Nuair a bhí mé sa mbunscoil agus go deimhin ar feadh scaitheamh maith ina dhiaidh sin, ba mhinic a bhain mo bhrionglóid le Páirc an Chrócaigh. Ná ceap ar feadh nóiméid ach an oiread go mba ar Chnoc a 16 a bhínn, ná fiú i mo shuí i gceartlár Ardáin Uí Ógáin nó an Chíosógaigh.
Beag an baol. Chuile gheábh beo acu bhí geansaí cróndearg na Gaillimhe ar mo dhroim, bád an tseoil ar a bhrollach sin agus na stocaí bána a raibh an dá bhanda marún ar a mbarr fáiscthe faoi na glúine.
‘Socks down around his ankles’ a deireadh Micheál Ó hEithir faoin imreoir arbh é siúd ab fhearr leis. Níorbh é sin mo stílse. Bhí mise dea-chóirithe, pointeáilte mar a bhíodh mo chuid laochra Mattie McDonagh, Joe Young agus Joe Sammon. Gan spota salachair ar m’éide, slíoctha, bearrtha mar a bhíodh na saighdiúirí i mBeairic na Rinne Móire agus an Captaen Young i mbun cigireachta.
I mbrionglóid amháin, bhínn ag éirí go hard san aer os cionn pheileadóir Chiarraí Mick O’ Connell. Leath-choisméig ar dheis agus bhí pas tugtha agam do Mattie a chuaigh caol díreach trí chosaint na Ríochta gur lasc an liathróid isteach san eangach.
In aghaidh Bhleá Cliath ab fhearr liom imirt. Ba iadsan an deargnamhaid. Níor chuidigh sé leis an scéal ach oiread go dtagadh sé rite le Gaillimh iad a bhualadh ag an am. Thugadh lucht a leanta ‘culchies’ orainne, ach ba iad a gcuid imreoirí siúd a bhí garbh coilgneach, dar linne.
Eisceacht ab ea a gcaptaen, Des Foley, corp an duine uasail. Níor shábháil sin an fear ard fionn muise. Ba bheag an chabhair a chuid uaisleachta dó agus mise i mo mháistir i lár na páirce.
A mhalairt de cháil a bhí ar a dheartháir Lar a d’imríodh sa líne lánchúil. Má cheapann tú go bhfuileadar siúd atá le feiceáil inniu ag bleaisteáil a chéile i gcomhraic UFC crua, contúirteach, ní choinneoidís coinneal le línte lánchúil iomána agus peile na 1950idí agus na 1960idí.
Chuireadh muintir an Iarthair liú astu agus Lar fágtha ar a thóin agam le cor i leataobh agus liú níos airde nuair a chuirinn Kevin Heffernan nó Ollie Freaney ar shlatracha a ndroma.
Blianta dár gcionn agus eisean anois ina bhainisteoir ar iománaithe Átha Cliath chaith mé píosa de thráthnóna i gcuideachta Lar Foley ina theach i gCionn Sáile, tuairim is 13 ciliméadar ó thuaidh de lár na cathrach.
Ba mhór a bhí idir an tsamhail a bhí agam dó agus mé i mo ghasúr agus an fear gnaíúil, muinteartha a chuir na múrtha fáilte romham agus a chaith uair an chloig do mo thionlacann timpeall ar an bhfeirm bhreá a bhí aige ansiúd.
Rinne sé gáire croíúil nuair a d’eachtraigh mé dó faoi na maidineacha fadó ar dhúisigh mé i gCois Fharraige agus mé righin, stromptha ar a raibh buailte i bPáirc an Chrócaigh aige orm an oíche roimhe!
M’fhearacht féin, chleacht Lar Foley an pheil agus an iománaíocht ach ní raibh aon pháirt ariamh aige i méachtaí lár-oíche-sa i bPáirc an Chrócaigh agus an camán i mo lámh. Bhí iomarca faitís agam roimhe, seans.
In aghaidh Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann a tháinig na gaiscí ba mhó a rinne mé leis an bhfuinseog, mar ba acusan a bhí na foirne ab fhearr ag an am. Ba mhinic a bhíodh contae amháin acu nó scaití an péire i gCluiche Ceannais na hÉireann idir 1957 agus 1969.
Ag Cill Chainnigh a bhí an cúl báire ab fhearr sa tír – Ollie Walsh. Ní raibh ‘Súil an tSeabhaic’ i réim lena linn agus níos theastaigh sí, mar go mba os cionn an spota dubh ar an trasnán a chuaigh chuile chúilín a scóráil mise ina choinne. Agus an sliotar ag neadú i gcúl na heangaí, ba mhinic leis súil sciobtha a chaitheamh ar bhos a chamáin – é siúráilte go gcaithfeadh sé go raibh poll ann.
Cé go raibh foireann iomána den scoth ag Loch Garman freisin le linn an ama sin (sna cluichí ceannais 1954, 55, 56, 1960, 65 agus 68) ar chúis éicint ní cuimhneach liom aon chluiche ina n-aghaidh siúd a bheith i mo chuid brionglóidí. Fós tá ainmneacha a gcuid laochra chomh gléineach i mo chuimhne – na deartháireacha Rackard, Nick O’ Donnell, Ned Wheeler, Padge Keogh, Martin Óg Morrissey.
Agus na blianta caite agam ag iarraidh a fháil amach céard is cúis leis sin, níl agam ach an mhilleán a leagan ar amhrán agus ar reibiliúnach de shagart.
B’ sin é an tAth Seán Ó Murchú a bhfuil cur síos ar a chrógacht in Éirí Amach 1798 i gceann de na sean-amhráin is cáiliúla atá le cloisteáil minic go leor i gcónaí.
Sin ar ndóigh ‘Boolavogue’. Insíonn siúd scéal an Athar Seán agus é ina cheannródaí ar shliocht Gharman Garbh nuair a ruaig siad na Scológaigh i gCath an Bhráca. Ar an mbealach a bhfuaireadar an ceann ab fhearr ar Mhílíste Shasana san Abhallort agus ina dhiaidh sin in Inis Córthaidh.
Pící ba mhó a bhí mar uirlisí troda ag lucht an éirí amach. Ba bheag an mhaith iad sin in aghaidh 15 reisimint ina raibh 13,000 de shaighdiúirí agus muscaeid acu nuair a troideadh Cath Chnoc Fiodh na gCaor ar an 21 Meitheamh 1798.
D’éirigh leis an sagart éalú, ach gabhadh é coicís dár gcionn. Deineadh é a sciúrsáil agus é a chrochadh agus ansin é a loisceadh.
Ar fhoirne Loch Garman m’óige bhí iománaithe a raibh a sinsear páirteach sna cathanna sin, iad anois ag imirt do chlubanna a bhí ainmnithe ina n-onóir agus as a gcleachtais – Na Ropairí (‘a dispossessed native Irish who employed guerrilla methods’ dar leis an Encyclopedia Britannica); Síol Maolúir; Faythe Harriers (‘one who overruns a place or territory, who lays waste, sacks, pillages an spoils’, a deir an Oxford Dictionary).
Bheadh siad sin i bhfad rógharbh agus róbhrúidiúil le go ligfí i ngleic iad leis an Adonis óg Chois Fharraige a bhí ina mháistir ar Pháirc an Chrócaigh i lár an mheán oíche.
Tromluí a bheadh ina leithéid agus ní aisling ná brionglóid.
Fág freagra ar 'I mbrionglóid amháin, bhínn ag éirí go hard san aer os cionn Mick O’ Connell'