Is mairg a bheadh taobh leis an nGaeilge mar déanfar staicín áiféise díot

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo dhá scéilín a léiríonn gur staicín áiféise é an Gaeilgeoir…

Is mairg a bheadh taobh leis an nGaeilge mar déanfar staicín áiféise díot

Bhí beirt fhear ins an mbaile mór, Seán agus Micheál. Ní raibh aon Bhéarla ag Seán ach bhí cúpla focal ag Micheál. Ní raibh aon airgead acu agus bhí siad ag dul ó theach go teach ag lorg oibre. Tháinig siad go Béal an Mhuirthead lá. Shiúil siad leo go dtáinig siad go teach an mhinistéara. Dúirt an ministéara leo a dhul amach ar an móinéar ag sábháil fhéir.

Tar éis an dinnéir chuaigh an ministéara amach go bhfeicfeadh sé cén chaoi a raibh siad ag déanamh. Bhí Seán thuas ar an gcoca agus dúirt an ministéir: “Take a turn round the pole.”

“Céard a dúirt sé leat, a Mhichíl?” arsa Seán.

“A dheon go deo, a Sheáin, caith anuas thú féin, mar ní ceart a bheith ag obair inniu mar sé Lá’l Peadar agus Pól é.”

Do léim Seán anuas.

“Déan deifir, déan deifir, a Sheáin,” arsa Micheál.

“Come back for your change,” arsa an ministéir leobhtha.

“Tá sé ag rá go gcuirfidh sé slabhra orainn,” arsa Micheál le Seán.

Nuair a bhí siad ag dul siar an Chorrchloch tháinig tart mór ar Sheán. Chonaic sé buidéal i siopa agus dúirt sé le Micheál a dhul isteach agus an buidéal a cheannach.

Chuaigh Micheál isteach, shín sé méar go dtí an buidéal agus chuir sé a mhéar suas ina bhéal.

Shíl an dochtúir gur daitheacha fiacla a bhí air.

“Suigh síos ar an gcathaoir,” ar seisean agus tharraing sé fiacail ó Mhicheál.

Shín Micheál a mhéar go dtí an buidéal arís agus tharraing sé fiacail eile as.

Bhí a dhóthain ansin ag Micheál agus chuaigh sé amach go dtí Seán.

“Cá bhfuil an buidéal?” arsa Seán.

“Ná trácht ar bhuidéal ins an mbaile seo nó ní fhágfaidh sé fiacail in do cheann.”

Chonaic siad fear marbh ar thaobh an bhóthair. Tháinig garda agus sheas sé ag amharc ar an bhfear.

“Who killed the man?” ar seisean.

“Two Fallmore men,” arsa Micheál.

“You shall be hung,” arsa an garda agus d’ordaigh sé leis go dtí an beairic iad.
Nuair a cuireadh faoi ghlas iad thosaigh siad ag labhairt agus ag béiceach ag iarraidh a dhul amach. Bhí siad ansin ar feadh cúpla lá gur chuala na Gardaí gur gluaisteán a mharaigh an fear. Ligeadh amach ansin iad.

Ní fhaca Dia ná duine, cos chlé ná cos dheis ón lá sin amach sa mbaile mór iad.

Máighréad Ní Ghacháin (82), Dumha Thuama, Gaoth Sáile a d’inis an scéal seo do Bhrighid Ní hOistín i 1937


Aon uair amháin bhí fear óg ar aimsir i nGaillimh leis an ministéara Protastúnach. Bhí cailín aimsire ag an ministéara darbh ainm Sal Dixon. Bhí sí go han-deas. Protastúnach ab ea í agus thit mo dhuine i ngrá léi gan mhoill.

Aon Domhnach amháin, d’fhan sí rófhada ag an teampall agus d’éirigh an fear óg mífhoighdeach ag fanacht léi ag an ngeata. Chuaigh sé go dtí an doras agus chaoch sé isteach.

Bhí sórt misiún ar siúl agus bhí an misinéir ag caint agus an t-ábhar cainte a bhí aige ná Salvation.

Uair amháin eile sháigh an fear óg a cheann isteach go bhfeicfeadh sé an raibh a Sal féin ann ar chor ar bith.

Chonaic an misinéir é agus ghlaoigh sé air: “Gabh i leith anseo agus bhéarfaimid Salvation duit.”

“Go dtí an diabhal leat fhéin agus Sal Vation,” arsa an fear óg, “Sal Dixon atá uaimse.”

Peg Breathnach (21), An Spidéal, a d’inis i 1929

Fág freagra ar 'Is mairg a bheadh taobh leis an nGaeilge mar déanfar staicín áiféise díot'