Seoladh leagan Béarla den leabhar Gaeilge Curaigh na hÉireann ag ócáid in Óstán Chósta Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo le deireanas. An Dr Breandán Mac Conamhna a scríobh an bunleabhar Gaeilge a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2016 agus an leagan nua Béarla seo The Curraghs and Naomhóga of Ireland: Their Story, atá á fhoilsiú ag Mayo Books Press.
Insítear sa leabhar scéal agus stair na gcurach ó cheann ceann na tire, ón uair a chuir muintir na hÉireann chun farraige ar dtús go dtí an lá atá inniu ann. Tá cur síos sa leabhar ar na báid a bhíodh ag mairnéalaigh sa tréimhse réamhstaire in Éirinn chomh maith le pleananna cruinne beachta de chineálacha éagsúla curach a bhíodh coitianta ar chósta an iarthair le céad nó dhá chéad bliain anuas.
Ba é James Cahill as Caisleán an Bharraigh a sheol an leabhar san óstán i nGaoth Sáile i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is ag Cahill atá an bailiúchán is mó sa tír – agus ar domhan – de churaigh thraidisiúnta [curacha] na hÉireann.
Dúirt sé gur “mór an díol spéise” an leagan Béarla den leabhar agus go léiríonn sé fiúntas na gcurach do mhuintir na tuaithe in Éirinn san am a caitheadh.
“Is mór an díol spéise é an leabhar a bhfuil stait shóisialta ann bunaithe ar shuirbhéanna agus tuarascálacha tríd an naoú haois déág, agus tá go leor scéalta ann bunaithe ar chuimhní pearsanta an údair ar an gcurach.
“Mínítear ann ní hamháin cúlra agus tógáil na gcurach ach na háiteanna agus na bealaí a raibh siad mar chuid den gheilleagar áitiúil ag na hiascairía agus na feirmeoirí ar fud chósta an iarthair ó Dhún na nGall go Ciarraí,” a dúirt sé.
Dúirt Cahaill go raibh an bochtanas ann ar fud na háite an uair sin agus an gorta ann go minic in áiteanna ach gur chuir an curach go mór le saol na ndaoine agus chabhraigh leo ní hamháin bia a fháil dóibh féin ach teacht isteach eile a fháil ón easpórtáil.
“Ní raibh ach an dá acra féin ag go leor de na feirmeoirí seo. Bhí an bochtanas géar ann go forleathan agus an t-ocras ar na daoine go síoraí seasta. Bhí cónaí orthu i bpróchóga taise agus gan orthu ach na héadaí a d’fhéad siad féin a dhéanamh.
“Léirítear sa leabhar seo cén chaoi ar chuir an curach ar chumas na ndaoine seo an chuid is fearr a bhaint as na báití, a ngabháil éisc a easpórtáil go Sasana agus airgead maith a thuilleamh le feabhas a chur ar a saol. Léirítear an bhearna idir Éire an lae inniu agus Éire na linne sin agus cén chomh mall is a bhí an nuatheicneolaíocht ag teacht go cóstaí an iarthair,” a dúirt sé.
Rugadh an t-údar Gaeltachta Breandán Mac Conamhna 89 bliain ó shin i mBéal Deirg i dtuaisceart chontae Mhaigh Eo. Is ann a tógadh é ach chuaigh sé ar imirce go Sasana ar feadh fiche bliain mar a raibh sé ina mhúinteoir agus ina léachtóir. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1980, ceapadh ina phríomhoide é ar Cheardcholáiste Réigiúnach Shligigh agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar Institiúid Teicneolaíochta Shligigh.
Chuaigh sé ar scor in 2001 agus tá cónaí air i mBaile Idir Dhá Abhainn i Sligeach. Ó d’éirigh sé as an obair tá ceithre leabhar scríofa aige – ceann amháin acu faoi churach sainiúil a cheantair dúchais, Curach Dhún Chaocháin agus a Muintir. Tá cúpla curach tógtha aige féin in imeacht na mblianta agus bíonn sé á dtaispeáint ag féilte mara in Éirinn agus thar lear.
Fág freagra ar 'Leagan Béarla den leabhar ‘Curaigh na hÉireann’ seolta i nGaoth Sáile'