Láithreoir agus branda nua ag Cúla4 

Deir Niamh Ní Chróinín go bhfuil sí ‘ar bís’ a bheith mar láithreoir nua ag an tseirbhís do dhaoine óga a bhíonn ar TG4

Láithreoir agus branda nua ag Cúla4 

Is í Niamh Ní Chróinín an láithreoir nua atá ar Cúla4 agus athbhrandáil déanta ag TG4 ar a seirbhís do pháistí. 

Is as Baile Átha Cliath do Niamh Chróinín agus bhíodh sí ag obair roimhe seo ina DJ le TodayFM, 98Fm, Raidió RíRá agus RnaG. 

Bhí sí ina moltóir ar an tsraith Junior Eurovision ar TG4 agus bíonn baint mhór aici le himeachtaí Gaeilge do dhaoine óga. Bíonn sí ina Bean an Tí ag BEO – comórtas ceoil Oireachtas na Gaeilge agus ag comórtas Scléip Ghael-Linn. 

Beidh sí ina hambasadóir ag Cúla4 freisin feasta ag imeachtaí do dhaoine óga ar fud na tíre. Deir Niamh go bhfuil sí “ar bís” a bheith mar láithreoir nua ag an tseirbhís do dhaoine óga a bhíonn ar TG4.

“Tuigim an luach a bhaineann Cúla4 agus an tábhacht a bhaineann leis i gcur chun cinn na Gaeilge i measc na n-óg. Onóir atá ann a bheith sa ról. 

“Tá go leor rudaí iontacha faoin bpost – an fhoireann, an éagsúlacht, an chraic, an spraoi agus na féidearthachtaí ar fad atá ann do Cúla4. Níl ach rudaí dearfacha le rá agam faoin bpost!” 

Céard é an rud is mó a bhfuil sí ag súil leis agus í anois ina láithreoir ar Cúla 4? 

“Tá mé ag súil go mór le bheith ar an mbóthar agus le bheith ag taifeadadh ag ócáidí agus ag imeachtaí éagsúla timpeall na tíre. Tá go leor pleananna móra, spraíúla againn agus is cinnte go mbeidh an-chraic agus an-spraoi againn ar an aer!”

Cén tábhacht a bhaineann le cláracha mar Cúla 4, dar léi? 

“Tá Cúla4 an-tábhachtach do dhaoine óga, do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge. Agus baineann go leor daoine fásta an-sult as na cartúin chomh maith. Tá sé tábhachtach dúinn normalú a dhéanamh ar an nGaeilge i measc na n-óg,” ar sí. 

“Tá sceideal spleodrach ag Cúla4 faoi láthair agus tá cláir nua iontacha ar an mbealach againn freisin. Tugann Cúla4 deis do dhaoine féachaint ar chláir atá an-siamsúil, ach bíonn siad ag foghlaim ag an am céanna i ngan fhios dóibh féin. Tá deis ag Cúla4 tionchar dearfach a imirt ar dhaoine óga agus iad a spreagadh an Ghaeilge a úsáid níos minice. Tá sé tábhachtach dúinne go mbeidh daoine óga páirteach sa chainéal agus go bhfeicfidh siad iad féin ar an scáileán,”

Deir Niamh Ní Chróinín go bhfuil sé mar sprioc acu níos mó daoine óga a mhealladh i dtreo na teanga trí réimse leathan clár a chur ar fáil ar an teilifís. 

“Chomh maith leis sin, beimid le feiceáil gach áit ar na meáin shóisialta agus aon áit eile ina bhfuil daoine óga sa lá atá inniu ann. Táimid i mbun taighde faoi láthair ar an aoisghrúpa óg agus táimid ag bailiú eolais maidir leis na hardáin atá in úsáid acu agus faoin mbealach a mbíonn daoine óga ag féachaint ar ábhar agus ar chláir éagsúla.”

Beidh sé ag díriú ar an bpost nua agus ar chúrsaí teilifíse den chuid is mó feasta agus mar sin ní bheidh an oiread sin ama aici do chúrsaí raidió.

Ar bhreathnaigh sí féin ar Cúla4 agus í ina páiste? 

“Cinnte. Bhíodh Cúla4 i gcónaí ar siúl sa teach agus ar scoil,” ar sí.

“Is cuimhin liom go raibh mo dheirfiúr sa lucht féachana ar Hiúdaí uair amháin agus bhí mé go mór in éad léi! Bhí mé ar TG4 den chéad uair in 2004 nuair a bhí mé ar an gclár Cruinneas. Bhí an-chraic agam á dhéanamh.”

Deir Niamh go bhfuil sí “ag súil go mór leis an méid atá le teacht”. 

“Tá pleananna móra ann do Cúla4 agus tá mé ar bís a bheith ag obair le Cúla4 fad is atá an cainéal ag fás. Brionglóid atá ann a bheith ag obair le Cúla4 agus le TG4.”

Fág freagra ar 'Láithreoir agus branda nua ag Cúla4 '

  • Neach

    Nó ‘loyroar’ (láithreoir). Beidh sealbhú na Gaelscoláirí gallda ar TG4 ag dul ar aghaidh as seo amach is dócha, agus bheadh sé sin ceart go leor dá mbeidís in ann fuaimeanna na teanga a shealbhú i n-aon chor.