LÁITHREACH BONN: Léann na hEorpa agus an tábhacht a bhaineann leis don chainteoir óg Gaeilge

Cad is Léann na hEorpa ann, mar sin, agus cén fáth go bhfuil sé tábhachtach do ghlúin óg na Gaeltachta agus do dhaoine óga le Gaeilge?

LÁITHREACH BONN: Léann na hEorpa agus an tábhacht a bhaineann leis don chainteoir óg Gaeilge

Ar an 1 Eanáir 2022, thug an Ghaeilge céim thábhachtach i dtreo stádas nua nuair a fuair sí aitheantas iomlán mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Cé gur fógraíodh an stádas oifigiúil go forleathan, pléadh stádas oifigiúil na teanga go príomha i gcomhthéacs an aistriúcháin. Ach soláthraíonn stádas oifigiúil na Gaeilge deiseanna fostaíochta níos leithne ná gort an aistriúcháin d’aosánaigh le Gaeilge atá ag smaoineamh ar ghairmeacha beatha le Gaeilge, agus beidh gá amach anseo le heolas ar Léann na hEorpa dá bharr.

Go deimhin, is gné í seo de chúrsaí tríú leibhéal a shoilsigh Brian Mooney le déanaí san Irish Times nuair a scríobh sé faoin mbearna eolais seo agus faoin tslí nach bhfuil ach dhá chlár fochéime i Léann na hEorpa ar fáil in Éirinn, ceann amháin in Ollscoil Luimnigh agus ceann eile i gColáiste na Tríonóide.

Cad is Léann na hEorpa ann, mar sin, agus cén fáth go bhfuil sé tábhachtach do ghlúin óg na Gaeltachta agus do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu? Ar an gcéad dul síos, is léann é a chuimsíonn roinnt mhaith ábhar agus réimse leathan, idir chultúrtha, theangeolaíoch agus pholaitiúil. Déantar staidéar ar theangacha, ar pholasaithe a phléann le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, agus ar ábhair ghaolmhara eile cosúil le litríocht, scannánaíocht, socheolaíocht, gnó, dlí agus polaitíocht.

D’fhéadfaí a rá gur buntáiste atá sa bhfairsinge seo, mar go bhfuil sé ag teacht leis an gcleachtas atá tagtha chun cinn i gcúrsaí earcaíochta daoine le scileanna ginearálta agus idirdhisciplíneacha a lorg seachas speisialtóirí. Mar shampla, taispeánann David Epstein ina shaothar Range: Why Generalists Thrive in a Specialized World (2019) go léiríonn taighde atá déanta ar an ábhar gur ag an nginearálaí léannta seachas ag an speisialtóir atá an buntáiste i gcúrsaí fostaíochta san aonú haois is fiche. Dar le Epstein ní rud é seo a tharlóidh amach anseo. A chontrárthacht sin, a mhaíonn sé, tá an lá sin buailte linn cheana féin.

Agus más baol do phostanna traidisiúnta í an Intleacht Shaorga (AI) d’fhéadfaí an argóint a dhéanamh gur fál cosanta lárnach don AI a bheidh i scileanna ginearálta an chéimí sa todhchaí.

Is féidir go bhfuil sé seo fíor maidir leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach araon. Go dtí seo, is san earnáil phoiblí ba mhó a bhí deiseanna fostaíochta don té ag a raibh Gaeilge. Ach cruthaíonn an stádas oifigiúil nua deiseanna san earnáil phríobháideach in Éirinn nach raibh ann roimhe seo. Tá an Ghaeilge aitheanta go struchtúrtha ag leibhéal na hEorpa i gcomhthéacs an ilteangachais, ach feictear chomh maith go bhfuil tionchar ag toisí eile ar sheasamh na teanga a bhaineann le hathruithe sa chultúr polaitiúil. Ceann de na gnéithe sin ná EDI (comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht), agus tá roinnt comhlachtaí príobháideacha ag iarraidh a gcláir EDI a neadú chun freastal a dhéanamh ar a gcuid custaiméirí. Seo sampla amháin, ar eiseamláir é de na deiseanna nua do Ghaeilgeoirí san earnáil phríobháideach. Go luath tar éis don Aontas Eorpach a fhógairt go raibh deireadh le maolú na Gaeilge agus go raibh sí ina teanga oifigiúil, d’fhógair an chomhlacht earcaíochta searchtalent go rabhadar ag lorg duine le Gaeilge d’eagras príobháideach. An rud ba shuntasaí, áfach, ná gur post é seo a bhí lonnaithe sa Ghréig.

Go dtí aimsir na paindéime, samhlaíodh coincheap an phoist leis an suíomh fisiceach. Ach tarlaíonn go bhfuil lánstádas na Gaeilge tagtha ag an am céanna le cor mór sa saol oibre – an obair as baile.

Tá sin le feiceáil i dtuairiscí ó Údarás na Gaeltachta faoi líon na ndaoine atá ag iarraidh bogadh go dtí an Ghaeltacht ó thús na paindéime.

Caithfidh go bhfuil an deis oibriú as baile sa Ghaeltacht ar cheann de na buntáistí is mó le blianta fada ó thaobh inbhuanaitheacht na Gaeltachta. Sa chás seo, tá an deis obair ón mbaile fite fuaite le cearta teanga agus le ceisteanna tithíochta agus taistil.

Más mar dheis dul ag obair thar lear amháin a d’fhéach aoinne ar stádas oifigiúil na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa go dtí seo, caithfidh siad féachaint arís ar an scéal. Tá an luaineacht fhíorúil tar éis an tírdhreach a athrú ar gach aon slí – a bhuí leis an teicneolaíocht agus leis an gcianobair.

In Ollscoil Luimnigh tá an Baitsiléir Ealaíon i Léann na hEorpa ar an gclár is sine i Léann na hEorpa san Eoraip. Bunaithe in 1972 ag an Ollamh Joachim Fischer ar bronnadh Cathaoir Jean Monnet i Léann Chultúr na hEorpa air in 2019, is é an t-aon chlár fochéime amháin in Éirinn inar féidir le mic léinn staidéar a dhéanamh ar na nGaeilge chomh maith le teangacha eile, nó díriú ar an nGaeilge.

Chomh maith le hábhair amhail an dlí, an pholaitíocht, an mhargaíocht agus an scannánaíocht, caitheann mic léinn sé mhí ar thaithí oibre san Eoraip nó sa Ghaeltacht agus caitheann sé mhí eile in ollscoil san Eoraip.

Meascán de shainscileanna agus scileanna ginearálta a fhoghlaimítear ó Léann na hEorpa. Ní raibh an meascán sin riamh chomh tábhachtach is a bheidh do na glúinte atá le teacht.

  • Is Stiúrthóir Cúrsa i Léann na hEorpa agus Léachtóir le Gaeilge í Sorcha de Brún in Ollscoil Luimnigh. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Léann na hEorpa agus an tábhacht a bhaineann leis don chainteoir óg Gaeilge'