Lafferty fíorthábhachtach do Thuaisceart Éireann má tá siad chun an beart a dhéanamh

Tabharfaidh foireann Michael O’Neill aghaidh ar an bPolainn anocht ina gcéad chluiche i nGrúpa C agus is í aclaíocht Kyle Lafferty is mó atá ag cur isteach ar Thuaisceart Éireann

Michael O’Neill. Pictiúr: INPHO/Presseye/Kelvin Boyes
Michael O’Neill. Pictiúr: INPHO/Presseye/Kelvin Boyes

Poland NI Ceart

Tráthnóna, imreoidh Tuaisceart Éireann a gcéad chluiche i mórchomórtas ó ghlac siad páirt i gCorn an Domhain 30 bliain ó shin. Is i gcoinne na Polainne a bheidh siad anocht agus is mór an dúshlán é sin d’fhoireann Michael O’Neill.

Bhí foireann an Tuaiscirt ar mhuin na muice go dtí seo, gan cluiche caillte acu ó mhí Mhárta 2015, achar ní b’fhaide ná aon fhoireann eile sa chomórtas.

Fuair siad drochscéal i rith na seachtaine, faraor, nuair a gortaíodh Kyle Lafferty agus iad i mbun traenála sa Fhrainc. Tá an t-imreoir tosaigh ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí atá acu agus ní bheadh EURO 2016 sroichte ag Tuaisceart Éireann gan a chuid cúl.

Bhí scanadh ag Lafferty Déardaoin agus deirtear go rabhthas dóchasach go leor leis an toradh ach beidh roinnt amhrais faoi fós. D’fhéadfadh gurbh é Will Griggs an t-imreoir a thógfadh áit Lafferty. Cé nár imir sé in aon cheann de na cluichí cáilithe, scóráil Griggs 28 cúl do Wigan an séasúr seo, gaisce a bhain áit amach sa Fhrainc dó.

Meastar go mbeidh comórtas maith ag foireann na Polainne agus Robert Lewandowski mar cheannaire orthu. Níor scóráil aon duine níos mó cúl ná fear Bayern Munich i rith na gcluichí cáilithe agus is é an príomhrud atá le déanamh ag Tuaisceart Éireann ná stop a chur leis.

É sin ráite, tá imreoirí eile ag na Polannaigh atá dainséarach, go háirithe Arkadiusz Milik agus Jakub Blaszczykowski, cé nach raibh séasúr iontach ag an gcliathánaí agus é ag imirt do Fiorentina.

Bíonn an chéad chluiche i gcomórtais den chineál seo thar a bheith tábhachtach agus beidh Michael O’Neill ag súil le comhscór ar a laghad chun spreagadh a thabhairt do Thuaisceart Éireann ach beidh sé deacair acu.

Rogha Tuairisc.ie: An Pholainn

Fág freagra ar 'Lafferty fíorthábhachtach do Thuaisceart Éireann má tá siad chun an beart a dhéanamh'