Dé Domhnaigh, Bealtaine 1 2022 ag 7:59 pm
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana
Cén fáth dar leat ar cuireadh an fhísghrafaic seo le chéile?
Cén fáth a luaitear ceannlínte sa chéad alt?
Céard atá i gceist le “cros-seiceáil”?
Céard atá i gceist le “iontaofa”?
Má bhaineann an scéal gáire asat céard ba cheart duit a bheith airdeallach faoi?
Cén uair ar cheart duit cuardach claoníomhánna a úsáid?
Déan cur síos i d’fhocail féin céard atá i gceist le bréagnuacht?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta
Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
Nod
Preab
D’fhéadfá
Cuardach
Scaip/ag scaipeadh
Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
Claonta
Guaim
Earráid
Aitheanta
Iontaofa
Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint:
Téigh chuig rannóg nuachta tuairisc.ie agus aimsigh cúig scéal nuachta.
Déan dhá cheannlíne a chumadh do gach ceann; ceann cruinn agus ceann gáifeach.
Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie .
Ansin, léigh na deich gceannteideal atá scríofa ag do pháirtí. An bhfuil tú in ann na cinn chruinne agus na cinn gháifeacha a aithint? Inis do do pháirtí cén fáth.
Gníomhaíocht 5 – Nasc ábhartha eile:
Seo nasc chuig alt eile ar Tuairisc.ie faoin mbréagnuacht.
https://tuairisc.ie/laithreach-bonn-dushlan-don-daonlathas-an-bhreagnuacht-agus-gearcheim-an-mhi-eolais/
Léigh é agus déan é a phlé le do pháirtí.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Conas bréagnuacht agus mí-eolas a aithint…'