Leabhar tábhachtach d’éinne a bhfuil aigne oscailte aige

Molann ár gcolúnaí leabhar nua atá scríofa ag Iar-ambasadóir na hÉireann go Ceanada faoi Éirinn agus an tAontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta

Leabhar tábhachtach d’éinne a bhfuil aigne oscailte aige

Ar fud na hEorpa tá díospóireacht ar siúl –agus díospóireacht fhíochmhar í uaireanta – faoi céard atá i ndán don Aontas Eorpach sa todhchaí.

Go bunúsach tá trí rogha á bplé: brú ar aghaidh le lánpháirtíocht níos dlúithe a dhéanamh idir na ballstáit mar chuid den fhiontar le hollstát Eorpach a chruthú; filleadh ar an seanmhúnla a bhí ann nuair a chuaigh Éire isteach sa Chómhargadh i 1972 agus gan a bheith san Aontas ach limistéar trádála; nó an scéal a fhágáil mar atá in ainneoin na ndifríochtaí bunúsacha idir na ballstáit, go háirithe idir tuaisceart agus deisceart na hEorpa.

Ach má tá díospóireacht ar siúl san Eoraip, is beag rian di atá le tabhairt faoi deara abhus anseo in Éirinn.

Is bó bheannaithe an tAontas Eorpach anseo. Ní dhéantar aon díospóireacht faoi ar an tuiscint go nglacfaidh muid sa deireadh le cibé socrú a dhéanfaidh na ballstáit eile.

Is amhlaidh gur peaca marfach é i súile na Bunaíochta an tAontas a cháineadh nó plé a dhéanamh ar mholadh ar bith go mba chóir dúinne imeacht as.

Is iontach agus is neamhghnách an rud mar sin go bhfuil leabhar nua foilsithe faoi Éirinn agus an tAontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta. Iar-ambasadóir na hÉireann go Ceanada, Ray Bassett, a bhí ina oifigeach sinsearach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha nuair a cuireadh Comhaontú Aoine Chéasta le chéile, údar an leabhair nua ina dtugtar aghaidh ar gach aon ghné den díospóireacht riachtanach seo.

Míníonn sé i dtosach an leabhair gur osclaíodh a chuid súl i dtaobh an Aontais nuair a chonaic sé an chaoi gur dhéileáil sé leis an tír seo le linn na géarchéime baincéireachta.

Tugadh tús áite do leas an Aontais – is é sin i ndáiríre leas na náisiúin is treise san Aontas amhail an Ghearmáin –seachas do riachtanais mhuintir na hÉireann. Cuireadh iachall orainn i bhfad an iomarca d’ualach na géarchéime a iompar.

Deir Bassett gur laige mhór an chaoi go bhfógraíonn muid roimh ré go nglacfaidh muid le socrú ar bith: tá a fhios ag na stáit eile nach gá dóibh smaoineamh orainn.

Tuigeann sé nár cheap rialtas na hÉireann ach an oiread go n-éireodh leis an mBreatimeacht ná go mbeadh an bua ag lucht an Bhreatimeachta. Aithníonn sé gur chabhraigh muid le hiarrachtaí na Bruiséile pionós mór a ghearradh ar Shasana le brú a chur orthu vótáil arís, mar a rinne muid féin maidir le Conradh Nice agus Conradh Liospóin.

Theip ar na hiarrachtaí frithdhaonlathacha i ndiaidh reifreann an Bhreatimeachta sin, ach creideann Bassett go ndearna muid an-dochar dúinn féin fad is a bhaineann sé lenár gcaidreamh leis na Sasanaigh.

Tá an caidreamh sin tábhachtach dúinn ar dhá chúis, a deir sé. Sa chéad áit déanann muid níos mó trádála leis an mBreatain ná le haon bhallstát eile san Aontas. Bíonn muid ag brath go mór ar an mBreatain mar mhargadh dár n-earraí bia. Is iad na comhlachtaí ilnáisiúnta a dhéanann an chuid is mó dár dtrádáil leis an Eoraip.

Beidh muid thíos go mór leis, a deir sé, má ghearrtar táillí arda ar ár mbia agus é ag dul isteach go Sasana.

Téann an chuid is mó dár dtrádáil leis an Eoraip tríd an mBreatain agus ar mhaithe linn féin a bheadh sé an córas sin a bheith chomh simplí agus is féidir.

Maidir le cúrsaí iascaireachta, beidh muid thíos go mór leis chomh maith má chailleann muid rochtain ar uiscí iascaireachta na Breataine fad is go mbeadh ár gcuid uiscí féin lán-oscailte don Eoraip.

Molann Bassett réiteach soiléir: go ndéanfadh muid idirbheartaíocht dhíreach le Sasana maidir leis na scéalta seo. Ach diúltaíonn an rialtas dó mar gheall go dteastaíonn uathu fanacht dílis ar fad d’fhoireann an AE.

Ach más ea, cad faoin Tuaisceart agus Comhaontú Aoine an Chéasta?

Tá comhoibriú idir Éirinn agus Sasana riachtanach don Chomhaontú. Ach is cosúil go bhfuil an rialtas meáite ar sheasamh in aghaidh an Bhreatimeachta is cuma cén praghas.

Agus é seo go léir in ainneoin gurb é an beart is fearr a rinneadh ná an uair go ndeachaigh Leo Varadkar mar Thaoiseach ag caint go díreach le Boris Johnston faoin gcúlstad.

Tá i bhfad níos mó sa leabhar seo, ach ní féidir chuile rud a lua ceal spáis.

Ach b’fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí faoin leabhar ná nach réabhlóidí ar an imeall a scríobh, ach oifigeach sinsearach poiblí, a raibh ról mór lárnach aige i gcruthú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ní chuirfidh an Bhunaíocht aon fháilte roimh an leabhar seo, ach léitheoireacht riachtanach atá ann d’aon duine a bhfuil aigne oscailte aige nó aici agus a thuigeann go bhfuil díospóireacht ar bun faoin Aontas Eorpach ar chóir dúinn a bheith ar an eolas fúithi agus ar cheart dúinn páirt a ghlacadh inti.

– Ireland and the EU Post-Brexit le Ray Bassett foilsithe ag Grangeland Ventures

Fág freagra ar 'Leabhar tábhachtach d’éinne a bhfuil aigne oscailte aige'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá Ray Basset ar son an tír seo a cheangal le Sasana seachas ag le tíortha eile na hEorpa. Mar a dúirt sé féin sa Telegraph:
    ‘And yet, the arguments – in particular regarding the economy – for Ireland quitting the EU and instead working in some sort of partnership with the UK are actually rather strong. No other EU country has such cultural, ethnic and economic connections with the UK’.

    https://www.telegraph.co.uk/politics/2019/01/30/history-makes-unlikely-good-reasons-ireland-quitting-eu/

    Déanann sé ciall más aontachtóir thú nó béarlóir cúngaigneanta. Ní dhéanann sé ciall más mór agat leas dínit agus neamhspleách na hÉireann.

  • Eoin Ó Murchú

    Dul amú ar Dhaithi. Molann Bassett gur chóir dúinn idirbheartaíocht neamhspleách a dhéanamh araon le Sasana agus leis an Eoraip. Mar adúirt Séamus Ó Conghaíle – a throid in aghaidh na Sasanach – Tá muid dílis ní don Rí nó don Kaiser ach d’Éirinn.
    Cén fáth nach féidir le lucht molta na hEorpa argóint a dhéanamh ar son na hEorpa gan bréag maslach a chaitheamh ag rá gur ar son na Breataine atá muide atá in aghaidh na hEorpa. Nílimse féin ach ar son na hÉireann.

  • Aodháin

    Ireland and the EU Post Brexit: Níl ann ach cuid mhór bolscaireachta baothánta.

  • Eoin O Murchu

    A Aodháin,

    Bhfuil aon argóint le déanamh agat i gcoinne na n-argóintí a dhéanann Bassett nó an leór muid a chur ar an eólas go bhfuil tú i bhfábhar an Aontais Eorpaigh?