‘Is iontach a bheith i lár Mheiriceá agus daoine ag ceol ar ais leat i nGaeilge’ – Kneecap ar ‘Rolling Stone’

Tá scéal mór foilsithe ag an iris cháiliúil cheoil ‘Rolling Stone’ faoi thuras na rapálaithe Gaelacha as Béal Feirste go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá

‘Is iontach a bheith i lár Mheiriceá agus daoine ag ceol ar ais leat i nGaeilge’ – Kneecap ar ‘Rolling Stone’

Tá scéal mór curtha amach ag an iris cheoil cháiliúil Rolling Stone faoin mbanna Kneecap, na rapálaithe as Béal Feirste a bhíonn ag ceol i nGaeilge agus i mBéarla.

‘Kneecap Takes New York: Backstage With Belfast’s Hottest Rap Trio’ an teideal atá ar an ngailearaí 18 pictiúr de Kneecap atá foilsithe ar leathanach baile Rolling Stone in éineacht le ráitis ón mbanna.

Labhair Kneecap – Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí – leis an iris iomráiteach faoi thábhacht na Gaeilge dóibh agus a gcur chuige i leith na teanga.

Dúirt DJ Próvaí gur “iontach” an rud é a bheith ag “taisteal timpeall agus na daoine seo go léir i lár Mheiriceá iad ag ceol ar ais leat i nGaeilge”.

Thagair Móglaí Bap do bheith ag fás aníos mar chainteoir Gaeilge i mBéal Feirste.

“Nuair atá tú seacht mbliana d’aois ní hé an rud is cúláilte é a bheith ar an t-aon pháiste sa tsráid a labhraíonn Gaeilge,” arsa Móglaí Bap.

“Ní bhíonn aon duine dáiríre ag iarraidh seasamh amach nuair atá siad ina ndéagóirí. Ní go dtí níos moille sa saol a thuig muid gur rud an-cool go deo í [an Ghaeilge] le fírinne.”

Mhínigh Móglaí Bap do Rolling Stone go raibh a thuismitheoirí i measc bhunaitheoirí ceann de na chéad ghaelscoileanna i mBéal Feirste. “Go bunúsach is muid an chéad ghlúin daoine óga a raibh an deis againn scolaíocht a fháil trí Ghaeilge, matamaitic a dhéanamh i nGaeilge, eolaíocht a dhéanamh i nGaeilge — na rudaí seo go léir a bhfuil sé de cheart againn iad a dhéanamh.

“Agus ansin, nuair a d’fhágamar an scoil, ní rabhamar ag iarraidh labhairt faoin matamaitic agus faoin eolaíocht níos mó. Theastaigh uainn a bheith ag cóisireacht agus ag tógáil drugaí agus ag labhairt as Gaeilge.”

Dúirt Móglaí Bap go ndéanann Kneecap iarracht seanfhocail Ghaeilge a thabhairt ar ais agus úsáid eile a bhaint astu. D’fhéadfaidís, mar shampla, a dúirt sé, dúid, an seanfhocal ar phíopa cailce, a úsáid in áit ‘joint’ an Bhéarla, nó ‘snaois’ [bhán] a thabhairt ar chócaon.

“Is breá linn meascán mearaí a dhéanamh. Ní bhíonn aon chúig abairt againn nach mbíonn ar a laghad focal amháin Gaeilge nó focal amháin Béarla ann – ar mhaithe le mearbhall a chur ar dhaoine.”

Dúirt Móglaí Bap gur faoiseamh mór do dhaoine a bhí sa phróiseas síochána agus gur chun leas na Gaeilge an tsíocháin.

“Ba mhór an faoiseamh do go leor teaghlach é nach raibh síor-eagla orthu roimh an fhoréigean.

“Agus bhí deis ag daoine pobal na Gaeilge a chothú arís. A bhuíochas den tsíocháin, is féidir linn díriú anois ar an chultúr, ar an cheol agus a leithéidí.”

Deir Rolling Stone go bhfuil moladh go leor faighte ag Kneecap ag baile agus go leor conspóide tarraingthe acu chomh maith mar gheall ar fhaobhar na haoire in gcuid ceoil, ceol, a deir an iris, a chuirfeadh na Beastie Boys i gcuimhne duit dá mba “náisiúnaithe lán scléipe” iad na Beastie Boys.

“Dá mbuailfeá isteach go dtí an Bowery Ballroom i Nua-Eabhrac níos luaithe an mhí seo, seans go mbeadh na céadta lucht leanúna clampracha le feiceáil agat agus iad ag rapáil as Gaeilge,” a deir Rolling Stone.

Deir lucht na hirise go mbaineann Kneecap úsáid as liricí i nGaeilge chun chúrsaí polaitíochta agus cúrsaí ragairne a phlé.

Fág freagra ar '‘Is iontach a bheith i lár Mheiriceá agus daoine ag ceol ar ais leat i nGaeilge’ – Kneecap ar ‘Rolling Stone’'

  • Aodán de Barra

    Bhí mé ag na ceolchoirmeacha i mBoston agus Nua Eabhrac. Rinn na leaids an-jab leis an slua mhór a thainig isteach, eadar na daoine a rabh gaeilge mhaith acu agus na tosnaitheóirí nach rabh móran acu – bhain a huile duine an sult as.