Laghdú i dtacaíocht Fhine Gael sa chéad phobalbhreith den fheachtas toghcháin

Tá drochscéal do pháirtithe an chomhrialtais agus dea-scéal d’Fhianna Fáil sa chéad phobalbhreith d’fheachtas olltoghcháin 2016

03/02/2016 General Election Starts. (LTOR) Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny with Tanaiste and Labour Party Minister for Social Protection Joan Burton at Government Building as they announced to dissolve Dail Eireann. Photo: Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá drochscéal do pháirtithe an chomhrialtais agus dea-scéal d’Fhianna Fáil sa chéad phobalbhreith d’fheachtas olltoghcháin 2016.

Léiríonn torthaí na pobalbhreithe is déanaí ón Irish Times/Ipsos MRBI go bhfuil an leibhéal tacaíochta atá ag Fine Gael tite dhá phointe go 28% agus go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre fós ar 7%. Thit leibhéal na tacaíochta atá ag Sinn Féin ó 21% go dtí 19%.

I bhfianaise na pobalbhreithe seo, ní bheadh dóthain tacaíochta ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre rialtas a bhunú an athuair tar éis an toghcháin.

Tháinig ardú 2% ar leibhéal tacaíochta Fhianna Fáil agus ardú 2% a bhí i gceist chomh maith i gcás na neamhspleách agus iarrthóirí eile.

Reáchtáladh an phobalbhreith Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo i measc 1,200 vótóir.

Dheimhnigh an Taoiseach Enda Kenny ar a chuntas Twitter inné gur ar an 26 Feabhra a rachaidh an pobal ag vótáil sa 40 dáilcheantar sa stát.

Ina dhiaidh sin, chuaigh an Taoiseach chuig Áras an Uachtaráin mar ar iarr sé ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 31ú Dáil a lánscor.

158 suíochán a bheidh ann sa 32ú Dáil, agus móramh de 79 suíochán a theastóidh chun rialtas a bhunú.

Fág freagra ar 'Laghdú i dtacaíocht Fhine Gael sa chéad phobalbhreith den fheachtas toghcháin'