Is léir nach bhfuil Meiriceá chomh ‘great’ sin go fóill

Tá an cogadh trádála caillte ag Meiriceá cheana féin

Is léir nach bhfuil Meiriceá chomh ‘great’ sin go fóill

Tuairiscítear gur lig lucht na margaí idirnáisiúnta osna mhór faoisimh nuair a d’fhógair Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, ag cruinniú den G20 sa tSeapáin ar na mallaibh, go raibh na beartais a bhí ar na bacáin in aghaidh na Síne curtha ar athlá.

Agus anois tuairiscítear go bhfuil rialtas Mheiriceá ag rá nach cosc ar Huawei a bheidh i bhfeidhm ach cosc ar earraí a bhaineann go díreach leis an tslándáil náisiúnta.

Géilleadh atá ann gan dabht, cé gur fógraíodh é sa gcaoi go bhféadfaí oineach is clú Mheiriceá a chosaint.

Go deimhin ón uair ar fhógair Trump an cogadh seo, agus an t-ionsaí ar Huawei ach go háirithe, bhí comhlachtaí teicneolaíochta i Meiriceá ag stocaireacht go láidir ar mhaithe le maolú ar an gcosc.

Chaith Huawei $11 billiún anuraidh ag ceannach comhpháirteanna i Meiriceá, ó leithéidí Qualcomm, Microsoft agus Google, agus cuireadh an gnó sin – agus an brabach a bhaineann leis – i mbaol.

Ag an am céanna rinne na Meiriceánaigh iarracht brú mór a chur ar stáit ar fud an domhain seasamh le Meiriceá san aighneas seo – ina measc, ar ndóigh, an tAontas Eorpach. Theip ar an iarracht.  Bhí na conarthaí le Huawei róthábhachtach don Aontas Eorpach toisc go bhfuil Huawei go mór chun tosaigh maidir leis an nuálaíocht teicneolaíochta.

Agus sin í an fhadhb a bhíonn ag Trump. Teastaíonn uaidh go mbeadh Meiriceá ceannasach san earnáil seo, ach ní féidir é sin a bhaint amach trí orduithe a thabhairt. Tá na Sínigh roinnt blianta chun tosaigh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bheadh ar rialtas na Stát na billiúin a chur isteach sa taighde.

Tá cás na hEorpa níos measa mar is ar éigean go bhfuil siadsan sa gcomhaireamh in aon chor maidir le forbairt na nuálaíochta. 

Thagadh go leor den fhorbairt san Eoraip ón nGearmáin, agus ó thionscal na gcarranna, ach is cosúil gurbh amhlaidh a  d’éirigh na Gearmánaigh róchleachta ar an saothrú ó charranna a easpórtáil agus gan aon iomaíocht san Eoraip acu. Ach aithnítear anois go bhfuil siad chun deiridh ó thaobh na teicneolaíochta fiú i dtionscal na gcarranna.

Ní hamháin san Eoraip a tugadh an chluas bhodhar do Trump. Dhiúltaigh an India géilleadh do bhagairt ó Mheiriceá go gcaithfí a margadh a oscailt d’earraí as Meiriceá. Agus níor éirigh le Meiriceá tacaíocht a fháil fiú ó thíortha móra Mheiriceá Theas. An Bhrasaíl, faoi cheannas Jair Bolsonaro, an comhghuaillí is tábhachtaí ag Meiriceá sa réigiún sin, ach sheas seisean an fód in aghaidh Trump maidir leis an gceist seo, rud a spreag an Airgintín agus Meicsiceo le diúltú d’éileamh Trump go gcuirfidís cosc ar Huawei.

Ar ndóigh, aontaíonn an tSile agus Cúba leis an seasamh sin.

Ag an am céanna tá Trump i mbun bagairtí in aghaidh na hIaráine, ach níl mórán tíortha – seachas an Araib Shádach agus Iosrael – ag seasamh leis.  Tá baol cogaidh fós ann, ach is cosúil nach raibh an oiread sin fonn ar Trump dul an treo sin nuair a tháinig an crú ar an tairne.

Tá teipthe freisin ar an iarracht ar coup d‘état i Veiniséala, agus Maduro a chur as oifig. 

Sea, tá an chosúlacht air go bhfuil baint ag na Meiriceánaigh leis an iliomad coimhlintí ag an am céanna – agus gan aon tacaíocht acu don chuid is mó. 

Níl ag éirí le Meiriceá ach an oiread aon chur isteach rómhór a dhéanamh ar gheilleagar na Rúise (nó ar pholaitíocht an stáit sin).

Níos measa ná sin, mar gheall ar an mbagairt ar an tSín tá an tír sin ag éirí níos cóngaraí don Rúis. Ag tosach an Mheithimh  d’aontaigh an Rúis agus an tSín go dtógfadh Huawei an córas 5G sa Rúis, agus gur ina gcuid airgeadra féin a dhéanfaí trádáil feasta idir an dá thír.

Tá macalla anseo den chaint a bhíodh ann roinnt blianta ó shin faoi chóras nua airgeadra idirnáisiúnta a bhunú le dul i gcomórtas leis an dollar. I gcás na Síne ní raibh práinn ar bith ag baint leis an scéal, cé go mbíonn a leithéid de chóras á éileamh ag an Iaráin, an Rúis, an India agus an Afraic Theas.

Ach d’fhéadfadh a leithéid de chóras a bheith chugainn anois de bharr bhagairtí na Stát Aontaithe. Is léir nach bhfuil Meiriceá chomh ‘great’ sin go fóill chun a n-údarás a chur i bhfeidhm ar an domhan ar fad.

Ní féidir le Trump a leithéid a admháil go poiblí, is níor tugadh mórán poiblíochta don ghéilleadh maidir le Huawei – go háirithe in Éirinn – ach is comhartha do-sheachanta é, ceapaimse, go bhfuil an chuid seo den chogadh trádála caillte ag Meiriceá.

An mbeidh siad in ann feabhsú amach anseo? B’fhéidir le cuidiú conradh trádála le Sasana tar éis an Bhreatimeachta?  Ní dóigh liom é, ach feicfimid linn.

Fág freagra ar 'Is léir nach bhfuil Meiriceá chomh ‘great’ sin go fóill'