Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire

Den chéad uair riamh, d'ainmnigh an DUP, an páirtí Aontachtach is mó, LeasChéad-Aire - Emma Little-Pengelly. Gordon Lyons an DUP a bheidh ina Aire Pobal, an aireacht ar a mbíonn cúram na Gaeilge

Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire

Lá stairiúil a bhí sa lá inniu ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill, Leas-Cheannaire Shinn Féin, tofa ina Céad-Aire sa bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann, an chéad náisiúnach riamh a bhí sa phost sin.

Ba í O’Neill a síleadh a bheadh ina Céad-Aire de bharr toradh an toghcháin Tionóil in 2022 a d’fhág Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tionól.

Níor tharla sin mar gur thit an tóin as socrú roinnt na cumhachta nuair a chinn an DUP baghcat a dhéanamh ar an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh na socruithe trádála iarBheatimeachta, imeacht ar aontaigh an DUP leis.

Tá beagnach dhá bhliain den bhaghcat agus den fholús reachtaíochta sin ann ó shin.

Den chéad uair riamh, d’ainmnigh an DUP, an páirtí Aontachtach is mó, LeasChéad-Aire – Emma Little-Pengelly.

Go moch maidin Dé Máirt seo caite a d’fhógair ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh deireadh á chur leis an tsáinn pholaitiúil agus go raibh glactha ag feidhmeannas a pháirtí, ar a bhfuil 130 comhalta, le margadh a chuirfeadh an Tionól ar a chosa arís.

Bhí an Chéad-Aireacht ag an DUP ó 2007 go dtí 2017 agus idir 2020 agus 2022.

D’ainneoin na teidil atá orthu, Céad-Aire agus LeasChéad-Aire, is ionann údarás an dá phost agus ní féidir le duine amháin díobh aon chinneadh a dhéanamh ar neamhchead don duine eile.

Faoi Chóras d’Hondt a roinntear na haireachtaí sa bhFeidhmeannas i Stormont, córas atá bunaithe ar an líon Comhaltaí den Tionól Reachtach atá ag na páirtithe.

Ceapadh Edwin Poots an DUP mar Cheann Comhairle ar an bhFeidhmeannas inniu.

Gordon Lyons an DUP a bheidh ina Aire Pobal, an aireacht ar a mbíonn cúram na Gaeilge.

Malairt córais a úsáidtear chun Aire Dlí agus Cirt nua a cheapadh, ceapachán ina mbíonn vóta trasphobail riachtanach dó. Ag ceannaire an pháirtí Alliance, Naomi Long, a bheidh an post sin arís. Beidh Robert Swann an UUP ina Aire Sláinte arís.

Ceapadh Conor Murphy, Sinn Féin, ina Aire Eacnamaíochta agus Caoimhe Archibald ón bpáirtí céanna a bheidh ina hAire Airgeadais.

Paul Givan ón DUP a ceapadh ina Aire Oideachais.

Andrew Muir ó Alliance a ceapadh ina Aire Talmhaíochta agus Timpeallachta.

Ó reáchtáladh na toghcháin dheireanacha in 2022, ‘Céad-Aire do Chách’ a thugann a páirtí féin ar Michelle O’Neill agus bhí an cur síos céanna sa treis arís inniu.

Maíonn sí féin agus ceannaire a páirtí, Mary Lou McDonald, go raibh a ceapachán mar Chéad-Aire fíorshuntasach ó thaobh na polaitíochta de agus é á áitiú ag Sinn Féin go bhfuil Éire Aontaithe ar ‘leic na tairsí’ againn.

Tá an-dúshláin roimh O’Neill agus a foireann airí agus aghaidh le tabhairt acu ar an ngéarchéim i gcúrsaí buiséid agus seirbhísí poiblí atá ag titim as a chéile.

I Mainistir Fhear Maí i gcontae Chorcaí a rugadh Michelle Doris sa mbliain 1977 ach i gCluain Eo i gcontae Thír Eoghain a tógadh í i dteaghlach Poblachtach.

Chaith a hathair Brendan Doris seal i ngéibheann mar bhall den IRA agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Chomhairleoir de chuid Shinn Féin i nDún Geanainn.

In 2005 a chuir an Céad-Aire nua-cheaptha tús lena saol sa bpolaitíocht nuair a ghlac sí suíochán a hathar ar Chomhairle Buirge Dhún Geanainn agus ba ise an chéad bhean riamh a bhí ina méara ar an mbaile sin.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin a toghadh ar dtús í go dtí an Tionól i Stormont agus í i dteannta bheirt sheanfhondúirí an pháirtí, Martin McGuinness and Francie Molloy, agus iad ina n-ionadaithe ag Lár Uladh.

Nuair a ceapadh ina hAire Sláinte í in 2015 is ea is mó a tháinig sí i mbéal an phobail agus ise a chuir deireadh leis an gcosc a bhí ar fhir aeracha aon fhuil a dheonú lena mbeo.

Nuair a bhásaigh Martin McGuinness in 2017, ba í Michelle a ceapadh ina ceannaire ar Shinn Féin i Stormont agus an bhliain dár gcionn ceapadh í mar Leas-Uachtarán ar pháirtí Shinn Féin.

Sa mbliain 2020, Michelle O’Neill a toghadh mar LeasChéad-Aire ar Thionól Stormont.

B’iontach stairiúil an lá é in 2022 nuair a d’fhág toghchán na bliana sin gurbh é Sinn Féin faoina cúram an páirtí ba mhó i dTuaisceart Éireann, an chéad uair ar tharla sin sna sé chontae.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire'

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    STORMONT = CNOC AN ANFA?
    Is mór an chuid suime é comparáid a dhéanamh idir leagan Gaeilge an logainm thuas agus an iontráil seo a leanas sa leabhar ‘The Celtic Placenames of Scotland’ ag W.J. Watson (leathanach 120) —

    « The name is a compound of G. ‘stair’, ‘stoir’, ‘stepping-stones over a bog or in a river,’ sometimes too a rude bridge, and ‘monadh’, a moor, and means ‘stepping-stones moor. »

  • Paul Laughlin

    Ní déarfá go mbíonn easpa anfa ann cibé. Tá an t-ainm ceart ar an áit sin.