LÉAMHTHUISCINT 16: ‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush

Léamhthuiscint 16 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT 16: ‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush
  1. I mí Eanáir 1991 bhí scrúduithe céime na hOllscoile i nGaillimh ar bun i Leisureland Bhóthar na Trá. Ach ní hiad na leidí nó na nodanna do scrúdú an lae a bhíodh ina n-ábhar cainte ag lucht an ranga a raibh mise ann agus muid ag fanacht le dul isteach sa halla. Ag fiafraí dá chéile, ‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ a bhíodh muid. Bhí cogadh na Murascaille faoi lán seoil agus cuid mhaith de á chraoladh ag CNN. Bhí muid faoi gheasa ag an trodaíocht aeir a bhí ar an teilifís ó oíche go maidin ag an am.
  2. Is dóigh gurbh é seo an chéad chogadh idirnáisiúnta a raibh taithí againn air agus ba bheag plé a rinneadh inár measc ar shuáilcí agus duáilcí an chogaidh a fearadh in aghaidh na hIaráice tar éis do Cheannaire na tíre sin Saddam Hussein an Chuáit a ionsaí. An chuid sin againn a raibh claonadh ionainn a bheith soiniciúil déarfadh muid gur mó baint a bhí ag an gCogadh sin le soláthar ola a chosaint ná leis na gCuáit a chosaint. Ba é George HW Bush a d’fhógair Operation Desert Storm agus rinne sé éacht 35 tír a mhealladh le bheith páirteach sna hionsaithe sa Mheánoirthear. An cheist mhór a chuirtear fós faoin scéal ná cén fáth nár lean siad orthu isteach san Iaráic agus Hussein a ghabháil?
  3. D’fhág an chéad chogadh an réigiún ina phraiseach. Thug Bush ugach do leithéidí phobal na gCoirdíneach féinriail a lorg. Ar thuig sé go spreagfadh sin Saddam Hussein le cinedhíothú a dhéanamh ar an bpobal céanna? Tá na Coirdínigh fós ar an anchaoi beagnach deich mbliana fichead dár gcionn.Tháinig cogadh na Murascaille ag deireadh cheann de na tréimhsí ba chorraí sa taidhleoireacht idirnáisiúnta tráth ar thit an tAontas Sóivéadach as a chéile agus ar leagadh Balla Bheirlín. Tugadh an Cogadh Fuar chun críche. Rinneadh athaontú ar an nGearmáin. Moladh Uachtarán na Stát Aontaithe ag an am as an mbealach stuama ar láimhseáil sé na hathruithe sin ar fad a bhí ag tarlú.
  4. Ar an drochuair, fad agus a bhain lena shaol polaitiúil féin sa bhaile, thug George HW Bush an iomarca airde ar a chuid dualgas idirnáisiúnta. D’fhág sin gur bheag tuiscint a bhí aige ar mheon na ndaoine ina thír féin nuair a bhí air dul os a gcomhair in athuair ag iarraidh a gcuid vótaí. Ó rugadh é bhí cleachtadh aige ar shaol na saibhir agus ar chomhluadar na n-uaisle, bíodh sé in Maine nó Connecticut nó i measc lucht na hola in Texas. Ní raibh aon léargas aige ar shaol na Meiriceánach sin a bhí ag saothrú a ngreim ó lá go lá. Nuair a bhris sé a gheallúint faoi arduithe cánach, ba chuma leo sin cé mhéad cogadh a bhí buaite ag na Stáit Aontaithe. A saol agus a mbeatha féin ó lá go lá ba thábhachtaí dóibh.
  5. Nach aisteach go bhfuil fear sa Teach Bán anois a tháinig i dtír ar an mothú céanna i measc an phobail, an mothú nár thuig lucht na cumhachta a gcás? Nuair a toghadh é, bhí feachtas an dara hUachtarán Bush bunaithe ar an tuairim gur cheart díriú ar cheisteanna sa mbaile. Chiallaigh ionsaithe 9/11 nach raibh de rogha aige ach aghaidh a thabhairt ar an namhaid idirnáisiúnta. Ar ndóigh roghnaigh sé sean-namhaid a athar, Saddam Hussein, agus cumadh cúiseanna lena ionsaí. Beidh sé le rá go deo gur chríochnaigh an mac an scéal ar chuir an t-athair tús leis, cé gur fíor a rá go bhfuil corraíl agus míshuaimhneas sa Mheánoirthear mar thoradh air sin nach réiteofar gan dua. Bhí rud amháin soiléir nuair a bhásaigh Bush – an meas agus an cion a bhí ag go leor i saol poiblí na Stát Aontaithe ar an bhfear séimh cineálta a chaith téarma amháin sa Teach Bán. Ach a oidhreacht? An cogadh nár chríochnaigh sé, agus, a easpa tuisceana ar chúrsaí sa mbaile. Mar a dúirt a chomharba “it’s the economy, stupid”.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fáth a luaitear Leisureland i mBóthar na Trá in alt 1?
  2. Céard a chur na scoláirí faoi gheasa? (alt 1)
  3. Céard ba chúis le Cogadh na Murascaille? (alt 2)
  4. Cén fáth a luaitear soláthar ola in alt 2?
  5. Cad deirtear faoin bpobal Coirdíneach? (alt 3)
  6. Cén fáth a raibh an tréimhse úd corraitheach ó thaobh na taidhleoireachta? (alt 3)
  7. Cén cur sórt saoil a raibh taithí ag George HW Bush air? (alt 4)
  8. Cén gheallúint a bhris sé? (alt 4)
  9. Cén chomparáid a dhéantar idir an tUachtarán Trump agus an tUachtarán Bush?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo, meas tú?
  2. Céard a cheapann an t-údar faoin Uachtarán Bush?
  3. Tar éis duit an t-alt seo a léamh cén tuairim atá agat féin faoin Uachtarán Bush?
  4. Cad is brí leis an abairt dheireanach?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir ghnáthchaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 1.
  • Féach ar na hainmfhocail thíos agus abair an bhfuil siad firinscneach  nó baininscneach. Ansin cuir ‘an’ rompu in abairt.
  • ollscoil
  • cogadh
  • scéal
  • athrú
  • comhluadar
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Céard a cheapann tú don Uachtarán Trump?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • rudaí a rinne sé a thaitin/nár thaitin leat
    • déan comparáid le huachtaráin eile
    • déan comparáid le huachtarán na hÉireann
    • céard atá ráite ag daoine eile faoi?
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT 16: ‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush'

  • Claire Hassett

    An féidir liom na freagraí a fháil le do thoil?
    Míle buíochas
    Clár