LÉAMHTHUISCINT: Gaeltacht bheag é mo theach féin

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Gaeltacht bheag é mo theach féin

Tá muid ar cheann den 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Níl ach 23% den 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge, de réir taighde atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe agus Dhún na nGall atá formhór na dteaghlach atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Tá 1,414 de na teaghlaigh sin i nGaillimh agus tá 857 i nDún na nGall. 621 teaghlach atá ar fud na gceantar Gaeltachta eile, i gCiarraí, Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí.

Léirítear sa taighde nua, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, go labhraíonn 16% (4,090) de pháistí agus daoine óga faoi 18 sa Ghaeltacht Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Meabhrú atá sna figiúirí sin – a leochailí is atá an teanga fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, a laige is atá sí i gceantair eile agus an céatadán beag de theaghlaigh na Gaeltachta atá ag cur de stró orthu féin a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

Deir an Dr Neasa Ní Chuaig, príomhthaighdeoir na tuarascála gur léiriú é an taighde ar an “claonadh i dtreo an Bhéarla” atá i dteaghlaigh na Gaeltachta.

Tá “tacaíocht, treoir, agus comhairle” de dhíth ar thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge “ionas nach dtiocfaidh lagmhisneach orthu,” a deirtear sa taighde.

Deirtear gur chóir do na dreamanna ar fad atá ag obair le teaghlaigh na Gaeltachta teacht le chéile agus “plean cinnte” a leagan amach agus “maoiniú seasta” a lorg ó na húdaráis don phlean sin. Moladh chomh maith go ndéanfaí taighde eile le fáil amach cén fáth nach labhraíonn daoine ón Ghaeltacht Gaeilge lena bpáistí.

Seachas pacáiste beag ina raibh cúpla leabhar Gaeilge do pháistí agus leabhrán beag eolais ní fheicim go bhfuil aon tacaíocht, treoir ná comhairle ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge faoi láthair. Mar thuismitheoir, atá ina cónaí sa Ghaeltacht, tá sé deacair gan a bheith lagmhisniúil, go háirithe nuair is léir go bhfuil níos mó focal Béarla ag mo mhac dhá bhliain d’aois in ainneoin na n-iarrachtaí ar fad.

Tá muid inár gcónaí ar an Spidéal agus ní chuireann a bhfuil sa tuarascáil taighde aon iontas orm. Is é an Béarla is mó a chluintear i bpáirc spraoi an Spidéil, faraor. Bhuail mé le máthair amháin sa pháirc spraoi chéanna ar na mallaibh a cheannaigh teach ar an Spidéal le linn na dianghlasála. Saol nua faoin tuath a bhí uathu agus iad tinn tuirseach den saol san ardchathair, a dúirt sí. D’admhaigh sí chomh maith nár thuig sí “i gceart” go raibh an teach nua sa Ghaeltacht.

“Does that mean all the schools will be pushing the Irish?” ar sise.

Deirtear go bhfuil an cás sa Spidéal anois mar a bhí Bearna deich mbliana ó shin, agus ar an drochuair, is beag Gaeilge a chluinfeá agus tú ag siúl thart fán sráidbhaile sin inniu.

Is í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt agamsa leis na páistí. Béarla a bhíonn á labhairt ag mo chéile leo, cé go dtarraingíonn sé ar an Ghaeilge a d’fhoghlaim sé ar scoil agus leabhair á léamh aige. Labhraíonn an feighlí leanaí Gaeilge leo fosta agus tá muid an-bhuíoch go bhfuil an socrú sin againn. Tugadh suntas sa tuarascáil nua do na deacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí sa Ghaeltacht teacht ar fheighlithe leanaí a bhfuil Gaeilge acu toisc easnamh mór a bheith ann.

D’uireasa treoir, tacaíocht is comhairle a bheith ar fáil, tá mé chun beart réabhlóideach a dhéanamh chun an lagmhisneach a ruaigeadh. Tá mé chun Gaeltacht a chruthú taobh istigh de mo theach féin. Ní chluinfear focal Béarla ar aer nó ar scáileán sa teach seo fad a bhíonn na leanaí ina suí. Gaeilge ar fad a labhróidh mé le mo pháirtí go dtí go dtéann na leanaí a luí! Feicfimid an ndéanfaidh sé difear ar bith!

Gníomhaíocht 1: Ceisteanna Tuisceana

  1. Cé mhéad teaghlach Gaeltachta arb í an Ghaeilge teanga an tí acu?
  2. Cé acu seo atá fíor faoin nGaeltacht? Labhraíonn breis is triúr as gach ceathrar Gaeilge lena gclann nó Ní labhraíonn níos mó ná triúr as gach ceathrar Gaeilge lena gclann.
  3. An í Gaeltacht Chiarraí an Ghaeltacht is láidre sa tír?
  4. Cé mhéad de dhaoine óga na Gaeltachta a bhíonn ag comhrá lena gcairde nGaeilge?
  5. Cé hí Neasa Ní Chuaig?
  6. Cén cúnamh a fuair an t-údar le cuidiú léi Gaeilge a thabhairt dá clann óg?
  7. An dóigh leat go bhfuil daoine sa nGaeltacht nach eol dóibh go bhfuil siad ina gcónaí sa nGaeltacht?
  8. Cén beart réabhlóideach a shocraigh an t-údar a dhéanamh?
  9. An dóigh leat go bhfuil cainteoirí Béarla ar fud an domhain leisciúil ó thaobh an ilteangachais? Tabhair fáth le do fhreagra.
  10. An bhfuil an t-údar seo ródhiúltach? An bhfuil údar dóchais tugtha faoi deara agatsa nó aon mholadh agat di?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

ar fud na tíre, meitheal, de dhíth ar.., is léir, ar na mallaibh, ar an aer, tinn tuirseach de..

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Faigh sampla den ainm briathartha sa chéad alt
  • Faigh sampla den aidiacht bhriathartha sa chéad alt
  • Muintir [an Ghaeltacht]
  • Moltaí [an tuarascáil]
  • Teanga [an feighlí leanaí]
  • Teanga [an teaghlach]
  • Beirt [tuismitheoir]

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Gaeltacht bheag é mo theach féin'

  • danielle

    Fág freagra ar ‘LÉAMHTHUISCINT: Gaeltacht bheag é mo theach féin’