Gach seans go mbeidh buaiteoir iomlán nua againn ar Chorn Uí Mhórdha i mbliana

Is iad Baile Gunnair an t-aon dream atá fágtha a bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu roimhe seo ach tá dúshlán le sárú acusan i Mumha ar dtús

Gach seans go mbeidh buaiteoir iomlán nua againn ar Chorn Uí Mhórdha i mbliana

Scríobh mé an tseachtain seo caite go raibh trí chlub ag iarraidh dhá chraobh i ndiaidh a chéile a bhaint amach ag an deireadh seachtaine, gan trácht ar Shleacht Néill a bhí ar thóir dosaen a chur i dtoll a chéile. Bhuel rinne laochra Dhoire an beart dochreidte sin agus in Áth Cliath oíche Dé Sathairn choimeád Na Fianna an corn contae i dtuaisceart na cathrach le cúl thar a bheith déanach ó Chiarán Stacey, rud a chuir alltacht ar fhoireann agus leantóirí Chrócaigh Chill Mhochuda agus a d’fhág ag dul abhaile folamh iad don dara seachtain i ndiaidh a chéile.

I bPáirc Uí Nualláin a bhí an chéad bhua gan choinne ag an deireadh seachtaine nuair a bhuaigh Baile Mhic Andáin a gcéad chraobh shinsir ó 1946 (bhí Seán T Ó Ceallaigh ina uachtarán ar an tír agus Éamon De Valera ina Thaoiseach), agus ansin an tráthnóna céanna i Luimneach bhuaigh Dún Bleisce a gcéad chraobh riamh.

Ar an Luan i bPáirc Uí Chíosóg bhí bua gan choinne eile againn, lá gurbh ag an Fhiacail a bhí an lámh in uachtar ón tús agus iad ag teacht abhaile le Corn Canon Hamilton den chéad uair ó 1988.

I gCill Chainnigh bhain cur chuige Bhaile Mhic Andáin stangadh ceart as gach duine a bhí ag féachaint ar an dtaispeántas spreagúil, ardmheamnach a d’fhág sórt suaitheadh catha ar Ghaeil Uí Lochlainn. Le hardcheannaireacht ón imreoir contae John Donnelly bhuadar na cathanna pearsanta ar fuaid na páirce agus choimeádadar an freasúra taobh le sé chúilín ón imirt don chluiche ar fad.

Ar ais linn go dtí aicsean an deireadh seachtaine seo. Bhuel is fada an tamall anois ó d’imir Bhaile Gunnair cluiche ceannais Phort Láirge. Tá dhá mhí ann i gcomparáid leis an fhreasúra, Dún Bleisce a bhí ar pháirc na himeartha seacht lá ó shin agus a bhí ag diancheiliúradh ar feadh lá nó dhó ina dhiaidh sin. Na himreoirí idirchontae sin atá ag leaids na nDéise, is é seo an tríú séasúr acusan i mbliain féilire amháin. Ach cad is féidir a scríobh fúthu nach bhfuil scríte agus ráite ó 2011 nuair a chuireadar tús leis an ré órga seo i stair chlub seo na nDéise? I mbliana dar ndóigh bhuadar craobh an chontae don aonú huair déag i ndiaidh a chéile. Tá caoga a hocht cluiche i ndiaidh a chéile buaite acu sa chontae. Bhuadar craobh na bliana agus ocht gcúilín déag le spáráil acu ar Dhún na Mainistreach. Bhuaigh Shane O’Sullivan a cheathrú bonn contae déag [14!]. Roimh chluiche an lae amárach tá siad ar thóir a gceathrú craobh chúige i ndiaidh a chéile ach sa gcarn mór sin bonn, gradaim phearsanta agus coirn go léir níl ach craobh na hÉireann amháin buaite acu. An leor san don grúpa imreoirí seo? Ní dóigh liom é.

Mar a fheicimse é tá dorn foirne nua anois go bhfuil seans réasúnta acu Craobh na hÉireann a thabhairt leo i mbliana. Smaoinigh anois go bhfuil an dá fhoireann a d’imir sa chluiche ceannais níos luaithe i mbliana as an rás, mar atá Baile Héil. Níl ach iarbhuaiteoir amháin (Baile Gunnair) fágtha sa rás. Tá gach seans go mbeidh ainm nua glan ar an gcorn i mbliana. Agus má éiríonn le Dún Bleisce an beart a dhéanamh amárach bheidh fuilibiliú i measc na bhfoirne atá fágtha ina seasamh.

An féidir le Dún Bleisce a chinntiú amárach go mbeidh ainm nua ar an gcorn? Tá Baile Gunnair te bruite mar rogha ach tá foireann thar a bheith ábalta ag leaids Luimnigh. Ceapaim go bhfuil seans réasúnta acu.

Beidh craobhchluiche Loch Garman ar siúl amárach freisin agus Naomh Áine i gcoinne Naomh Mairtín. Beidh an cluiche seo á thaispeáint ar TG4 mar a bheidh an choimhlint idir Dún Bleisce agus Baile Gunnair.

Caithfidh go raibh sé ina oíche go maidin aréir san RDS i mBaile Átha Cliath, áit ar bronnadh na gradaim PWC Réalta Éireann ar na himreoirí is fearr sa tír in 2024.

Ach níl an séasúir críochnaithe do chuid des na réalta seo fós mar go bhfuil na comórtais chúige ag tosnú agus corrchraobh chontae fós le críochnú. Ag an bpointe seo den bhliain is beag imreoir idirchontae nach bhfuil bloc traenála déanta acu sula dtosnaíonn an traenáil grúpa.

Fág freagra ar 'Gach seans go mbeidh buaiteoir iomlán nua againn ar Chorn Uí Mhórdha i mbliana'