LÉAMHTHUISCINT: Súil siar ar bhliain na paindéime le Seán Mac an tSíthigh…

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Súil siar ar bhliain na paindéime le Seán Mac an tSíthigh…

1. An chuimhne is mó atá agat ar 2020? An tsaoirse a bhí ag leanaí an cheantair seo le linn na dianghlasála níos luaithe i mbliana. Bhí an áit chugainn féin arís againn. Bhí sos againn ós na turasóirí, ón tranglam tráchta agus busanna móra a bhaineann smúit as Bóthar Chinn Sléibhe gach lá. Chuir sé saoirse m’óige féin i gcuimhne dhom. Bhí scóip fés na leanaí agus iad ag spaisteoireacht go neamhspleách, iad ina ríthe beaga ar a bpaiste féin, iad ag faoileáil ar fud an pharóiste ar a gcuid rothar, ag cur aithne ar na comharsana agus ar an taobh tíre, ag póirseáil agus ag púcaíl i ngach bóithrín, gleann agus cuas. Bhí cead a gcos acu agus chuireadar a n-aithne féin ar a n-áit dúchais, chothaíodar ceangal agus chnuasaigh cuimhní a sheasfaidh leo agus iad ag scaoileadh fén saol mór.

2. An scéal is mó a chuir áthas ort in 2020? An síntiús airgid €2.5 milliún a sheol muintir na hÉireann go dtí an Navajo Nation, treibh Indiach atá scriosta ag an víreas corónach i Meiriceá. Deis a bhí ann aitheantas a thabhairt do fhlaithiúlacht an Choctaw Nation, treibh Indiach eile a sheol $170 chun na hÉireann breis agus 170 bliain ó shin mar fhóirithint ar chréatúir an Ghorta Mhóir. Is dóigh liom go bhfuil smál feirge agus náire fágtha ag an nGorta orainn, smál atá fé cheilt, agus go bhfuil síol maithiúnais gan péacadh ionainn go fóill. Braithim go gcabhraíonn scéalta mar seo leis an gcneasú anama atá de dhíth orainn féin mar náisiún agus mar dhream daoine. Chaith an scéal seo léas beag solais ar an síol san agus thug aitheantas don méid a d’fhulaing ár sinsir romhainn. Ábhar mórtais ab ea é leis, ná raibh dearúd déanta againn féin ar an lámh chúnta sin a shín dream daoine deoranta chugainn nuair is mó a bhíomar ina ghátar. Clann na seanmhuintire.

3. An scéal is mó a chuir brón ort in 2020? An ghadaíocht a dhein an víreas ar dheasghnátha an bháis. Dá olcas é an víreas agus an cor díobhálach atá bainte aige as an saol, ba é an diabhal é go gcuir sé bac orainn ár muintir féin a chur i gcré na cille leis an ómós agus meas a bhí ag bhí ag dul dóibh. Cúis mhisnigh, má tá, ab ea na seifteanna éagsúla a cumadh agus sinn ag iarraidh teacht i dtír ar na srianta. Bhí uaisleacht ag baint leis na radharcanna úd a bhí le feiscint i bparóistí ó cheann ceann na tíre, daoine ag seasamh go ciúin ar dhá thaobh an bhóthair agus na mairbh á n-iompar chun na reilige. Thug sé faoiseamh beag éigin do mhuintir na marbh ina mbris agus léiriú cumhachtach ab ea é gur treise ‘pobal’ ná víreas.

4. An rud is mó a d’fhoghlaim tú in 2020? Oscail do shúile agus cuardaigh sa chóngar. Tá gach a bhfuil uainn timpeall orainn. Clann, comharsain, cothú agus áilleacht.

5. Ar éirigh leat le haon rún a bhí agat ag tús na bliana 2020? Ní fear rún mé, seachas aon rún amháin: ná dein nós is ná bris nós, ach más fearr an saol dá bharr, bí ag déanamh agus ag briseadh leat!

Gníomhaíocht 1 Triail Léamhthuisceana Ceisteanna Tuisceana

  1. Conas go raibh saoirse iontach ag leanaí Dhún Chaoin le linn na chéad dianghlasála?
  2. Ainmnigh trí chaitheamh aimsire a deir Seán a bhí ag na páistí.
  3. Cad a cheapann tusa is ciall leis an bhfrása “iad ina ríthe beaga ar a bpaiste féin”?
  4. Cén bhaint a bhí ag an Choctaw Nation le hÉirinn? Ar chuala tú trácht riamh orthu?
  5. Cad chuige gur “ábhar mórtais” an síntiús a chuireamar go dtí Navajo Nation in 2020 agus cén fáth gur theastaigh cabhair uathu?
  6. Cén chaoi ar chuir Covid-19 isteach ar thórraimh is sochraidí in Éirinn in 2020 agus cén réiteach a fuarthas air? 
  7. Cén fáth go ndeir an t-iriseoir gur treise pobal ná víreas? An aontófá leis? Cén fáth?
  8. Cad atá i gceist aige leis an gcomhairle ‘cuardaigh sa chóngar’, dar leat? An dóigh leat gur comhairle mhaith í agus an coróinvíreas sa tír?
  9. Agus an t-alt seo léite agat, cén sórt duine a déarfá é Seán Mac an tSíthigh?
  10. Ná déan nós agus ná bris nós, a deir an seanfhocal. An dóigh leat féin gur comhairle mhaith í sin? An féidir leat smaoineamh ar aon nós ba cheart duit a bhriseadh?

Gníomhaíocht 2: Nathanna le cur i d’abairtí féin

seachas aon rud eile, deasghnátha na sinsear, tranglam tráchta, cead mo chos, clann na seanmhuintire, léas beag solais, an saol mór, lámh chúnta.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Pioc ainmfhocal baininscneach as an gcéad abairt.
  • An bhfuil aidiacht san uimhir iolra in cheathrú habairt? 
  • Aimsigh aidiacht bhriathartha sa dara halt.
  • An bhfeiceann tú aon ainmfhocal teibí in alt 4?
  • Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach: 

Bhí srianta (an dianghlasáil) crua ar dhaoine.
Bhain na leanaí súp as saoirse (an tuath) a bheith acu.
Cuireadh airgead (cuidiú) go dtí daoine a bhí buailte ag an víreas.Bhí an aicíd forleathan ar fud (an saol mór).
B’éigean nósanna (tórramh agus sochraid) a athrú ar son na sláinte.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Súil siar ar bhliain na paindéime le Seán Mac an tSíthigh…'