LÉAMHTHUISCINT: An Nollaig faoi Shamhain?

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: An Nollaig faoi Shamhain?

‘Bhuel a mhná, ní maith liom an focal mór a rá…’ a deir an bhean le mo thaobh, a súile á gcaolú is a glór á ísliú go drámata aici.

Bhreathnaigh an bheirt eile againn go grinn uirthi. Cén focal mór a bhí i gceist aici?

‘Tá a fhios agam go bhfuil sé róluath, agus tá a fhios agam nár cheart dom í a lua.’

D’fhéach sí siar thar a guaillí lena chinntiú nach raibh aon duine ag éisteacht linn ‘An Nollaig!’ a deir sí i gcogarnach stáitse.

‘Ó a Thiarna na glóire!’ a deir an bheirt eile againn go casaoideach.

Leis an fhírinne a rá ní raibh mise ach ag leathchasaoid. Is breá liom an Nollaig.

Bhí an triúr againn inár seasamh ar thaobh na páirce ag breathnú ar éachtaí peile misniúla na mbuachaillí faoi ocht mbliana d’aois. Níl aon chailleadh ar an saol na tráthnónta breátha seo, amuigh faoin aer is na gasúir ag bualadh liathróide.

‘An bhfuil tú imithe as do chiall ar fad?’ a d’fhiafraigh an bhean le mo thaobh d’fháidh na Nollag.

‘Tá a fhios agam,’ a deir sí, ‘ach fan go gcloisfidh tú é seo, tá rudaí go dona i mbliana is níl fáil ar thada.’

‘Chuala mé,’ a deir mé, ‘nach féidir bara rotha a fháil i nGaillimh mar gheall ar an mbád sin i a chuaigh i bhfostú i gCanáil Suez i rith an tsamhraidh.’

Bhreathnaigh siad orm amhail is go raibh dhá chloigeann orm. Anois nuair a chuimhním air is dóigh nach raibh aon bhaint mhór ag an mír eolais sin le ganntan bréagán faoi Nollaig.

‘Is cosúil go bhfuil baint éigin ag an nganntan leis an mbád i gCanáil Suez,’ a deir an fáidh ag breathnú orm is a ceann á chlaonadh aici. ‘Is dúirt Conor Pope san Irish Times an lá cheana go bhfuil ganntan sliseanna sileacain ar fud an domhain, só ciallaíonn sé go mbeidh brú ar earraí leictreonacha.’

‘Agus ar ndóigh rinne an Breatimeacht ciseach ar fad den saol. Níl leoraí ná tiománaí ná breosla le fáil sa mBreatain agus diabhal turcaí a bheas againn faoi Nollaig,’ a deir an bhean eile.

B’fhéidir go raibh fírinne éigin ina scéal, a chuimhnigh mé. Is má bhí féin céard a d’fhéadfadh duine a dhéanamh faoi? Níl a fhios agam fós céard a bheidh ag teastáil ó éinne agus dá mbeadh a fhios féin, níl sé go maith don chloigeann a bheith ag déanamh an iomarca pleanála do bhronntanais mhóra faoi Nollaig.

An t-aon bhréagán ar chuala mé trácht air i mbliana ná an Pop It, bréagán bog solúbtha (atá déanta as sileacan freisin, mar a tharlaíonn sé). Níl aon ghanntan orthu, tá siad ar fáil ar fud na tíre agus praghas idir €2 agus €10 orthu.

Oibríonn an Pop It ar nós cumhdach bolgóideach agus is é an sásamh a bhaineann leo ná a bheith ag preabadh na mbolgán isteach is amach. Tá tóir mhór orthu agus iad le fáil i gcruthanna éagsúla, cearnóga, ciorcail, cruth ainmhithe. Bíonn gasúir á malartú lena chéile is á mbailiú.

Físeán ar TikTok de mhoncaí cochallach ag spraoi leis an Pop It a spreag an faisean ar dtús, is cosúil, agus tá os cionn 10 mbilliún amharc faighte ag an haischlib #PopIt! ar an ardán ó Dheireadh Fómhair seo caite.

An ndéanfaidh carn Pop Its cúis i stocaí na Nollag?

Gníomhaíocht 1: Triail Tuisceana

  1. Cá raibh na mná nuair a tharla an comhrá seo?
  2. Cén fáth an chogarnach stáitse?
  3. An dtaitníonn an Nollaig leis an údar?
  4. Tá an-imní ar bhean amháin faoi sholáthar na Nollag. Tugann sí dhá chúis leis an imní sin – céard iad?
  5. Cuireann bean eile an milleán ar an mBreatimeacht. Cén bhaint atá aige sin leis an scéal?
  6. “Níl sé go maith don chloigeann a bheith ag déanamh an iomarca pleanála.’ An aontaíonn tú leis an údar nó an duine an-eagraithe tú féin?
  7. Ar chuala tusa faoin Pop It nó an bhfuil a ré caite? Cén sórt bréagáin é sin agus cé dó é?
  8. Cad a chonaic an t-údar ar TikTok?
  9. An mbíonn tusa ag úsáid TikTok? An dóigh leat gur áis thairbheach í?
  10. An maith leat féin agus le do mhuintir an Nollaig? Cén rud is fearr nó is measa fúithi?

Gníomhaíocht 2: Cum d’abairtí féin:

i gcogarnach stáitse, leis an fhírinne a rá, ar fud an domhain, mar a tharlaíonn sé, mír eolais

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh ainm briathartha sa sliocht
  • Aimsigh aidiacht san uimhir iolra
  • Faigh briathar sa Mhodh Coinníollach
  • Ar fud [an domhan]
  • Ar fud [an pháirc]
  • Ag pléascadh [na bolgáin]

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: An Nollaig faoi Shamhain?'