Tá rabhadh dearg báistí fógartha do chontaetha na Gaillimhe agus Chorcaí agus an Stoirm Bert ag déanamh a bealaigh faoinár ndéin. Tá fainic curtha ag Met Éireann orainn go bhfuil an-chontúirt ann go mbeidh “drochthuilte” in áiteanna dá barr.
In iarthar na Gaillimhe agus in iarthar Chorcaí is measa a bheidh an bháisteach agus d’fhéadfaí damáiste a dhéanamh do thithe agus do ghnóthaí agus beidh an-chontúirt go deo ag baint le cúrsaí taistil.
Beidh rabhadh oráiste báistí i bhfeidhm i sé chontae eile ó mheán oíche anocht – Port Láirge, Ciarraí, An Clár, Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim.
Chomh maith le duartan báistí na stoirme Bert, tá rabhadh buí gaoithe fógartha ó mheán oíche anocht go dtí a 10.00am maidin amárach do chuid mhaith den tír – Cúige Laighean, Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus contaetha an Chabháin agus Mhuineacháin. Tá sé á thuar go mbeidh gaoth láidir anoir aneas sna bólaí sin.
Tá fainic á cur ag Met Éireann ar dhaoine go mbeidh drochthuilte, agus tithe agus gnóthaí buailte de bharr na díleann báistí sin agus nach mbeidh sé sábháilte a bheith ag taisteal.
Táthar ag tuar siotaí gaoithe a bheidh ag déanamh níos mó ná 90 ciliméadar san uair i nGaillimh le moch maidine amárach, Dé Sathairn. D’fhéadfadh gaoth is báisteach tuilte is fuarlaigh a fhágáil ar bhóithre, crainnte a bheith á leagan, smionagar a bheith á shéideadh agus cúrsaí taistil a bheith ina gcíor thuathail.
Ó thuaidh den teorainn tá rabhadh buí aimsire eisithe ag lucht na haimsire ó mheán oíche anocht go dtí a 11.00 am maidin amárach.
Deir Met Éireann go mbeidh an oíche anocht an-fhliuch agus an-ghaofar agus Bert, an dara stoirm an geimhreadh seo, ag réabadh léi anoir aneas go dtí iarthuaisceart na tíre.
Scaipfidh an bháisteach throm léi ón iardheisceart ar fud na tíre agus beidh tuilte dá barr in áiteanna. San iarthuaisceart d’fhéadfadh flichshneachta agus sneachta a bheith acu chomh maith. Beidh an ghaoth an-tréan agus siotaí contúirteacha aneas go anoir aneas léi le cósta. Gealltar nach mbeidh an teocht faoi bhun an reophointe agus í idir 0 agus 5 chéim Celsius le titim na hoíche ach ag téamh leis de réir a chéile.
Tuilleadh de thabhartas Bhert atá romhainn amárach, an Satharn, aimsir fhiuch ghaofar agus ráigeanna troma báistí fairsing. Ní mór a bheith cúramach ar bóthar mar beidh tuilte in áiteanna arís amárach.
Níl aon bhun á ghealladh dúinn ar an aimsir an chuid eile den deireadh seachtaine seo ná i dtús na seachtaine seo chugainn ach an oiread.
Beidh an Domhnach gaofar agus ropadh láidir gaoithe chugainn aneas go aniar aneas. Le cósta beidh an ghaoth sin ina gála nó fiú ina gála láidir.
Beidh cuid den tír tirim ar an Domhnach agus tréimhsí gréine acu ach na contaetha sin ar chósta an Atlantaigh, bídís faoi réir i gcomhair múraíl throm mar is dual don ghaoth aniar aneas. Táthar ag gealladh teocht idir 10 agus 13 céim Celsius ar an Domhnach agus an ghaoth bhog aneas ag glanadh sioc agus sneachta an chúpla lá seo caite sa gcuid thiar den tír.
Fág freagra ar ''