Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh

Is mó spéis an phobail i mbóthar nua sa ghearrthéarma ná i líne iarnróid nua dá fheabhas í uair éigin amach anseo

Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh

D’fhoilsigh na ranna iompair i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste plean fadtéarmach d’iarnróid an oileáin Dé Máirt.

Ní plean a tugadh ar an an gcáipéis ach ‘Athbhreithniú Straitéiseach’agus níl ann dáiríre ach plean féidearthachtaí – forbairt ar ghréasán iarnróid na tíre a d’fhéadfaí a chur i gcrích in imeacht 25 bliain.

Níl cinnteacht ar bith ann ar ndóigh go gcaithfear €27.6 billiún sa Phoblacht ná €9.2bn (£7.7bn) sa Tuaisceart a luaitear sa straitéis a theastódh ar phraghsanna reatha chun an aisling a chur i ngníomh.

Ní ar mhaithe le beag is fiú a dhéanamh den athbhreithniú, a n-oirfeadh aisling mar chur síos air toisc nach bhfuil tacaíocht pholaitiúil tugtha dó i mBaile Átha Cliath agus toisc nach féidir mórchinneadh polaitiúil ar bith a dhéanamh i mBéal Feirste faoi láthair.

Dála an scéil, sa straitéis tugtar ‘Éire’ ar an bPoblacht. Sampla eile den téarmaíocht rialtais a chuireann olc ar mhórán – ina measc daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ach taobh amuigh de limistéar na Poblachta.

Ábhar suntais eile: ní straitéis ‘uile-Éireann’ a leagtar amach ach straitéis ‘uile-oileáin’, ar fhaitíos is dócha go gcuirfeadh róchruinneas as d’aontachtaithe.

Dá rachfaí chun cinn leis an bhforbairt iomlán mar atá leagtha amach sa straitéis:

  • Thógfaí líne iarnróid nua ó Phort an Dúnáin go Doire agus ar aghaidh go Leitir Ceanainn.
  • Thógfaí líne nua eile ó Phort an Dúnáin go Muineachán agus ar aghaidh go dtí an Cabhán agus An Muileann gCearr.
  • D’athosclófaí na línte idir Ros Láir agus Port Láirge, agus idir Clár Clainne Mhuiris, Tuaim agus Baile Átha an Rí.
  • D’athosclófaí línte eile idir Luimneach agus Faing (mar atá beartaithe), agus idir Baile Átha Cliath agus An Uaimh.
  • Thógfaí gearr-línte nua idir an gréasán iarnróid agus aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus na Sionna agus aerfort idirnáisiúnta Bhéal Feirste.
  • Dhéanfaí dúbailt agus leictriú ar na príomhlínte.

Glactar leis sa straitéis go mbeadh taighde riachtanach chun indéantacht agus inacmhainneacht na moltaí thuas a bhreithniú. Nó i bhfocail níos simplí, chun costas agus tairbhe na moltaí a mheá.

Léiríonn an mhoill áfach atá á cur ar athoscailt na seanlíne idir Baile Átha Cliath agus An Uaimh (daonra: 33,886) an tslí ina gcuireann támáilteacht rialtais moill ar bhóithre iarainn seachas ar bhóithre, fiú i gcás bailte inar léir an tairbhe a dhéanfadh iarnród réasúnta gairid.

Spreag foilsiú na cáipéise i mBaile Átha Cliath bréagtheannas idir an Taoiseach, a dúirt gur léirigh sé go raibh caiteachas breise ar bhóithre riachtanach, agus an tAire Iompair Eamon Ryan a dúirt go raibh cur síos ann ar ré nua iarnróid ina dtiocfadh méadú 100 faoin gcéad ar phaisinéirí iarnróid.

Ní raibh easaontas dáiríre eatarthu, áfach. Cibé forbairt a dhéanfar ar ghréasán iarnróid an oileáin amach anseo, is ar bhóithre a rachaidh ár bhformhór ó áit go háit – mar a dúirt Leo Varadkar. Is léir ag an am céanna ó na tuairiscí ón nGréig go bhfuil “an domhan trí thine” agus go gcaithfear ár n-astaíochtaí iompair a laghdú – mar a dúirt Eamon Ryan.

Is féidir teacht ar chomhréiteach réasúnta polasaí idir an dá thuairim seo. Is deacra iad a choinneáil ar bhonn seasmhach polaitiúil áfach nuair a bhíonn páirtithe i gcomhrialtas á searradh féin i gcomhair toghcháin – leithéidí na dtoghchán Eorpach agus áitiúil, a reáchtálfar faoi cheann deich mí, agus an t-olltoghchán a chaithfear a ghairm faoi cheann bliain go leith.

Níl sa tsíorchaint ar sheachbhóthar chathair na Gaillimhe agus sa phlean chun mótarbhealach a thógáil idir Corcaigh agus Luimneach ach dhá shampla de na driseacha cosáin (maith dhom an lag-iarracht ar imeartas focal) a chuireann brú leanúnach ar pháirtithe an chomhrialtais. Is mó spéis an phobail i mbóthar nua sa ghearrthéarma ná i líne iarnróid nua dá fheabhas í uair éigin amach anseo, nó feabhsuithe.

Rinne an t-eacnamaí cáiliúil John Maynard Keynes cur síos breá (‘In the long run we are all dead’) ar an bhfadhb a chuireann as do pholaiteoirí go minic. Moltar rogha pholaitiúil uaireanta a rachaidh chun tairbhe do thír sa bhfadtéarma ach ar léir do pholaiteoirí láithreach an costas iomarcach polaitiúil a bhaineann leo.

D’eisigh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC) agus Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres foláirimh aeráide i rith na seachtaine. Thagair siad araon do rogha mhór nach gcuirfidh polaiteoir ná pobal ar an méar fhada, is é sin más mian leo aghaidh a thabhairt ar an dainséar atá ag bagairt orainn go léir anois. Má nach beag, faoi láthair.

Ní léir fós an toil pholaitiúil ná an toil phoiblí a theastódh chun polasaithe agus nósanna a athrú mar is gá leis an dainséar aeráide mhaolú.

Ní athróidh neamhthoil an fhírinne, áfach: níl seans ar bith ann go n-athróidh neamhthoil athrú aeráide.

Fág freagra ar 'Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh'

  • Pól Ó Braoin

    Agus an méid sin bóithre iarainn fóinteacha a dúnadh agus a ndearna cosáin astu leis na blianta anuas ní chreidim nach seafóid ar fad an chaint uathu faoi iarnróid nua. B’fhearr i bhfad dá ndíreofaí ar bhóithre na tuaithe a chóiriú agus a dheasú. Is ansin a chreidfinn é.

  • jpmorley0@gmail.com

    Tagaim le PÓB sa méid sin. Mar shampla: rian glas eile á dhéanamh den senbhóthar iarainn ó Mhainistir na Corann go hEochaill. Traein a ritheadh ó Chorcaigh tráth den saol agus a mbíodh tarraingt na dúthaí uirthi. Iomrá uirthi sa seanchas agus in amhráin i gcónaí. Ré-thalamh fad a ritheann atá oiriúnach glan & ‘réamh-dhéanta’ chun iarnróid. An bóthar mór go Ros Láir in aice leis ina liútar-léatar gach uile lá beo le tranglam tráchta go híor na spéire babhtaí. Seach-bhóithre fea’n bhealaigh á n-éileamh go feargach le fada ag polaiteoirí (!), lucht gnó sna bailte, tiománaithe srl! Beidh carranna á n-úsáid chun an rian glas a rochtain… chun dul ag siúl!! Caint san ardchathair ar ré nua iarnródaíochta agus na Comhairlí ar a gcomhairle féin! ‘Bhfuil éinne ar an stiúir sa roileagán ró seo ar fad? Éinne i gceannas? Agus ní ag tagairt do iarnróid amháin atáim.