‘It’s on Facebook’ – bréaga,  ráflaí agus príobháideachas

Spreagann an chonspóid is déanaí faoi Facebook go leor ceisteanna faoi fhoinsí eolais agus faoi cén dream ar chóir muinín a chur iontu

‘It’s on Facebook’ – bréaga,  ráflaí agus príobháideachas

Ní thuas seal i gcónaí ach thíos seal uaireanta a bhíonn scaireanna i ngach comhlacht. Léirigh gach ar tharla do Facebook agus do chomhlachtaí eile na meán sóisialta le cúpla lá an chontúirt sin, ar thrí chúis:

  1. Tá luach scaireanna na gcomhlachtaí ag titim ó thús na seachtaine (ísliú 5.8% Dé Máirt i gcás Facebook, anuas ar ísliú 6.8% Dé Luain).
  2. Tá a gcleachtais agus a dtionchar ar an gcóras polaitiúil á n-iniúchadh ag údaráis éagsúla sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain.
  3. Tá amhras faoi phríobháideacht na faisnéise a chuireann daoine ar Facebook, go háirithe, á nochtadh ar fud an domhain.

Bí cinnte go n-admhóidh Facebook, agus na comhlachtaí eile freisin, b’fhéidir, ‘go ndearnadh botúin’. Bí cinnte leis go ngabhfar leithscéal teoranta, agus go ngeallfar nach dtarlóidh a leithéid arís.

Fógrófar freisin gan dabht go bhfuil daingniú ar chleachtais á chur i bhfeidhm, agus go gcuirfidh na beartais nua bac ar scaipeadh faisnéise a shíl úsáideoirí soineanta a bhí príobháideach go dtí seo.

Chuir fear réasúnta ceist réasúnta ar scríbhneoir an cholúin seo agus tuairiscí an Observer, an New York Times agus Channel Four News ar an leas polaitiúil a bhain Cambridge Analytica (CA) as faisnéis phearsanta ar Facebook á phlé againn.

“Fág i leataobh an cur síos a rinne feidhmeannaigh as CA ar a seifteanna maidir le gníomhartha gnéis agus breabaireachta a taifeadadh i ngan fhios. Ba náireach a ndúirt siad faoi chleasa chun polaiteoirí i Srí Lanca a chur i sáinn nó faoi dhúmhál. Is ceist atá dubh agus bán ealaín dá leithéid. Ní féidir í a chosaint.”

Is ina dhiaidh sin a díríodh ar cheist atá níos casta, agus níos tromchúisí.

“Cén locht atá ar scagadh faisnéise ó Facebook chun scéalta nó bolscaireacht pholaitiúil a dhíriú ar dhaoine áirithe? Más léir d’iarrthóir toghcháin, abair, gur mó an seans atá ann go bhfáilteodh daoine áirithe seachas daoine eile roimh ábhar a oireann dá chás, cén dochar? Tá lánchead acu vótáil ina fhabhar nó ina choinne, ainneoin cibé cineál ábhair a chuirtear chucu ar Facebook. Ná habair liom go bhfuil an daonlathas á chur i mbaol dá bharr.”

Is tuairim réasúnta í gan dabht, is é sin má fhágtar cúrsaí príobháideachais i leataobh. Ar ndóigh, cuirfear iachall ar Facebook srianta níos déine ar leathadh faisnéise a chur i bhfeidhm, ach sin scéal eile. Ach ní mhúchfaidh srianta dá leithéid, dá fheabhas iad, an t-amhras polaitiúil.

“It’s on Facebook,” a dúirt scata vótóirí le cara a labhair le lucht leanúna Trump i Chicago roimh an toghchán uachtaránachta sna Stáit in 2016. Bhíodar go léir ag tagairt do ráflaí, do raiméis nó do bhréaga a bhí á scaipeadh ar Facebook faoi Hillary Clinton (mar shampla, go raibh baint aici le dream a bhain mí-úsáid ghnéis as páistí). Tá cur síos maith ar an gcineál cleasaíochta a bhí ar bun sna Stáit in 2016 ar shuíomh gréasáin Politifact.com.

D’admhaigh daoine gur chreid siad ráflaí nó bréaga den sórt seo a foilsíodh, cé go raibh siad sásta a rá gur “bréaga” nó “fake news” a bhí iontu.

Ba léir gur chreideadar seafóid-ar-líne (a) toisc go raibh cuma na fírinne air agus/nó (b) toisc go raibh a dtuairimí chomh claonta go raibh siad toilteanach scéal ar bith beagnach a bhí ag teacht lena dtuairimí a chreidiúint.

Tá eite áirithe sa tír seo atá mímhuiníneach as na gnáthmheáin, ar chúiseanna atá réasúnta agus míréasúnta. Ar ndóigh, is féidir faillí, claontacht agus drochbhotúin a chur i leith na meán traidisiúnta. Ach níl ciall ar bith le ró-amhras. Déantar dearmad rómhinic ar na fáthanna gur chóir a bheith muiníneach fós as na meáin phríomhshrutha (‘mainstream’) – na nuachtáin agus na craoltóirí náisiúnta agus áitiúla, agus seirbhísí nua ar líne ar nós Tuairisc.ie nó www.thejournal.ie. I mbeagán focal, is léir cúig údar muiníne:

  1. Tá an phríomhaidhm chéanna acu go léir: ábhar atá fírinneach a fhoilsiú nó a chraoladh.
  2. Laghdódh líon a léitheoirí/lucht féachana mura mbeadh an aidhm sin á comhlíonadh acu.
  3. Ní bheadh meas ná rath ar na heagarthóirí ná ar na hiriseoirí atá i mbun na hoibre dá dteipfeadh orthu an phríomhaidhm a chomhlíonadh.
  4. Ní foláir dóibh go léir a gcuid oibre a dhéanamh agus aird á coinneáil acu ar an dlí agus ar údaráis eile a fhiosraíonn gearáin ón bpobal (an tÚdarás Craolacháin, mar shampla).
  5. Bíonn a bhformhór toilteanach a admháil go poiblí gur chuir siad botúin i gcló/ar líne/ar an aer.

Tá sé róluath a rá go bhfuil casadh na taoide romhainn. maidir le mí-úsáid na meán sóisialta. Ainneoin na ráflaí, cuireann Facebook agus na meáin shóisialta gléas iontach cumarsáide ar fáil don phobal uilig – gléas ar dlúthchuid den chóras daonlathach é faoin am seo.

Ní foláir mar sin féin a beith san airdeall, go háirithe sa tír seo toisc go bhfuil maoirseacht na meán sóisialta chomh lag abhus.

Níl córas reachtúil ar bith i bhfeidhm faoi láthair chun bolscaireacht pholaitiúil (a) a rialáil ná (b) a iniúchadh i gcás gearáin.

Níl réiteach simplí ar fáil ar na fadhbanna seo. Ach ní gá ach cuimhneamh ar an gconspóid a spreag tvuít bhréagach amháin roimh an toghchán uachtaránachta abhus in 2011 mar léiriú ar an riachtanas.

Fág freagra ar '‘It’s on Facebook’ – bréaga,  ráflaí agus príobháideachas'