Léamhthuiscint 09 – Carranna uathoibríocha: mearbhall morálta (Cartlann 2017)

Léamhthuiscint 09 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 09 – Carranna uathoibríocha: mearbhall morálta (Cartlann 2017)

1) Agus mórchomhlachtaí teicneolaíochta an domhain ag obair go tréan ar ghluaisteáin chliste, glactar leis go mbeidh an chéad charr uathoibríoch ar an mbóthar as seo go ceann roinnt blianta. Más rud é go bhfuil bunús leis an teoiric go mbeidh intleacht shaorga (artificial intelligence) níos sábháilte taobh thiar den roth stiúrtha ná intleacht dhaonna, beidh ísliú ollmhór ar líon na dtimpistí tráchta de réir mar a líonfaidh carranna uathoibríocha ár mbóithre.

2) Ach tá cúpla ceist chrua le réiteach roimhe sin. Samhlaigh, mar shampla, go bhfuil tú ag réabadh fút ar bhóthar tréigthe i do charr uathoibríoch. Níl sa charr ach tú féin. Gan choinne, ritheann beirt amach i lár an bhóthair romhat. Ar an bpointe boise, tuigeann an intleacht shaorga atá i bhfeighil do ghluaisteáin nach bhfuil ann ach an t-aon bhealach amháin chun bás na beirte seo a sheachaint: casadh sciobtha a thabhairt don roth stiúrtha – a mharódh tusa toisc go mbuailfeadh do charr faoi chrann.

Céard é an rogha ba cheart do charr uathoibríoch a dhéanamh i gcás mar sin? Ar cheart dó beatha beirte a shábháil in ionad beatha duine amháin, nó ar cheart dó a bheith ‘dílis’ dá úinéir?

Is féidir an cheist a dhéanamh níos casta fós. Dá mba bheirt seandaoine a sheasfadh amach i lár an bhóthair, an bheirt acu ar thairseach an bháis, agus dá mba dhuine óg é an tiománaí, a shaol ar fad roimhe? Dá mba bhean í an tiománaí a bheadh ag iompar clainne? Dá mba dhochtúir é an tiománaí a bheadh ar a bhealach chun beatha othair a shábháil?

Agus ar cheart a chur san áireamh gur ar na coisithe a bhí an locht, toisc nár bhacadar le féachaint sa dá threo nuair a thrasnaíodar an bóthar?

3) Níl ansin ach sampla amháin de na ceisteanna morálta a bheidh le freagairt ag lucht na teicneolaíochta agus lucht dlí sula mbeifear in ann carranna uathoibríocha a chur ar an mbóthar. I gcás na ceiste thuas, feictear dom féin gur deacair éalú ón bprionsabal ‘dá laghad daoine a mharaítear is ea is fearr é’. Ach má chiallaíonn sin go mbeidh carranna uathoibríocha ríomhchláraithe chun a n-úinéirí a mharú i gcásanna den chineál seo, an gceannódh éinne iad?

4) Gach seans nach í an teicneolaíocht ach an mearbhall morálta a chuirfeas moill ar charranna uathoibríocha agus ar bhealaí eile a bhféadfaí úsáid a bhaint as intleacht shaorga amach anseo.

Dúirt Elon Musk, bunaitheoir an chomhlachta Tesla, atá ag obair go tréan ar charranna leictreonacha, an tseachtain seo, go measann sé go mbeidh ar a laghad cúig bliana déag eile ann sula mbeidh gach carr nua a dhíolfar uathoibríoch.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Céard atá na mórchomhlachtaí teicneolaíochta ag iarraidh a dhéanamh? (alt 1)
  2. Cén bhuntáiste a meastar a bheadh leis an intleacht shaorga i gcarranna? (alt 1)
  3. Luaigh ceist amháin a bhaineann leis an bhforbairt seo? (alt 2)
  4. Cén fáth a luaitear seandaoine in alt 2?
  5. Cén prionsabal nach féidir éalú uaidh, dar leis an údar (alt 3)
  6. Céard a chuirfidh moill ar an carranna seo, dar leis an údar? (alt 4)
  7. Cad dúirt Elon Musk? (alt 4)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 4.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in Alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir chaite:
  • (Scríobh – saorbhriathar) an dáta ar bharr an leathanaigh.
  • (An + Fan) tú le d’aintín ag an deireadh seachtaine?
  • (Ní + Roinn) sé na milseáin linn.
  • (Fiosraigh – saorbhriathar) an scéal sin inné.
  • (Ní + Déan) mé aon rud as bealach.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Céard a cheapann tú féin faoi charranna uathoibríocha?
Céard is féidir a dhéanamh faoi shábháilteacht ar na bóithre?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir do thuairim in iúl, déan argóint, tabhair moltaí, cuir eagla/déistin in iúl, aontaigh/easaontaigh le tuairimí atá amuigh ansin.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.