‘Lá an-dúshlánach’ romhainn agus an Stoirm Barra ag bualadh na hÉireann

Beidh an Stoirm Barra ag séideadh anseo ar feadh ceithre huaire fichead agus rabhadh dearg aimsire i bhfeidhm i gCiarraí agus i gCorcaigh

‘Lá an-dúshlánach’ romhainn agus an Stoirm Barra ag bualadh na hÉireann

Tá rabhadh dearg stoirme i bhfeidhm do chontaetha Chiarraí, Chorcaí agus an Chláir agus an Stoirm Barra le tosú ag bualadh na tíre seo le moch maidine inniu.

Tá an stádas oráiste i bhfeidhm óna 6am inniu go dtí an t-am céanna maidin amárach do chúig chontae – Gaillimh, Maigh Eo, Port Láirge, Luimneach agus Loch Garman. Táthar ag tuar nach seasfaidh an stoirm chomh fada ar an gcósta thoir agus óna 6am go dtí a 1pm atá an stádas oráiste fógartha do cheithre chontae ar an taobh thoir den tír – an Mhí, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus contae Lú.

Tá na scoileanna dúnta inniu sna contaetha a bhfuil stádas oráiste nó dearg aimsire i bhfeidhm iontu.

Iarrtar ar thiománaithe gan tabhairt faoi aon turas nach bhfuil riachtanach agus iarrtar ar mhuintir Chiarraí, Chorcaí agus an Chláir fanacht istigh ina gcuid tithe agus an cósta a sheachaint ar fad.

Beidh an rabhadh dearg aimsire i bhfeidhm i gCiarraí ó 6am ar maidin go dtí 9pm oíche amárach, agus beidh sé i bhfeidhm i gcontae an Chláir ó 4pm inniu go dtí 1pm amárach, Dé Céadaoin.

Deir Met Éireann gur dóigh go gcuirfear isteach ar sheirbhísí taistil agus ar an soláthar cumhachta mar go mbeidh siotaí ropánta díobhálacha gaoithe ag séideadh sa tír seo inniu agus amárach.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “an-imní go deo” ar an Rialtas faoin stoirm Barra agus gur “lá an-dúshlánach” an lá inniu sa tír seo.

Beidh an Stoirm Barra ag séideadh anseo ar feadh ceithre huaire fichead.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine sna contaetha is measa a bheas buailte fanacht sa mbaile ach i gcás fíor-riachtanais agus “an cósta a sheachaint ar ais nó ar éigean”.

Táthar ag tuar go mbeidh siotaí 140 ciliméadar san uair leis an stoirm seo agus gurb iad contaetha Chiarraí, Chorcaí agus na Gaillimhe is measa a bhuailfear. D’fhéadfadh maidhmeanna a bheith le cósta, tuilte is fuarlaigh ar bhóithre, díle bháistí, flichshneachta is sneachta, crainnte a bheith leagtha agus an trácht a bheith ina chiseach.

Beidh cúrsaí ar na bóithre an-chontúirteach inniu agus as seo go meán lae amárach. An chomhairle do gach duine atá ina gcónaí sna contaetha is mó atá i gcontúirt ó Bharra ná gan tabhairt faoi aon turas nach bhfuil riachtanach as seo go dtí amárach.

Agus siotaí contúirteach á dtuar inniu agus amárach tá rabhadh dearg mara i bhfeidhm ó Charn Uí Néid go Ceann léime an Chláir go Ceann Léime na Gaillimhe.

Dúirt Ceannasaí Met Éireann Evelyn Cusack inné go raibh Stoirm Barra ag bailiú nirt amuigh i lár an Atlantaigh faoi láthair agus gur geall le “buama aimsire’ í agus í ag teacht faoinár ndéin.

Dúirt sí gur stoirm í Barra a chuirfidh “beatha i mbaol”.

Fág freagra ar '‘Lá an-dúshlánach’ romhainn agus an Stoirm Barra ag bualadh na hÉireann'