu,’ a deir sí.

‘An caitheamh aimsire a bhíodh acu tráthnóna ná cluiche dúradán a imirt nó cluiche boird éigin eile a thug muide ón mbaile chucu,’ dúirt sí. D’imigh an faitíos.

Thug sí an turas go Calais uirthi féin toisc go raibh sí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do na teifigh atá ag bailiú arís ar chósta thuaisceart na Fraince. Ní raibh éadaí troma acu, ní raibh campaí cearta ná málaí codlata acu agus an geimhreadh ar leac an dorais.

Chuaigh an ceathrar ar eitleán go dtí an Bhruiséil agus fuair siad carr ar cíos ansin le dul chomh fada le Calais. Bhí an carr pacáilte le héadaí geimhridh a bhí bailithe acu ó chairde agus ó chomhghleacaithe eile – gach ball éadaigh i mála faoi réir rialacha iompair Ryanair. Agus an chuid nach raibh sna málaí, bhí siad á gcaitheamh acu – bhí dhá chóta mór agus seaicéad uirthi féin an turas ar fad san eitleán.

D’admhaigh mo chara nach raibh a fhios aici cén sórt ‘córas dáileacháin’ a bheadh ansin rompu. Chuaigh sí chun na Gréige uair amháin ag plé leis an obair chéanna agus ba bheag ord ná eagar a bhí ar an gcóras ansin – cé gur deacair locht a fháil ar dhaoine a oibríonn go deonach ar son na dteifeach aon áit ar domhan.

Chuaigh an eagraíocht a bhí roimpi i gCalais ‘Care4Calais’ i gcion go mór uirthi – eagraíocht atá lonnaithe sa mBreatain ach a n-oibríonn daoine as go leor tíortha eile leo.

Chuaigh duine acu, Imogen, i bhfeidhm go mór ar mo chara. Bean óg sna fichidí í Imogen ach bhí smacht iomlán aici ar an liosta oibrithe, ar na liostaí éadaí, bróga, pacaí sláinteachais, agus gach rud a bhí coinnithe sna stórais mhóra a bhí acu i gCalais, i Dunkirk agus áiteacha eile.

Ní ann do na campaí teifeach níos mó. Nuair a dhún na húdaráis sa bhFrainc síos iad, ní raibh aon tearmann ag na teifigh. Déanann siad campa dóibh féin aon áit gur féidir. Ó am go chéile scriosann na húdaráis iad agus fágtar na daoine gan dídean. Mí na Samhna 2021, gheall ceannasaí oifig náisiúnta na n-inimirceach, Didier Leschi, go gcuirfeadh Rialtas na Fraince lóistín ar fáil feasta do theifigh a scriosfaí a gcampaí ach nach in Calais a bheadh sé sin ach áit éigin i réigiún  Hauts-de-France.

Agus iad ag brath ar na heagrais dheonacha, bíonn siad ag súil leis an gcupán tae, nó leis an mbia te má thagann sé. Tharla lá nár tháinig an leoraí leis an mbia te agus ar an bpointe chuaigh Imogen i mbun oibre. Rinne sí cinnte de gur tugadh amach na céadta cupán tae, caife, nó deoch mhilis – i gcásanna áirithe, caitheadh isteach meall mór siúcra sa gcupán. ‘Bhí siad lag agus theastaigh fuinneamh uathu.’

Agus cad é an rud is géire a theastaíonn ó na teifigh? Sea, an gléas le cumhacht a chur sa bhfón soghluaiste. Tá na céadta de na gléasanna acu, iad ceangailte le leictreachas ón ngineadóir agus is orthusan a bhíonn an tóir is mó chuile lá beo.

‘Ní fiú cadhnra breise a thabhairt dóibh ná fiú an luchtaire don chadhnra féin – níl aon bhealach acu lena iompar agus goidtear uathu iad.’

Gach lá oibríonn na hoibrithe deonacha de réir sceideal dian – tosaíonn siad ar maidin le cruinniú eolais, tugtar amach na jabanna agus tarlaíonn an rud céanna tar éis am lóin. B’fhéidir go n-iarrfaí ar dhuine acu na geansaithe a thabhairt amach. Ní féidir a bheith ródhian ar dhaoine. Mura dteastaíonn geansaí áirithe ó dhuine, beidh dhá rogha eile aige agus ansin má tá sé fós míshásta, caithfidh sé dul go dtí deireadh na scuaine.

Ar bhealach, cuidíonn an córas sin, ní hé amháin le héifeachtúlacht na hoibre carthanachta, ach tugann sé sólás intinne agus muinín do na teifigh bhochta.

‘Bhíodar de shíor ag glacadh buíochais linn,’ a dúirt mo chara. ‘Chuaigh an córas ‘ciúála’ go mór i bhfeidhm orthu. Roimhe sin, dúirt siad go mbíodh cúrsaí ina gcíréib beagnach, aon uair a dtugtaí bia amach. I gCalais, ní hé amháin go raibh orthu seasamh sa líne, ach bhí spás leagtha síos eatarthu ar mhaithe le cosaint ó Covid. Cheapadar go raibh sin iontach ar fad.’

Oíche i ndiaidh oíche bíonn na fir óga seo ag faire ar a seans le spás a fháil i mbáidín beag inséidte, le dul trasna Muir nIocht, ceann de na bealaí loingseoireachta is contúirtí ar domhan.

‘Ach smaoinigh ar an turas atá déanta acu faoin am a sroicheann siad Calais,’ a dúirt mo chara liom. ‘Tagann siad ón bPacastáin, ón Afganastáin, ón Aetóip, ón tSúdáin, trasna ghaineamhlach an Sahára b’fhéidir, trasna na Meánmhara – ceapann siad nach tada é an turas deireanach sin go Sasana.’

Agus an geimhreadh chugainn ní bheidh aon bháidín in ann tabhairt faoin bhfarraige, Beidh na cótaí agus na hataí olla ag teastáil go géar.

Agus é ar intinn ag Rialtas na Breataine anois dlí nua a thabhairt isteach ionas gur féidir leo teifigh a chur caol díreach ar ais go dtí an áit as a dtáinig siad, beidh deireadh leis an mbeagán dóchais atá ag na himreoirí cártaí agus dúradán ar chósta cruálach Calais.

Chuala mo chara scata díobh ag gáire an oíche cheana. Ag bearradh gruaig a chéile a bhíodar leis na bearrthóirí leictreacha a thug sise chucu as Éirinn.

‘Dá bhfeicfeá an chraic a bhíodar a bhaint as an gcúram simplí sin,’ a dúirt sí liom. ‘D’ardódh sé do chroí.’

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana:

  1. Cad a thug cara an údair go tuaisceart na Fraince? Ar mhaith leatsa obair dá leithéid?
  2. Cén fáth a raibh sí neirbhíseach faoi na teifigh?
  3. Fuair sí amach gur dea-dhaoine a bhí iontu. Conas a léirigh sí é sin don údar?
  4. Cén fhadhb a bhí ag na hoibrithe deonach agus iad ar a slí go dtí an Bhruiséil?
  5. An raibh an córas cabhrach in Calais dea-eagraithe?
  6. Cén sórt duine í Imogen?
  7. Cén fáth a dtugtar trí rogha do na teifigh agus éadaí á ndáileadh?
  8. Tá athrú ar an dlí inimirce i Sasana. Cén tionchar a bheidh aige sin ar na teifigh seo?
  9. Cén féirín ab fhearr leis an fir seo i gcampaí Calais?
  10. Is tusa atá i gceannas ar pholasaí imirceach na Fraince. Conas a thabharfá faoin éigeandáil in Calais a réiteach?

Gníomhaíocht 2: Cum do chuid abairtí féin:

Comhghleacaithe, eagraíocht charthanachta, ball éadaigh, ina chíréib, ar mhaithe le, tearmann, athrú intinne

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh aidiacht san uimhir iolra sa chéad alt.
  • Aimsigh ainm briathartha sa sliocht.
  • An bhfeiceann tú aon dobhriathar sa sliocht seo?
  • Faigh forainm sa chéad alt.
  • Drochbhail (na teifigh)
  • Feachtas (tarrtháil)
  • Ceachtanna (an obair dheonach)

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Obair Dheonach le Teifigh na Fraince'