Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Gabriel Rosenstock

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an bhfile Gabriel Rosenstock atá an rogha…

Leabhar a d’oscail mo chroí…

fairy1900-cvrFadó fadó in Éirinn (agus Fionn Mac Cumhaill fós ina ghlas-stócach) is iad síscéalta Hans Christian Andersen an leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. D’oscail siad mo chroí agus líonadh le comhbhá mé, comhbhá leis an aonarán, leis an mbochtán – cailín díolta na gcipíní solais agus scata eile. Cuid mhaith de m’óige caite agam ar scoileanna cónaithe agus mé ag breathnú ar dhaoine eile (idir oidí agus comhdhaltaí): mé ag éisteacht leo, ag fiafraí díobh os íseal: ‘Cogar a dhuine, nár osclaíodh do chroí fós?’

Leabhar a d’oscail mo chroí a thuilleadh…

speaking_of_siva_shiva_nab030Osclaíodh mo chroíse a thuilleadh nuair a léas an leabhar filíochta is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, is é sin Speaking of Shiva (Penguin Classics, 1973), in eagar ag A.K. Ramanajuan. Tá sárdhánta crábhaidh ann le ceathrar naomh ón deichiú haois: Basvanna, Devara Dasimayya, Mahadeviyakka, agus Allama Prabhu. Táim fós á léamh. Bhakti a thugtar ar an bhfilíocht dheabhóideach a chumadar. Sampla d’fhilíocht an mhórfhile Mahadeviyakka anseo.

Leabhar a bhris mo chroí…

Cén leabhar Gaeilge a roghnóinn? Bheadh orm Coiscéim na hAoise Seo a roghnú, duanaire a chuir Seán Ó Tuama agus Louis de Paor in O Tuama, Seaneagar. Pádraig Ó Snodaigh a d’fhoilsigh. I gcairt an tSnodaigh a bhíos nuair a dúirt sé liom nach mbeinn sa leabhar. Ar ár slí chuig léamh filíochta a bhíomar ag an am, cuairt na bhfilí Albanacha ar Éirinn, Somhairle Mac Gill-Eathain ag léamh an oíche sin.

‘Nílim ann?’ arsa mise leis.

‘Nil!’ ar seisean, ‘agus nílimse ann ach oiread’.

Fproduct3-6Leabhar atá cóngarach do mo chroí…

Níl a fhios agam an bhfuil na leabhair seo in ord tábhachta nó nach bhfuil ach bheadh orm Foclóir an Duinnínigh a chur ar ghearrliosta ar bith. An bhfuil an focal seo agat: Gradhal: ‘a thick or hanging lip arising from drunkeness’.

Leabhar ar croí ró-naofa na cruinne é…

An cúigiú leabhar ar mo liosta ná I Am That le Sri Nisargadatta Maharaj. Ní raibh aon oideachas foirmiúil ar Nisargadatta, díoltóir toitíní – toitíní den dara grád – i Mumbai. Saoi den chéad ghrád! A chuid cainteanna, ceisteanna is freagraí, atá breactha síos sa leabhar I Am I-Am-That_0That, mórchlasaiceach spioradálta ár linne.

Tá scata físeán ann a thugann léargas dúinn ar theagasc Nisargadatta. Cén teagasc é sin? Go hachomhair: croí ró-naofa na cruinne é Hans Christian Andersen, A. K. Ramanajuan, Basvanna, Devara Dasimayya, Mahadeviyakka, Allama Prabhu, Seán Ó Tuama, Louis de Paor, an tAthair Pádraig Ó Duinnín, Fionn Mac Cumhaill, Sri Nisargadatta Maharaj, Somhairle Mac Gill-Eathain, Pádraig Ó Snodaigh, mise agus tusa!

Ní chreideann tú mé?

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Gabriel Rosenstock'