Blianta fada ó shin a d’imríos mo chéad chluiche sinsir, peil mar a tharlaíonn sé, le Maigh Chromtha i 1973. Ní raibh aon fhoireann peile ag mo chlub baile Achadh Bolg agus d’imir aon imreoir go raibh suim aige sa pheil lena rogha ceann de na cumainn pheile áitiúla. Chomh fada agus is cuimhin liom cuireadh tús leis an tsraith timpeall Lá Fhéile Pádraig.
Agus don chéad chluiche sin bhí turas fada orainn siar go Béarra. Ní dóigh liom go raibh aon traenáil roimh an gcéad chluiche sin. Agus sna trí bliana a bhíos ag imirt le Maigh Chromtha níor bhuamar ach chéad bhabhta amháin, rud a d’fhág go raibh an séasúr críochnaithe roimh thosach an tsamhraidh.
Bog ar aghaidh leathchéad bliain agus tá scéal difriúil ar fad againn. Roghnaíodh mo sheanchara Ger Cunningham mar bhainisteoir iománaithe sinsir Chumann Barra Naofa trí bliana ó shin. Chuir sé glaoch orm féachaint an raibh aon suim agam a bheith mar roghnóir leis. Dhiúltaigh mé go béasach. An bhliain chéanna bhuadar an chéad chraobh shinsir iomána don club ó 1993. Chuir sé glaoch orm arís anuraidh agus arís eile dhiúltaíos go béasach dó.
Bhí séasúr measartha go leor acu in 2023. Bhuaigh Mainistir na Corann orthu sa chluiche leathchraoibhe. Tháinig an glaoch arís roimh Nollaig. Mar a deir an seanrá ‘is maith le Dia an duine diongbháilte’. An uair seo dúras go rachainn leis do bhliain amháin.
Cad é mar dhifríocht atá idir 1973 agus 2024. Baineadh stangadh ollmhór asam nuair a tháinig an chéad téasc ó Ger i lár mhí na Nollag. Sea mí na Nollag agus ní bheadh an chéad chluiche craoibhe go dtí an dara lá de Lúnasa (sea, aréir!) ‘Cruinniú istoíche amárach sa chlub,’ ar sé. Agus bhí an cruinniú ann agus bhí na roghnóirí eile ann agus cuireadh tús le feachtas 2024.
Ag tosach na bliana bhíodh na himreoirí ina n-aonar sa ghiom gach re lá, le chéile sa ghiom uair amháin sa tseachtain agus ina ngrúpaí ag rith le chéile oíche eile. Lean sé sin ar aghaidh go dtí tosach mhí an Mhárta. Ansin deineadh iarracht seisiúin amháin ar an bpáirc a dhéanamh ag an deireadh seachtaine. Faraor, bhí an aimsir go dona cuid mhaith den gheimhreadh agus den earrach agus minic go leor ní raibh cead traenála ar na páirceanna. Dar ndóigh is mar an gcéanna a bhí sé ar fud an chontae.
Cuireadh tús leis an tsraith oíche Shathairn a bhí fuar, gaofar agus fliuch, i mí an Mhárta sna hUamhanna agus sinn ag imirt i gcoinne Éire Óg.
Bhíomar d’uireasa cúigear a bhí le hiománaithe sinsir an chontae agus nach mbeadh againn go dtí an tseachtain seo, mar a tharlaíonn sé.
Agus bhí cluiche sraithe againn gach re seachtain mar aon le traenáil gach Máirt, Déardaoin agus gach deireadh seachtaine nach mbíodh cluiche againn. Bhí cúpla cruinniú le síceolaí spóirt agus lá faoin tuath in iarracht dlúthchaidreamh a chothú i measc an ghrúpa.
Bíonn an saineolaí nirt agus aclaíochta agus cóitseálaí iomána ó Chill Mocheallóg, Adrian O’Brien, i bhfeighil ar an chuid is mó den traenáil agus is an-mhaith chuige é.
Agus anois faoi cheann seacht seachtaine nuair a bheidh trí chluiche imeartha againn i gcomórtas ciorclach [round robin] beidh a fhios againn cad tá i ndán dúinn.
Agus sibh á léamh seo maidin Dé Sathairn beidh toradh ár gcéad chluiche ar eolas againn.
Agus taobh istigh de na seacht seachtaine sin beidh an séasúr críochnaithe do scata clubanna iomána. Tá súil agam nach mbeidh Cumann Barra Naofa ina measc. Is fada an t-achar é ó lár mhí na Nollag 2023. Ach tá súil agam go mairfidh an séasúr craoibhe níos faide ná achar gearr.
Mar a deirim go minic anseo ‘Neosfaidh an aimsir‘.
Carraig
D’réir mar a fheicimse é níl riail an chárta duibh á chur i bhfeidhm ag na réiteoirí sna cluichí iomána, nó b’fhéidir nach dtuigeann siad í??
Tuigeann na cúlaithe, agus an báireoir san áireamh, go dianmhaith nach bhfuiltear dáiríre faoin riail seo agus tarraingíonn siad an t-ionsaitheoir chun talún nuair atá scór ar na bacáin dó.
Más riail atá ann cuirtear i bhfeidhm í nó éirigh as an gcur i gcéill agus cealaigh í.
Nó an amhlaidh nach dtuigim féin í?