‘It’s like being cuddled by a huge velvet cloud’ – pluid nua don té atá ar easpa codlata

Róluath do thaighde eolaíochta orthu fós ach tá ‘pluideanna tromaithe’ molta ag scríbhneoirí agus blagálaithe

‘It’s like being cuddled by a huge velvet cloud’ – pluid nua don té atá ar easpa codlata

Níl aon amhras ach gur fearr i bhfad oíche mhaith chodlata don cholainn agus don chraiceann ná lán bairille de tháirgí cúram cnis agus smididh as Brown Thomas. Ní gan chúis a thugtar ‘codladh na maitheasa’ i nGaeilge ar ‘beauty sleep’. Ach ní bhíonn sé i gcónaí éasca ar na saolta seo ag gach duine an oíche mhaith chodlata sin a fháil. Brú, strus agus imní is minice a choinníonn daoine ina ndúiseacht, is iad ag lúbadh agus ag casadh sa leaba.

D’fhéadfadh cúnamh a bheith ar fáil dóibh siúd a mbíonn an fhadhb sin acu ó tháirge réasúnta nua a bhfuil cuid mhaith cainte faoi le gairid. Ní fheicim go bhfuil aon leagan oifigiúil Gaeilge fós ar ‘weighted blanket’, pluid thromaithe, b’fhéidir. Níl siad fada go leor ar an margadh ach an oiread go mbeadh aon taighde eolaíochta déanta ar a bhfiúntas ach tá teistiméireachtaí pearsanta tugtha ag roinnt scríbhneoirí agus blagálaithe go bhfuil siad thar cionn.  

‘It’s like being cuddled by a huge velvet cloud,’ a dúirt duine amháin fúthu.

Ba leor sin le mise a mhealladh le ceann a cheannacht roinnt seachtainí ó shin. D’ordaigh mé ceann ó chomhlacht sa Bhreatain ach ní raibh a fhios agam ag an am go raibh cinn le fáil a bhí déanta sa Ghaeltacht. Dá mbeadh a fhios sin agam is cinnte gur ó Deep Sleep, comhlacht Mary Corby i nGaeltacht na Rinne a d’ordóinn í.

Breathnaíonn an phluid thromaithe cosúil le gnáth-dhuivé ach go bhfuil sí an-trom go deo. Coirníní beag gloine atá fuaite isteach go cothrom tríd an duivé ar fad a chuireann an meáchan ann.

An chéad dúshlán a bhí agam ná an clúdach duivé a chur air. Bhí leathanach de threoracha ann faoin gclúdach a chasadh droim ar ais ar dtús agus na ceangail bheaga ar an duivé a fheistiú le cinntiú go raibh gach cúinne den chlúdach duivé líonta go hiomlán. Ar an mbealach seo bíonn an meáchan atá sa phluid speisialta seo scaipthe amach go cothrom ar an leaba.

Is cosúil go bhfuil sé an-tábhachtach go roghnódh duine an phluid thromaithe cheart dóibh féin. Aisteach go leor, ní bhaineann sé le méid na leapa ar chor ar bith ach le do mheáchan féin. Moltar go mbeadh an meáchan sa bpluid thart ar 10% de mheáchan iomlán an té a bhíonn á húsáid. Sin an chúis go ndéantar na pluideanna seo i rogha de meáchain éagsúla. Ní le leibhéal an teasa sa phluid a bhaineann an meáchan, mar sin, ach leis an gcompord is fearr a thabhairt don té a bheidh ina chodladh fúithi.

Is cosúil gur fhorbair an phluid thromaithe ó chinn a bhí déanta go speisialta do pháistí beaga a raibh uathachas orthu nó a bhí ag fulaingt leis an ualach sin ar a dtugtar Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde nó ADHD, mar a thugtar go coitianta air.  Nuair a cuireadh na páistí sin ina gcodladh faoi phluideanna beaga a raibh meáchain iontu fuarthas amach gur thug siad compord agus suaimhneas ar leith dóibh. As sin a beartaíodh iad a úsáid do dhaoine fásta le cabhrú leis an imní a laghdú agus feabhas a chur ar chaighdeán an chodlata.

Deirtear go spreagann an brú cothrom ó na meáchain sa phluid thromaithe dhá cheimiceán ar a dtugtar dopaimín agus séireatoinin san inchinn agus go scaoiltear amach iad le strus agus imní a laghdú.

Bíonn praghas idir €45 agus €175 ar na pluideanna seo de ghnáth.  Níl siad saor má chuirtear i gcomparáid iad le gnáth-dhuivé ach ba mhargadh maith iad, dá n-oibrídís, in áit an chostais a bhainfeadh le cógais leighis do dhuine neamhchodlatach.

Ar oibrigh sé domsa? Ba cheart dom a rá, ar dtús, nach raibh fadhb ar leith agam codladh go maith. Go deimhin, is minice fadhb agam dúiseacht ar maidin don obair! Ach is cinnte go mbraithim suaimhneas agus compord speisialta faoin bpluid nua seo. Mar a dúradh cheana, tá cosúlachtaí áirithe aige le bheith greamaithe i mbarróg.

D’fhéadfaí a rá go mb’fhéidir gur tionchar síceolaíochta seachas tionchar fisiciúil is cúis leis an gciúnas agus an compord atá le fáil ón bpluid thromaithe ach nach cuma sin más codladh níos fearr atá mar thoradh air. 

Fág freagra ar '‘It’s like being cuddled by a huge velvet cloud’ – pluid nua don té atá ar easpa codlata'