LÉAMHTHUISCINT: Is breá iad na foghlaimeoirí Gaeilge

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Is breá iad na foghlaimeoirí Gaeilge

1. Bheadh Corca Dhuibhne molta agus mise im’ tost, mar a deireann an cliché. Áilleacht mhínádúrtha, cnoic, aibhneacha, sléibhte, goirt, páirceanna, portaigh is móinéir. Láithreacha seandálaíochta agus staire le hanama na marbh. Gan trácht ar chuanta, tránna, cuasa, góilíní agus farraigí. Fáil ar bhia breá folláin gan trácht ar thaoscáin phórtair is Pinot Grigio.

Níl cur síos ná insint scéil ar an samhradh agus an spalpadh gréine a fuaireamar i mbliana. Bheadh mórtas ar dhuine a rá gur leo féin mar dhúthaigh í. Ní minic go deimhin a bhraithfeadh duine mar sin sa phaiste seo agus an aimsir á tarrac anuas chucu.

Bhí an dúthaigh báite ag an mbraon anuas le leathbhliain mhaith roimhe sin agus ní gá domsa é sin a chur i gcuimhne d’éinne. Cheapamar ná cífimis triomach ná sámhnas go deo arís.

2. I ndúluachair na bliana is ea a bhíonn triail ar an misneach agus an meanma anseo. An ní a choimeádann cuid againn beo agus an ceo go bun na gcluas orainn ná cuimhneamh siar ar na daoine breátha a chas orainn ar chúrsaí teanga agus oidhreachta ar an mBuailtín i rith an tsamhraidh.

Is mór an seó iad na Laethanta Breátha a thagann inár measc. Sin é an t-ainm a bhí ag na seandaoine go léir ar chuairteoirí a thagadh anseo fadó ag foghlaim mar ná raibh acu ach an ‘Lá breá!’ nuair a chasaidís ort. Bail orthu.

An t-ardú croí a chuireann siad ar mhuintir na háite gurbh fhiú leo teacht an  dúthaigh chun ár dteanga  a fhoghlaim, a chleachtadh agus a labhairt. Gur mór acu a bhfuil againne ón gcliabhán a bheith acu féin. Go dtagann siad thar n-ais cuid acu, bliain i ndiaidh bliana. Oilithreacht chultúrtha á déanamh acu.

Is mó duine eile a thagann an dúthaigh ar saoire agus níos measa fós, a chuireann fúthu ann, ná léiríonn meas madra ar chultúr ná teanga na daoine. A chuireann rompu ba dhóigh leat, aon teanga ach teanga na muintire a labhairt. Ag brú Béarla gan scáth gan náire ar dhaoine uaisle.

Cloisimid fés na Sasanaigh a théann chun cónaithe sa Spáinn, ná foghlaimíonn focal Spáinnise, a mhaireann i ngeiteonna lán Sasanach agus gur cuma leo sa sioc fé chultúr na tíre faid is féidir leo an pinsean a tharrac agus an Cervezas saor a chaitheamh siar. Tá siad ag baile againn.

3. Agus mé amuigh ar mo rothar ar bhóithre an cheantair deinim taighde beag dom fhéin. Beannaím i nGaolainn d’éinne des na sluaite a bhíonn a’ rothaíocht is a’ coisíocht a chaitheann sracfhéachaint im’ threo. Má dheinim, freagra sa teanga san ní fhaighim.

‘Nár fhaighead-sa aon tor’ (toradh),’ a deireadh mo mháthair fadó agus í ag fógairt ar dhuine éigin dá clann mhac is iníne ná raibh á freagairt. Cuireann sé lagmhisneach orm. Is minic anois ná bacaim beannú dóibh, béas a théann go hiomlán i gcoinne nádúr is muintearas traidisiúnta an Éireannaigh. Ach maireann cuimhne na Laethanta Breátha léannta cultúrtha a tháinig inár measc le linn bhiaiste léinn an tsamhraidh beo.

4. De bharr an ráig de Covid-19 atá ag bagairt ar an uile dhuine againn i mbliana, ní bheidh aon chúrsaí foghlama teanga sa Ghaeltacht an samhradh seo ná b’fhéidir aon chead ag aon duine againn an baile a fhágáil. Is mór an buille é sin don Ghaeltacht mar meastar gur fiú €50 milliún na cúrsaí samhraidh sin don Ghaeltacht – teaghlaigh, siopaí, oidí, cúntóirí, comhlachtaí iompair agus na coláistí féin. Ach ní ceist eacnamaíochta amháin an cosc sin.

Tugann na foghlaimeoirí sin, idir óg is aosta, a léiríonn a meas ar an nGaeilge ardú meanma, comhluadar agus misneach do phobal na Gaeltachta.

Agus tugann slán sinn tamaillín eile.

Gníomhaíocht 1 –  Triail Tuisceana – Ceisteanna Tuisceana

  1. Is léir go bhfuil an t-údar an-mhórtasach as Corca Dhuibhne i gcontae Chiarraí. As na rudaí iontacha ar fad a luann sí, cad iad na trí rud is mó a thaitneodh leat féin? (alt 1)
  2. Nuair a bhíonn an samhradh thart cad a thugann sásamh di? (alt 2)
  3. Cé hiad na ‘Laethanta Breátha’? Cén bunús a bhí leis an ainm sin? (alt 2)
  4. Tagann dream eile ar cuairt chun an cheantair nach léir aon ghean ag an údar orthu. Cé hiad agus cén fáth go gcuireann siad as di? (alt 2)
  5. Cad a chuireann lagmhisneach ar an údar agus í amuigh ag rothaíocht? (alt 3)
  6. Cén béas nua a théann i gcoinne mhuintearas traidisiúnta an Éireannaigh? An aontófá féin leis an údar? (alt 3)
  7. Tá athrú mór i ndán don Ghaeltacht i mbliana. Cad é agus cén fáth ar tharla sé? (alt 5)
  8. Luaitear dhá bhuntáiste éagsúla a bhaineann leis an coláistí samhraidh don Ghaeltacht. Cad iad? (alt 5)
  9. Cén tionchar is measa a bhí ag Covid-19 ortsa? Ar fhoghlaim tú aon rud uaidh?
  10. ‘Tugann slán sinn tamall eile’. Cad iad an dá rud is mó a chuidíonn leatsa cur suas leis an ngeimhreadh fada?  Cé acu is fearr leat saol na tuaithe nó saol na cathrach sa gheimhreadh?

Gníomhaíocht 2 – nathanna cainte le cur i d’abairtí féin

Gan scáth gan náire, gan trácht ar, an braon anuas, dúluachair na bliana, go bun na gcluas, ón gcliabhán, meas madra…

Gníomhaíocht 3 – Cúinne na Gramadaí

a  Faigh sampla den tréaniolra in alt 1.

b Faigh briathar san aimsir láithreach in alt 2.

c Faigh briathar san aimsir ghnáthchaite, tríú pearsa iolra in alt 2.

d Faigh breischéim aidiachta in alt 2

e Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

           Tá cuimhní (an drochaimsir) á ndearmad againn.

           Tá an ceantar lán le hiarsmaí (seandálaíocht).

           Caitheamh aimsire (an rothaíocht) is ansa liom.

           Tionchar (an galar) ar chúrsaí sóisialta is eacnamaíochta na tíre.

           Neamhshuim na gcuairteoirí in oidhreacht (an áit).

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Is breá iad na foghlaimeoirí Gaeilge'