LÉAMHTHUISCINT: Muilte Gaoithe nó Olltubaiste Aeráide?

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Muilte Gaoithe nó Olltubaiste Aeráide?

Bhuail taom den ‘ní-ar-leac-mo-dhorais-se-achas’ mé le deireanas nuair a bhí tamall á chaitheamh agam i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Muilte gaoithe i ngach uile áit. Uch.

Níorbh iad na muilte gaoithe cáiliúla ar an seandéanamh a bhí ag cur tinnis orm ach na cinn nua-aoiseacha. Bhíothas tar éis cinn nua a thógáil ó bhí mé sa bhaile cheana agus mhill siad an radharc ó mo sheanseomra codlata.

Ba mheasa fós na grianphainéil a bhainfeadh na súile asat lena loinnir ghorm agus a chlúdaigh díonta na dtithe agus a líon goirt ina mbíodh caoirigh ag innilt tráth. Mar bharr ar an donas bhí na grianphainéil a bhí curtha ar an díon ag duine de na comharsana ar fiar, claonuillinn a bhí rómhór le go bhféadfá neamhaird a dhéanamh di. Bhí siad sách gránna mar a bhí, ach ar an gcaoi seo chuir siad soir mé chuile uair dár shiúil mé thar theach na gcomharsan!

Tuigeann chuile dhuine go bhfuil géarghá le fuinneamh inathnuaite, ach níl mórán daoine ag iarraidh páirc muilte gaoithe nó feirm ghrianphainéal a bheith ar leac an dorais acu.

Tuigeann na húdaráis an méid sin agus níos minice ná a mhalairt, is i gceantair thuaithe, i bhfad ó na cathracha móra mar a bhfuil cónaí ar mhórchuid na vótóirí, a bheartaítear na tograí fuinnimh inathnuaite is mó agus is conspóidí a thógáil.

An lá faoi dheireadh, chonaic mé tuairisc theilifíse ó thuaisceart Chríoch Lochlann, áit a dtugann pobal bundúchasach na Sámach ‘coilíniú glas’ ar an bhfeiniméan thuas.

Chuir mé spéis mhór i rud a bhí le rá ag polaiteoir Sámach ón tSualainn, Hanna Sofie Utsi: ‘Dar le go leor Sámach níl rud ar bith “glas” faoi chumhacht uisce agus cumhacht ghaoithe mar fhoinsí fuinnimh. Ba cheart fuinneamh a ghiniúint san áit a bhfuil cónaí ar na daoine a úsáidfidh é.’

B’in mar a bhí fadó, fadó: na muilte gaoithe gleoite ar an seandéanamh a mheallann oiread turasóirí go dtí an Zaanse Schans san Ísiltír, mo thír dhúchais. Tógadh iad san 18ú haois chun fuinneamh a sholáthar don chéad cheantar tionsclaíoch san Eoraip. Fuinneamh meicniúil, ar ndóigh; ní raibh leictreachas ann ag an am. Bhíodh a mhuileann féin ag gach ceann de bhreis is 600 monarcha.

Nár dheas an rud é dá bhféadfaimis filleadh ar an lá sin agus an fuinneamh a theastaíonn uainn a tháirgeadh san áit a dteastaíonn sé uainn? Ach is baolach nach í seo an 18ú haois a thuilleadh agus go bhfuil saol an lae inniu ródhomhandaithe. Cá mbeadh muintir na tuaithe gan na carranna leictreacha, na fóin phóca, na ríomhairí agus na hearraí eile a tháirgtear i gceantair thionsclaíocha an domhain? Bíodh daoine faoin tuath nó sa chathair, is cinnte go mbaineann siad úsáid, go hindíreach, as an bhfuinneamh a úsáidtear i monarchana móra na Síne, na hIndia, na Gearmáine agus áiteanna nach iad.

Tá olltubaiste aeráide ag bagairt ar thuath agus ar chathair araon agus go dtí go mbeidh foinsí fuinnimh inathnuaite níos éifeachtaí ar fáil, is baolach go mbeidh ar an dá dhream cur suas le muilte gaoithe agus painéil ghréine ar leac a ndorais.

Mar sin féin, sílim go bhfuil gaois ag baint leis an dearcadh ‘gintear fuinneamh san áit a n-úsáidfear é’ má chuirtear an aguisín ‘oiread agus is féidir’ leis.

Nárbh fhearr i bhfad go leor leor muilte gaoithe beaga a thógáil – ceann amháin i ngairdín gach tí abair – ionas nach mbeidh gá ach le corrcheann ollmhór? Agus grianphainéil ar dhíon gach tí ionas go mbeidh goirt fágtha do na caoirigh?

Chomh fada agus nach mbíonn na painéil chéanna ar fiar, ar ndóigh.

Gníomhaíocht 1:  Triail Léamhthuisceana:

  1. Cár rugadh an t-údar?
  2. Cén fáth gur chuir na muilte gaoithe isteach chomh mór sin air?
  3. Cén fhadhb a luann sé leis na painéil ghréine nua?
  4. Níor thaitin painéil na gcomharsan leis. Cén fáth?
  5. Cén fáth go dtugann pobal dúchais Chríoch Lochlann ‘coilíniú glas’ ar na muilte gaoithe?
  6. Cén difríocht idir muilte na haoise seo agus na seanmhuilte gaoithe?
  7. ‘Tá saol an lae inniu ródhomhandaithe’ a deir an t-údar. Mínigh cad tá i gceist aige, dar leat?
  8. Tá moladh aige faoi mhuilte gaoithe beaga. An bhféadfaí sin a dhéanamh?
  9. Cén fhadhb is mó a bhíonn le muilte gaoithe mar fhoinse fuinnimh?
  10. Céard a cheapann tú féin faoin ‘ní-ar-leac-mo-dhorais-se-achas’? An bhfuil aon leigheas air? 

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

Tír dhúchais, giniúint fuinnimh, foinse inathnuaite, is baolach, ar an seandéanamh, saol an lae inniu

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh ainm briathartha sa sliocht
  • Aimsigh ainmfhocal iolra sa tuiseal ginideach sa sliocht
  • Faigh briathar sa mhodh coinníollach sa sliocht
  • Faigh sampla den Aimsir Ghnáthchaite sa sliocht
  • Aimsigh briathar saor sa mhodh ordaitheach sa sliocht

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Muilte Gaoithe nó Olltubaiste Aeráide?'