Leabhair nua ‘Bran’ foilsithe ag Roinn na Gaeltachta chun aistritheoirí a mhealladh go dtí an tAE

De réir eolais atá faighte go heisiach ag Ar Son na Cúise, tá ‘Cá bhfuil Bran an t-aistritheoir?’, ‘Bran san Aontas Eorpach’, ‘Téann Bran chun na Bruiséile’ agus ‘Bran ag comhaireamh €4,000’ i measc sraith nua leabhar Roinn na Gaeltachta

Leabhair nua ‘Bran’ foilsithe ag Roinn na Gaeltachta chun aistritheoirí a mhealladh go dtí an tAE

Tá eagráin speisialta den tsraith iomráiteach leabhar Gaeilge ‘Bran’ le foilsiú ag Roinn na Gaeltachta agus iad ag iarraidh daoine a mhealladh chun cur isteach ar phoist mar aistritheoirí san AE.

Cá bhfuil Bran an t-aistritheoir?, Bran san Aontas Eorpach, Téann Bran chun na Bruiséile, Bran ag comhaireamh €4,000 agus Bran agus a chairde ag aistriú is teidil do na heagráin speisialta.

In Cá bhfuil Bran an t-aistritheoir?, téitear ag cuardach Bran an t-aistritheoir ar fud na mball nó go dtagtar air sa deireadh agus é i bhfolach faoi charn leabhar Gaeilge i stóras Áis ag rámhaillí leis féin faoi chóras uimhreacha An Ghúim.

Eachtraítear in Bran san Aontas Eorpach scéal iontach na n-aistritheoirí Gaelacha i gcéin, mar a chaitheann siad an lá ag ól caife láidir blasta agus ag cur cúrsaí fealsúnachta agus cás an tseantuisil tabharthaigh trí chéile i gcearnóga ársa na hEorpa.

Cúrsaí airgid agus comhairimh atá faoi chaibidil in Bran ag comhaireamh €4,000 sa mhí, leabhar lán eachtraí ina ndéanann Bran a dhícheall an t-airgead ar fad atá aige a chaitheamh i ndomhan draíochta atá saor ó chíos, cás, cathú agus daoine a bhíonn sleamchúiseach faoin gclásal coibhneasta agus ceist na coibhéise i sprioctheanga an aistriúcháin.

In Bran agus a chairde ag aistriú téann an madra beag agus a mhéiteanna ar thuras thar sáile chun taithí a fháil i dtír eile ar a bheith ag cúlchaint faoina chéile agus ag cur Gaeilge chrochta choimhthíoch ar cháipéisí nach léifidh aon duine.

Dúirt an Foghlaimeoir Gaeilge is Gasta ar Domhan, Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, go raibh sé ar “bís” faoi na leabhair nua atá, dar leis, “chomh maith céanna” leis an bhfíseán bolscaireachta faoin gcomórtas d’aistritheoirí san AE a chuir a Roinn amach an tseachtain seo.

Agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió Na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála teanga ar an gCeathrú Rua, dúirt McHugh go raibh “achan rud ag bogadh ar aghaidh fadúda na hardscileanna Gaeilge do na daoine le dul go dtí Lucsamburg agus an Bhruiséil fadúda an stádas sa bhliain fiche is haon fiche haon”.

Sásta go maith a bhí an tAire Stáit leis an dul chun cinn atá a dhéanamh maidir le próiseas pleanála teanga na Gaeltachta.

“Tá mo roinn ag treabhadh ar aghaidh fosta agus tá na daoine ag úsáid na teanga achan lá ar an talamh sa Bhruiséil agus sin an bealach is fearr. Is smaoineamh thar barr na leabhair seo agus tá an madra beag seo fite fuaite ó bhun aníos leis na daoine ag úsáid an teanga ar an talamh achan lá,” a dúirt Joe McHugh in agallamh eisiach le Ar Son na Cúise agus le Ar Son na Cúise amháin.

Más aistritheoir ‘fantastic’ thú a thuigeann focail amhail ‘leanbaí’, ‘áibhéalach’ ‘aineolach’ agus ‘scanrúil’ is féidir leat éalú ó chruatan Náisiún Leath-Ghaelach an Chaighdeáin Oifigiúil ach iarratas a dhéanamh ag www.hybrasil.ie/aistritheoirí/cuir-isteach-air-seo-le-bhur-dtoil-please-please-s’il-vous-plait-bitte-bitte-bitte.

Fág freagra ar 'Leabhair nua ‘Bran’ foilsithe ag Roinn na Gaeltachta chun aistritheoirí a mhealladh go dtí an tAE'

  • Feardorcha

    Wooohooo!!
    Tá sibh go maith.

  • Fear sluaiste agus laí

    Tá mé ag súil go mór leis an tsraith seo a léamh! Tógáil croí a bheidh ann do mhuintir na Gaeltachta. Bhí mé go domhain i lionndubh i ndiaidh an tsraith dheireanach sin de chuid Bhran a léamh; is cuimhin libh é: ‘Bran ar an gcoirnéal i gCricklewood’, ‘Bran ag dul i dtaithí ar an tsluasaid’, ‘Bran go dtína ascaillí sa trinse’, ‘Bran ag fanacht leis an sub’, ‘Bran ar phócaí folmha’. Ó, agus an tsraith eile ina dhiaidh sin: ‘Bran ag ní soithí sa New York Ritz-Carlton’, ‘Bran ag cóiriú leapacha sa Sydney Pullman’, ‘Bran i gcúl beáir san Irish Pub in Bangkok’. Nach breá go bhfuil Bran na Gaeilge in ann jab maith a fháil, ar airgead cheart, san áit a mbeidh meas air féin agus ar a chuid oibre!

  • Carraig

    “Bran ina Mhaistín” … beidh meas air agus gealadh faoi.

  • Learraí

    “ag cur cúrsaí fealsúnachta trí chéile”? Ag cúlchaint, ag báirseoireacht agus ag bearradh.

  • Learraí

    Bran an madra confaigh ag drannadh leat gan chúis. Ná hoscail doras na hiaróige.