LÉAMHTHUISCINT: Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta

Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta

Tá an grúpa feachtais BÁNÚ ag iarraidh go ndéanfaí leasú ar an reachtaíocht chun feidhm shonrach a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá an moladh go ndéanfaí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta ar cheann de roinnt moltaí a rinne an grúpa os comhair coiste Oireachtais i dTeach Laighean inné.

Ag an gcruinniú, dúirt Adhna Ní Bhraonáin ó BÁNÚ go bhfuil an easpa soláthair tithíochta ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol agus go bhfuil “an chéad ghlúin eile tuismitheoirí á brú amach as na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar”.

Chomh maith leis an leasú ar an reachtaíocht, tá BÁNÚ ag moladh go mbeadh cead ag an Údarás tithe a thógáil; go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta deontais ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo lonnú sa Ghaeltacht; agus go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, mar atá geallta ag an Aire Tithíochta.

Dúirt Adhna Ní Bhraonáin gur chas BÁNÚ leis an Aire Tithíochta le gairid agus gur thug sé le fios go bhféadfaí tuilleadh cumhachta a thabhairt don Údarás le tithe a thógáil sa Ghaeltacht.

“Thug sé le fios go bhféadfadh an tÚdarás tabhairt faoi sholáthar tithíochta ar a suíomhanna, ach na hacmhainní daonna is airgeadais a bheith curtha ar fáil,” a dúirt sí.

“Le nach mbeadh aon amhras ná comhartha ceiste faoi chumhacht a bheith ag an Údarás dul ag plé le tithíocht, tá BÁNÚ ag moladh go gcuirfí leasú ar Acht Údarás na Gaeltachta le go mbeadh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht mar cheann d’fheidhmeanna sonracha an Údaráis faoin dlí.”

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, ball de BÁNÚ, go raibh sé de chumhacht ag Roinn na Gaeltachta deontais a thabhairt do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag iarraidh teach a cheannach sa Ghaeltacht agus nár baineadh úsáid as an gcumhacht sin le nach mór deich mbliana. Dúirt Ó hÉallaithe go raibh sé “aisteach” nach mbeadh an Roinn ag baint úsáid as an gcumhacht i láthair na huaire agus géarchéim tithíochta sa tír.

Chuir an Teachta Éamon Ó Cuív fáilte roimh mholtaí BÁNÚ agus dúirt sé nach bhféadfaí aon argóint a dhéanamh ina dtaobh ach gur theastaigh plé “níos mine” ar an scéal mar gur ábhar casta atá ann.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

  1. Cén t-ainm atá ar an ngrúpa a bhí os comhair an choiste oireachtais i dTeach Laighean?
  2. Cén t-ábhar nó feachtas atá luaite leis an ngrúpa?
  3. Cén chontúirt a bhaineann leis an easpa soláthair tithíochta, dar le hAdhna Ní Bhraonáin?
  4. Céard a dúirt an tAire Tithíochta le hionadaithe BÁNÚ nuair a chas sé leo?
  5. Céard a bhí ‘aisteach’ faoi chur chuige na Roinne, dar le Donncha Ó hÉallaithe?
  6. Mhol BÁNÚ ceithre rud ag an gcruinniú, mínigh trí cinn de na moltaí sin.
  7. Cén uair a stop an Roinn ag tabhairt deontais do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach sa Ghaeltacht?
  8. Ar aontaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív lena raibh le rá ag ionadaithe BÁNÚ ag an gcruinniú?

Gníomhaíocht 2 – Cum d’abairtí féin:

Cuir na nathanna agus focail seo in abairtí de do chuid féin:

an chéad ghlúin eile
chomh maith leis sin
thug sé le fios
le gairid
nach mór
i láthair na huaire

Gníomhaíocht 3 – Bí ag scríobh agus ag caint

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

Cén réiteach atá ar an ngéarchéim thithíochta?

  • Scríobh 5-7 bpointe
  • Cuardaigh focail agus briathra nua ar teanglann.ie agus focloir.ie
  • Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus pléigh léi/leis iad. An aontaíonn tú léi/leis?

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Cúinne na gramadaí

Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:

  • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha
  • Briathar saor sa mhodh coinníollach
  • Réamhfhocal + urú
  • Réamhfhocal + séimhiú
  • Aidiacht iolra

Gníomhaíocht  5 – Cleachtadh léitheoireachta

Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.

Úsáidigí an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht. 

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta'