King Arthur – The Legend of the Sword
Stiúrthóir: Guy Ritchie
Cliar: Charlie Hunnam, Astrid Bergès-Frisbey, Jude Law, Djimon Hounsou, Eric Bana, Aidan Gillen, Tom Wu.
A leithéid de thruflais. Ní hé go rabhas ag súil le saothar thar na bearta ach bhíos ag tnúth go mbeadh léamh sainiúil ag Guy Ritchie ar an seanscéal seo a bhfuil meirg air le blianta. Saoiste faoi leith é an Sasanach nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa. Cuimhním ach go háirithe ar an gclisteacht agus deisbhéalaíocht a bhain le Lock Stock and Two Smoking Barrels mar aon leis an tslí inar éirigh leis Sherlock Holmes a bhriseadh as an múnla seanbhunaithe ina raibh sé sáinnithe.
Bhí uisce lem fhiacla agus mé ag samhlú go mbeadh an t-aicsean, an fhantaisíocht, an mhiotaseolaíocht agus na deismireachtaí cainte cniotáilte le chéile go suaithinseach. Ach imíonn an saothar seo ar bóiléagar ar fad agus is bocht an scéal é nuair nach é caimeo gan dealramh David Beckham an rud is measa ann. Níorbh ea ná an diabhal é. Dá olcas é King Arthur, táirge le Clive Owen ó 2004, bhí sé seacht n-uaire níos fearr ná seo.
Ceann feadhna mealltach é Charlie Hunnam agus thaitin a shaothar in Sons of Anarchy liom. Níorbh aon iontas dom go gcuaigh Ritchie sa tóir air le tabhairt faoin bpríomhról anseo. Earcaíodh Jude Law le tabhairt faoi ról an bhithiúnaigh agus tugann sé faoi le fonn is le flosc. Ina theannta sin tá Eric Bana, Djimon Hounsou, Aiden Gillen (goidte ó Game of Thrones) agus Tom Wu (goidte ó Marco Polo) i róil thánaisteacha. Ar an gcéad luí súl mar sin tá cuma na maitheasa ar an rud ar fad agus b’ábhar iontais is díomá dom gur imigh an rud amach ón gcairt.
Taibhsíodh dom nach rabhthas cinnte cad ba cheart a dhéanamh leis na carachtair agus an scéal bunaidh.
Déanann Ritchie, mar is dual dó, béarlagair agus gairbhe na sráide is na slumaí a shníomh isteach agus Arthur mar dhílleachta a tógadh i dteach striapachais aige. D’éirigh go seoigh leis seo ar fad agus bhaineas súp as na carúlacha a bhí á gcaitheamh. Tá an t-iardhearcadh ag an tús, ina gcuireann Arthur síos ar an maidin a bhí aige, ina shampla den chineál rud gur féidir le Ritchie a dhéanamh nuair a bhíonn sé os cionn a bhuille. Go deimhin bhíos ag cáiseamh liom féin nár lean sé leis an múnla seo nuair a chuaigh sé in abar agus é ag iarraidh ardnós agus dríodar cainte na n-uasal a thabhairt leis.
An rud a dhein cac sleaidí ar fad den chúram ná gné na fantaisíochta agus na draíochta. Bhí an cogadh a soláthraíodh sa chéad radharc cuidsúlach go maith ach bhí comharthaí anseo go raibh an t-osnádúr chun an rud ar fad a shlogadh. Is amhlaidh atá le francaigh mhóra, nathair nimhe ollmhór, eilifintí millteacha agus a lán neacha eile nach iad ag teacht ós na ceithre hairde. Tá a fhios agam go bhfuil an t-osnádúr (Merlin agus é sin ar fad) lárnach sa chúram ach deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos de. Faoi dheireadh bhí na máithreacha leagtha do scannáin leantacha, ach faoin tráth sin bhí an cath leis an lucht féachana caillte ag Ritchie agus a chriú.
Fág freagra ar '‘King Arthur – The Legend of the Sword’ – a leithéid de thruflais'