Is mithid seans a thabhairt do na ‘bastards’ a bheith i gceannas

B’fhéidir go mbeadh buntáiste mór amháin ag baint le Boris Johnson a bheith ina phríomh-aire ar an mBreatain

Is mithid seans a thabhairt do na ‘bastards’ a bheith i gceannas

De réir dealraimh, beidh seans maith ag Boris Johnson, an t-iar-státrúnaí gnóthaí eachtracha, greim a fáil ar cheannaireacht an Pháirtí Choimeádaigh i gceann cúpla seachtain.

Ní raibh údarás nó fíorchumhacht ag an bPríomh-Aire, Theresa May, le tamall, agus déanfar a thuilleadh dochair di nuair a chaillfidh na Tóraithe sna toghcháin Eorpacha amárach.

Tuairiscítear go forleathan go bhfuil Johnson ag ullmhú faoi láthair chun an phríomhaireacht a sciobadh uaithi. Is féidir cúpla rud a rá mar gheall ar Johnson an ‘Príomh-Aire’, más ea. Ar an gcéad dul síos, déanfaidh sé níos mó dochair don chaidreamh Angla-Éireannacha ós rud é nach bhfuil aon mheas aige ar Roinn Gnóthaí Eachtracha s’againne agus ‘an cúlstad’ a bhfuil oiread sin ceana acu air.

Ceapann Johnson gur polaiteoir domhanda é féin, agus ní maith leis léachtaí faoi chás na hÉireann. Níl aon suim aige i rud ar bith seachas gradam breise agus céim in airde eile a fháil dó féin.  Tá seans maith mar sin go mbeidh sé ina raic idir Baile Átha Cliath agus Londain sula i bhfad.

Os a choinne sin, áfach, b’fhéidir go mbeadh buntáiste mór amháin ag baint le Boris Johnson a bheith ina phríomh-aire. Má éiríonn leis Sráid Downing a bhaint amach beidh ball den eite fhrith-Eorpach i gceannas ar rialtas na Breataine den chéad uair ó 1973. Bhí an-chuid Tóraithe i gcoinne an European Communities Act a shínigh Edward Heath i 1973, agus bhí an-chuid gearán le cloisteáil freisin nuair a shínigh Margaret Thatcher an Single European Act i 1987 agus nuair a shínigh John Major Conradh Maastricht i 1992. Ach bhí na daoine seo, na ‘bastards’ mar a thug Major orthu, ina mionlach sa pháirtí le fada an lá.

Ach má bhaineann Johnson an phríomhaireacht amach i gceann cúpla seachtain, beidh na bastards i gceannas den chéad uair.

Is mithid an seans a thabhairt dóibh.

Má bhíonn an cheannaireacht acu, beidh an fhreagracht go léir orthu freisin. Beidh orthu stop a chur leis an mbolscaireacht agus leis an gcur i gcéill mar ní bheidh éinne eile ann a chun an milleán a chur orthu faoin am a nochtfar i gceart fadhbanna ilghnéitheacha an Bhreatimeachta. 

Mar a deir polaiteoirí i Meiriceá agus cúrsaí caidreamh idirnáisiúnta á bplé acu, ‘bris é agus ceannóidh tú é’.

Tá rialtas May briste ag Boris Johnson.

Díoladh sé as anois.

Fág freagra ar 'Is mithid seans a thabhairt do na ‘bastards’ a bheith i gceannas'

  • Colin Spencer

    Is mithid go deimhin ach ar an laimh eile, fada ro dheireannach!