LÉAMHTHUISCINT: Cearta ban

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Cearta ban

Léigh mé an tseachtain seo go bhfuil mainicín atá ag caitheamh an hijab agus burkini chun tosaigh in eagrán na gcultacha snámha den iris Sports Illustrated i mbliana. Nach aoibhinn Dia dúinne, mná, agus muid ag maireachtáil i ré na gcomhdheiseanna!

Is í an mainicín Halima Aden, bean Mhoslamach, ón tSomáil ó dhúchas a tháinig go Meiriceá mar theifeach agus í sé bliana d’aois, a bheidh mar réalt i bhforlíonadh bliantúil na hirise.

Níl aon amhras ach gur laoch í Aden. Rugadh í i gcampa teifeach sa Chéinia, áit a raibh a clann ina gcónaí théis dóibh éalú ó chogadh sa tSomáil. Bhog a clann go St. Louis i Minnesota agus is ann a chuaigh sí ar scoil.

Tháinig Aden chun suntais dhá bhliain ó shin agus í naoi mbliana déag d’aois nuair a chuir sí isteach ar chomórtas Miss USA agus ba í an chéad bhean a chaith an hijab agus í san iomaíocht sa gcomórtas sin.

Ó shin, bhí sí ar chlúdach na hirise Vogue agus irisí idirnáisiúnta eile. Tréaslaím a cuid oibre léi agus guím gach rath uirthi. Níl aon dabht ach go bhfuil sí ag seasamh an fhóid do chailíní óga Moslamacha ar mhaith leo a leithéidí féin a fheiceáil sna hirisí faisin.

Ach ní thugann gaiscí Aden cead do Sports Illustrated a bheith ag maíomh as cearta na mban a chur chun cinn.

Rith sé liom nach raibh aon rud ar eolas agam faoin iris ach amháin an chaint bhliantúil ar eagrán na gcultacha snámha. Céard faoi a scríobhann lucht Sports Illustrated an chuid eile den bhliain ar aon chaoi?

An raibh seans ann gur cás leo cearta na mban is go mbíonn siad ag treabhadh leo ó cheann ceann na bliana chun spóirt na mban a chur ar comhchéim le spóirt na bhfear?

Thug mé cuairt ar a suíomh idirlín. Dheamhan bean a chonaic mé ar an gcéad leathanach den suíomh ‘above-the-fold’. Shílfeá go mbeadh na mílte bean ag imirt spóirt ar bhonn gairmiúil sna Stáit Aontaithe, ach seans go bhfuil dul amú orm.

Ag bun an leathanaigh d’aimsigh mé grianghrafanna de Serena Williams (an t-aon bhean spóirt i Meiriceá, is cosúil) agus chonaic mé an físeán faoin eagrán snámha le Halima Aden.

Chliceáil mé isteach sa rannóg snámha den suíomh agus bhí áthas orm a fheiceáil go bhfuil seirbhís comhairleoireachta chuimsitheach curtha ar fáil ansin d’aon bhean a mbeadh aon cheist aici faoi chultacha snámha.

Is cosúil go bhfuil dhá rogha sa bhfaisean i mbliana, tá an burkini ann, ar ndóigh. Agus an rogha eile atá ar fáil ná triantáin bheaga éadaigh a chlúdaíonn na didí agus an gabhal agus atá ceangailte den chorp le sreangáin bheaga chaola.

Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá sé de cheart ag Sports Illustrated agus ag aon iris eile freastal a dhéanamh ar a lucht léitheoireachta féin.

Tabhair cuairt, mar shampla, ar an iris Vogue agus is beag fear a fheicfidh tú ar an leathanach baile.

Ach, ní fhaca mé Vogue ag maíomh go bhfuil siad ag cur chearta na bhfear chun cinn mar atá á mhaíomh ag Sports Illustrated i dtaobh chearta na mban agus eagrán na gcultacha snámha.

Más cás leo cothromaíocht agus comhdheiseanna, cén fáth nach bhfuil aon chomhairle acu d’fhir atá ag déanamh iontais cén t-éadach a chuirfidh siad orthu ag dul ar an trá i mbliana?

Nó an bhfuil aon aird acu ar na fir óga bhrionglóideacha ar mhaith leo go mbeidís féin le feiceáil in eagrán na gcultacha snámha? An bhfuil aon dóchas i ndán dóibh sin?

Más cothromaíocht atá ón iris, tugadh sí cead do na fir a bheith spréite i mbriseadh na trá sa mburkini nó sna triantáin bheaga shreangánacha, má thograíonn siad é.

Bheadh cothromaíocht ansin cinnte, agus fágadh sí cearta na mban faoi dhream éicint eile.

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Céard a chuir iontas ar an údar san iris?
  2. Scríobh síos trí phíosa eolais faoi Halima Aden.
  3. Cén rud suntasach a rinne an mainicín seo i gcomórtas Miss America?
  4. Ní maith leis an údar go mbeadh an iris Sports Illustratedag maíomh as a dtiomantas do chearta na mban? Cén fáth a cheapann tusa atá lena míshásamh?
  5. Measann an t-údar gur beag bean spóirt a bhíonn á gceiliúradh san iris seo. Meas tú cén fáth?
  6. Tá seirbhís comhairleoireachta ag an iris, a deir an t-údar linn. Céard faoi an chomhairle sin?
  7. Ní bhíonn mná spóirt ar Sports Illustratedagus ní bhíonn mórán fear i Vogue. Ach tá difríocht mhór idir an péire, a deir an t-údar.  Céard é an difríocht sin?
  8. Deir an t-údar linn gur chóir den iris comhdheiseanna a thabhairt d’fhir agus do mhná agus molann rogha amháin dóibh. Céard é? An dóigh leat go bhfuil margadh ann dó?
  9. ‘Fágadh sí cearta na mban faoi dhream éicint eile.’ An dóigh leat gur drochrud mná a bheith ina n-éadaí snámha in iris spóirt nach dtugann aon aird ar spóirt na mban?
  10. Ar chóir a bheith ag tabhairt amach faoi mhná na n-irisí spóirt má tá na mná sin sách sean agus cúinsí maithe oibre acu?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

Nach aoibhinn do.., fostóir comhdheiseanna, cothrom na Féinne, bheith ag maíomh, ag treabhadh leis, ag déanamh iontais de, ar comhchéim, ag seasamh an fhóid.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh ainm briathartha sa chéad alt
  • An [oileán] beag
  • Triantáin [beag bídeach]
  • Clúdach [an iris]
  • Ag déanamh [iontas]

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Cearta ban'

  • Dearbhla

    :)